Dá dhonacht an scéal ó dheas tá an córas sláinte ó thuaidh i ladhar an chasúir

Iarrfar ar na hairí sa bhFeidhmeannas in Stormont inniu teastas nó pas vacsaínithe éigeantach a thabhairt isteach

Dá dhonacht an scéal ó dheas tá an córas sláinte ó thuaidh i ladhar an chasúir

Bhí ionadaithe na ndochtúirí agus na n-altraí ag tabhairt foláirimh le seachtain anuas gur ghearr uainn an ghéarchéim a fhágfadh nach mbeadh an córas sláinte in ann freastal ar an éileamh. Oíche Dé Domhnaigh seo caite tháinig an tuar faoin tairngreacht in ospidéal Craigavon, ceann d’ospidéil mhóra Thuaisceart Éireann. B’éigean otharchairr a chur ar mhalairt treo chuig ospidéil eile a bhí faoi bhrú ach nach raibh an scéal chomh holc iontu.

Inniu, Dé Céadaoin, iarrfar ar na hAirí sa bhFeidhmeannas in Stormont teastas nó pas vacsaínithe éigeantach a thabhairt isteach chun a dhul i ngleic le scaipeadh an víris Covid-19. Tá a phort athraithe ag Robin Swann, an tAire Sláinte, i bhfianaise na contúirte go dteipfeadh ar an gcóras sláinte. Is mithid srianta éifeachtacha le feidhm reachtúil a ordú agus a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm iad ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de go ndéanfar cinneadh go haibéil.

Is léir go bhfuil an ráig is deireanaí den víreas ag réabadh tríd an bpobal ar fud an oileáin ar fad agus ospidéil ar dhá thaobh na teorann faoi bhrú. Dá dhonacht an scéal ó dheas tá an córas sláinte ó thuaidh i ladhar an chasúir. Bhí éileamh thar a gcumas ar gach ospidéal ag deireadh na seachtaine. Nuair a rinne Craigavon an cinneadh nárbh fhéidir glacadh le hotharcharr ar bith eile bhí 108 othar sa rannóg timpistí agus éigeandála ansin agus leapacha de dhíth ar 32 acu sin. Ní raibh ach trí leaba saor.

Athosclaíodh gnóthaí fáilteachais agus tionscal na siamsaíochta beagán le cois trí seachtaine ó shin gan srianta. Ba é an cinneadh sin ba chúis leis na foláirimh ó lucht leighis. Dhiúltaigh Stormont ordú a eisiúint go gcaithfeadh teastas vacsaínithe a bheith ag custaiméir i dteach tábhairne, bialann, ag coirm cheoil nó teacht le chéile ar bith eile.

Bhí an SDLP ag éileamh le tamall go mbeadh an teastas nó an pas vacsaínithe éigeantach. Thacaigh Alliance leo sa bhFeidhmeannas. Ceapadh go nglacfadh Sinn Féin leis agus dúirt Michelle O’Neill an tseachtain seo go bhfáilteodh sí roimh bheartais a chinnteodh go seachnófaí dianghlasáil eile.

Trí seachtaine ó shin dúirt an tAire Sláinte Robin Swann, UUP, gur bheart é nach raibh curtha as an áireamh ach nár theastaigh sin uaidh ag an am.

Tamall ina dhiaidh sin sheol a roinn aip a d’fhéadfaí a úsáid – go deonach – chun taifead vacsaínithe a sheiceáil. Ó mo thaithí féin agus bunaithe ar thuairiscí daoine eile is annamh a rinneadh seiceáil dá leithéid. Díol suntais ab ea é le cúpla seachtain go raibh i bhfad níos mó daoine ag imeacht thart gan masc agus gur beag aird a bhí ar an scaradh sóisialta.

Bhí an DUP dubh dóite i gcoinne shrianta breise. Fiú i ndiaidh na géarchéime ag deireadh na seachtaine dúirt Edwin Poots nár theastaigh pasanna éigeantacha uathu, seasamh a bhfuil breis is leath de lucht tacaíochta an DUP ag aontú leis, de réir pobalbhreithe nua. Mhaígh cuid acu gur léir ó líon na gcásanna Covid-19 sa Phoblacht gur shaothar in aisce ab ea an teastas vacsaínithe éigeantach.

De réir suirbhé a rinne Lucid Talk don Belfast Telegraph, bhí móramh den phobal i bhfabhar pas vacsaínithe agus é a bheith éigeantach. D’fháilteodh beirt as gach triúr (65%) roimhe. Ní nach ionadh bhí móramh mór de dhaoine aosta, breis is triúr as gach ceathrar, ag éileamh an teastais. Ní raibh ach leath na ndaoine idir 18-24 ina fhabhar; sin é an grúpa ina bhfuil an líon is mó daoine gan vacsaín. Daoine gan vacsaín iad 40% díobh siúd atá breoite san ospidéal le Covid-19.

Beidh teachtaireacht shoiléir riachtanach ón bhFeidhmeannas. Tá an cás róphráinneach don tarraingt cos is dual do Stormont. Is fada lucht leighis ag casaoid faoi theachtaireachtaí measctha Stormont, iad den bharúil gur chuir an doiléire leis an éiginnteacht faoi shrianta agus an neamhaird a rinneadh orthu.

Is cosúil go dtógfaidh sé trí seachtaine chun bailchríoch a chur ar na rialacha don scéim. Cheistigh roinnt an mhoill agus an fáth nár ullmhaíodh an páipéarachas chun a bheith faoi réir nuair a bheadh gá le bearta nua. Ba léir ó Robin Swann ar an Luan gur theastaigh uaidh gurb é an Feidhmeannas ar fad, seachas a roinn siúd amháin, a dhéanfadh an cinneadh faoi cathain a thabharfaí an pas éigeantach isteach agus cé na hearnálacha ina ndéanfaí é. Is baolach nach mbrostóidh sé sin gníomh.

Fág freagra ar 'Dá dhonacht an scéal ó dheas tá an córas sláinte ó thuaidh i ladhar an chasúir'