Agus dá mb’fhuarú, seachas téamh, an toradh a bheadh ar an athrú aeráide sna bólaí seo? Teocht mheánach -5 chéim i mí Feabhra mar shampla, agus stoirmeacha nach bhfacthas a leithéid riamh lena chois?
Sin é go díreach a tharlódh dá dtiocfadh deireadh le hImshruthú Iompaithe an Uisce feadh an Atlantaigh, nó AMOC, mar is fearr aithne air.
Tá AMOC ar cheann de na príomhchórais a rialaíonn aeráid an domhain. Ní hionann é go díreach agus Sruth na Murascaille; má thuigeann an Saoithín Aeráide i gceart é, cuid de mhórchóras AMOC atá sa Sruth céanna.
Tá rabhadh á thabhairt ag an aigéaneolaí agus eolaí aeráide aitheanta ón nGearmáin, Stefan Rahmstorf ó Ollscoil Potsdam (agus ní aige sin amháin) go bhfuil an seans go dtitfidh an tóin as córas aeráide AMOC i bhfad níos mó ná mar a ceapadh go dtí seo. Ní hamháin sin, ach go bhféadfadh an tóin titim as níos luaithe ná mar a ceapadh, agus, fiú amháin, go bhféadfadh sé a bheith ag tarlú cheana féin.
Rinne an tOllamh Rahmstorf staidéar ar AMOC ar feadh breis agus 30 bliain. Ní raibh i léacht a thug sé faoin ábhar céanna ag comhdháil i gcathair Vilnias na Liotuáine le deireanas ach rud beag le cois 30 nóiméad, agus tá físeán den léacht sin ar fáil anseo.
Ní maith leis an Saoithín Aeráide féachaint ar fhíseáin dá leithéid. Cuireann siad drochspionn agus éadóchas air. Ach mhothaigh sé go raibh dualgas air breathnú ar an gceann sin, díreach toisc go n-iompaíonn a bhfuil á thuar ag Rahmstorf an gnáthrud a shamhlaimid le téamh an domhain – teocht níos airde ar fud an phláinéid – bunoscionn.
Is é an chaoi go bhfuil cónaí orainne, in iarthuaisceart na hEorpa, i réigiún fíoreisceachtúil ó thaobh na haeráide de. Cuir ceist ar mhuintir Chorcaí agus Chiarraí, a n-éiríonn leo pailmeacha agus plandaí trópaiceacha eile a fhás ina gcuid gairdíní.
Ach má thagann an tuar faoi thairngreacht an Ollaimh Rahmstorf, ní bheidh ar a gcumas mórán seachas na barra a fhástar san Íoslainn anois a fhás amach anseo, toisc gur aeráid cosúil leis an aeráid atá san Íoslainn anois a bheadh i réim in Éirinn agus sa Bhreatain dá dtitfeadh an tóin as Sruth na Murascaille.
Níl spás sa cholún seo chun an mheicníocht taobh thiar den chóras aeráide is cúis le Sruth na Murascaille a mhíniú (míníonn an tOllamh Rahmstorf go breá é san fhíseán thuasluaite) ach go bunúsach: má thagann deireadh le Sruth na Murascaille, a thugann uisce te ón Mhuir Chairib go cóstaí thiar na hEorpa, beidh sé chomh fuar céanna in Éirinn agus a bhíonn sé i dTalamh an Éisc nó in áiteanna eile ar an domhanleithead céanna, toisc gur mó i bhfad an fuarú a tharlódh de bharr deireadh a theacht le Sruth na Murascaille ná an t-ardú teochta a tharlódh de bharr téamh an domhain i gcoitinne.
Ar an drochuair, ní hé sin an t-aon toradh amháin a bheadh ar dheireadh a theacht le AMOC.
Ardú mór ar an teocht i lár, in oirthear agus i ndeisceart na hEorpa a tharlódh dá bharr, agus spéirlingí nach bhfacthas a leithéid riamh in Éirinn, sa Bhreatain, agus in iarthuaisceart na mór-roinne.
Go dtí seo, toisc go raibh difear idir na samhaltuithe tuartha aeráide agus a bhfuil ag tarlú san fhíorshaol, bhí mórchuid eolaithe aeráide den tuairim nach dtiocfadh deireadh le AMOC go dtí tar éis na bliana 2100 dá leanfadh muid orainn ag téamh an domhain mar atá. Ach míníonn an tOllamh Rahmstorf go bhfuil fianaise ann ó íomhánna satailíte agus ó fhoinsí eile a léiríonn go bhfuil córas AMOC ag lagú cheana féin le scór bliain anuas, go bhféadfaimis a bheith ag druidim le huair na cinniúna, nó go deimhin go bhféadfaimis a bheith imithe thar ‘phointe claochlaithe’ cheana féin i ngan fhios dúinn toisc nach léir an tionchar san fhíorshaol ar an bpointe boise.
An rud faoi phointí claochlaithe ná nach mbíonn aon dul siar ann. I gcás córas AMOC agus Sruth na Murascaille, má thiteann an tóin astu, d’fhéadfadh míle bliain dul thart sula dtiocfaidís ar ais – má thagann.
Cúis bhreise le dlús a chur leis na srianta ar astuithe CO2, a deir an Saoithín Aeráide.
Kerry Blue
Scanrúil!