Dá mba thír ollsmachtach í an Bhreatain Mhór, thuigfí do pholasaithe na dTóraithe

Déanann an Rialtas Coimeádach gaisce go bhfuil an Bhreatain ar cheann de na tíortha is sibhialta ar domhan ach ní aithneofá ar a bpolasaithe é

George Osbourne. Pictiúr: Michele Limina
George Osbourne. Pictiúr: Michele Limina

Liúntas leanaí teoranta do bheirt pháiste, ollscolaíocht ceilte ar na boicht mar go bhfuil deireadh le deontais chothaithe. Deireadh le tithíocht phoiblí do dhaoine idir 18 agus 21 bliain d’aois. Dá mba thír ollsmachtach é, déarfaí gur polasaithe in aghaidh an ródhaonra a theacht chun cinn agus in aghaidh chearta daonna a bhí i gceist.

Ba é Seansailéir an Státchiste sa Ríocht Aontaithe, George Osborne, a d’fhógair na beartais seo, áfach. Ball é de Rialtas Coimeádach a dhéanann gaisce go bhfuil an Bhreatain ar cheann de na tíortha is sibhialta ar domhan. Ball é de Rialtas atá freagrach as na polasaithe frith-óige, frith-bhoicht atá á bhfógairt go tiubh ó tháinig na Tóraithe ar ais i gcumhacht, astu féin den chéad uair le hocht mbliana déag. Anuas ar an £12 billiún de chiorruithe leasa shóisialaigh a rinne an Seansailéir, tá coigilt suas le 40% sa bhreis á éileamh aige ar ranna rialtais.

Tá ciallachais thromchúiseacha ag cur chuige Osborne do na milliúin, ach is treise fós an tionchar i dTuaisceart Éireann, áit a bhfuil bearna £600 milliún sa bhuiséad cheana féin toisc nár cuireadh na ciorruithe leasa shóisialaigh a ritheadh faoin rialtas deiridh i bhfeidhm.

Bhí cruinniú ‘teasaí’ ag Sinn Féin leis an bPríomh-Aire David Cameron i Westminster an tseachtain seo faoina leagan amach i leith na déine. Níor athraigh ceachtar dream a bport, Sinn Féin ag rá nach gcuirfeadh siadsan ciorruithe na dTóraithe i bhfeidhm agus an Príomh-Aire meáite nach gcuirfí le hacmhainní Stormont.

Mhaígh an DUP gur dócha go dteipfeadh ar Stormont sa bhfómhar mura dtiocfaí ar réiteach idir na páirtithe faoi na ciorruithe leasa shóisialaigh gan mhoill. Dá dtarlódh sé sin, bheadh deireadh le smacht logánta ar an mbuiséad, fiú más teoranta an smacht cheana féin.

Faoin riail dhíreach ó Westminster, is é is dóichí ná go gcuirfí na seanchiorruithe agus na cinn nua ar fad i bhfeidhm abhus, gan fiú an faoiseamh a bhí in ainm is a bheith aontaithe i gComhaontú Theach Stormont faoi Nollaig seo caite.

Thug an tIar-Aire Caomhach Edwina Currie léiriú soiléir ar chur chuige na dTóraithe ar chlár raidio i mBéal Feirste le gairid is í i mbun díospóireachta le ceardchumannach. “Sinne a bhuaigh an toghchán, sibhse a chaill é”, ar sí; “cuir sin faoi d’fhiacail agus cangail é”.

Mhairi Black
Mhairi Black

Ní raibh blas náire ar Chaomhaigh i dTeach na dTeachtaí nuair a dúirt an Feisire ón SNP, Mhairi Black ina céad óráid gurb í an t-aon duine dá haois (tá sí 20 bliain) a bhí i dteideal deontas tithíochta ón Seansailéir mar gur feisire í. Níl a leithéid le fáil ag na boicht ná ag daoine gan dídean san aoisghrúpa idir 18 agus 21 faoin rialtas reatha.

Anuas air sin, dhearbhaigh Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Theresa Villiers, nach gcuirfeadh sí comhchainteanna nua ar bun chun déileáil leis an ngéarchéim i Stormont. Ba cheart do na pairtithe labhairt le chéile agus comhaontú Theach Stormont a chur i bhfeidhm, a dúirt sí. Tá cos i dtaca ag na Tóraithe, iad gan srian ó phairtnéir comhrialtais ná ó fhreasúra láidir. Tá cinneadh mór le déanamh ag na páirtithe – go háirithe Sinn Fein, SDLP agus an Comhaontas Glas – faoi vótáil i gcoinne na gciorruithe leasa shóisialaigh. Rogha an dá dhíogha atá acu. Ní mór dóibh uilig cinneadh a dhéanamh arbh fhearr glacadh lena bhfuil ar fáil go logánta, le mionleasuithe b’fhéidir, nó bail níos measa fós a fhágáil ar dhaoine bochta faoin riail dhíreach.

Fág freagra ar 'Dá mba thír ollsmachtach í an Bhreatain Mhór, thuigfí do pholasaithe na dTóraithe'

  • Fearn

    Tá Cogadh in aghaidh na Bocht faoi lántseol ag na Tóraithe in éineacht le sotal mar a lig Curry amach.