Dá bhfaighinn mo shaol ar ais arís ní ólfainn deoch amháin mheisciúil

Cuimhnigh i gcónaí gurb í an chéad ghloine an namhaid is mó ag an dara gloine

Dá bhfaighinn mo shaol ar ais arís ní ólfainn deoch amháin mheisciúil

Is gearr ó rinneadh plé ar an gclár 7 Lá ar TG4 ar chúrsaí ólacháin. Mar dhuine a d’éirigh as an ól scun scan chúig bhliana déag ó shin chuir mé an-suim sa gcomhrá.

Thóg sé chúig bhliana déag agus fiche ormsa teacht ar mo chéill. Dá bhfaighinn mo shaol ar ais aríst ní ólfainn deoch amháin mheisciúil le mo mharthain.

Is mór go deo an dochar a dhéanann alcól in Éirinn. Tá na fíricí ann lena chruthú:

Básaíonn 88 duine in Éirinn chuile mhí mar thoradh díreach air.

Maraíonn sé níos mó ná a mharaíonn na drugaí eile ar fad curtha le chéile. Alcól a ghiorraíonn leis an gceathrú cuid d’fhir óga idir 15 agus 39 bliain d’aois.

Tagann ailse a bhfuil baint ag ólachán léi ar 900 duine in Éirinn chuile bhliain.

Ní fir amháin a bhíonn i gceist: an t-ochtú cuid de na mná a dtagann ailse bhrollaigh orthu bíonn baint ag ól leis.

Leath na ndaoine a chuireann lámh ina mbás féin ólachán a spreagann é.

Tiomáint faoi thionchar an óil is cúis le cuid mhór den sléacht a tharlaíonn ar na bóithre.

An t-ochtú cuid de na daoine a báitear tarlaíonn sé de bharr ól a bheith déanta acu.

Sa mbliain 2011 cuireadh cóir leighis san ionad ae in Ospidéal Naomh Uinseann ar 14,000 duine a bhí tugtha don ól.

Bhí dhá thuairim faoin ól ag Éireannaigh ariamh. Mholadh filí agus lucht déanta amhrán é. Éist leis seo:

Is deas é an t-ól,

Bheir sé spóirt d’fhear gan croí,

Féile don fhear a bhíos crua,

Ciall is stuaim don daoi,

Misneach don fhear a bhíos fann,

Is cé miste dom stad de mo rann,

Cuir chugam an dram anall.

Sea agus é seo:

Nach deas an rud poitín sa tír seo?

D’íocfadh sé cíos go ríbhreá,

Sláinte do dhuine bheadh tinn é,

‘S thógfadh sé intinn a láin.

Nach álainn an rud ag fear siamsa é

 É fáil buidéil de líonta ina lámh?

Go leigheasfadh sé casacht na hoíche,

Is cuisleanna an chroí dhéanfadh slán.

Ar an taobh eile den scéal bhí neart leaganacha cainte ann ag comhairliú do dhaoine an t-ól a sheachaint, nó ar a laghad ar bith gan iomarca a ól.

Is maith deoch bheag ach ní dhéantar deoch mhór gan díobháil a deirtí.

Ní bhíodh aon mheas ar an bpótaire: an fear nach ndéanfadh ach codladh agus ól ní fear ar bith é a chloisfeá.

Tuigeadh gur mhinic a thagadh achrann as ól: fear óltach fear gleo agus nuair a bhíos an braon istigh bíonn an chiall amuigh.

Cén bhrí ach an dochar a dhéanann an t-ól do shaol an teaghlaigh.

Is minic a chasfaí dream suáilceach, siamsúil, spóirtiúil dhuit i dteach tábhairne ach céard faoina gcuid gasúr? An rud a d’ólfadh amadán shásódh sé beirt pháistí; Dónall ar meisce is a bhean ag ól uisce is na páistí ag scréachaíl.

Más duine tú a gcoinneodh súgán sneachta sa teach tábhairne tú déan athmhachnamh in am ar an scéal. Seachain an t-ól sa mbaile freisin aimsir seo na paindéime. 

An té nach n-ólann go hoscailte ólann sé i bhfolach a deirtí.

Cuimhnigh i gcónaí gurb í an chéad ghloine an namhaid is mó ag an dara gloine; má ólann tú ceann ólfaidh tú ceann eile. 

Thairis sin ar fad ná tabhair aird ar bith ar an gcuireadh isteach le haghaidh “ceann amháin”. 

Sin agus an cathú a bhaineann le deoch an dorais.

Fág freagra ar 'Dá bhfaighinn mo shaol ar ais arís ní ólfainn deoch amháin mheisciúil'

  • Poraic o'hEipicín

    Tá an ceart agat, a Sheosamh.

  • Séamas Mac Coitir

    Mo ghraidhin é Seosamh, agus gura maith an mhaise dó gur éirigh sé scun scan as an ólachán. Is uafásach an leannán é má fhaigheann sé greim ar dhuine. Bhí sé ráite riamh teach an tábhairne a sheachaint nó is báirnigh is beatha duit. Is dóigh liom nach bhfuil a léithéid de rud ann agus measarthacht má bhíonn duine i gcomhluadar. An áit a mbíonn toil bíonn bealach, mar sin, is fearr gan é a bhlaiseadh ar chor ar bith. Is cinnte gurb é an chéad deoch a dhéanann an dochar agus an milleantas.

    Tá na fíricí atá tugtha ag Seosamh scanrúil má thugann an t-aos óg aird orthu. Tá an t-alcólachas dulta in ainseal ar mhuintir na hÉireann, agus an tslí ina bhfuil cúrsaí faoi láthair beidh sé ionann is dodhéanta comhairle a leasa a chur orthu. Is gabhlánach casta an fhadhb í agus níl aon chosúlacht ar an scéal gur féidir í a réiteach go luath amach anseo.

  • S. Mac Muirí

    An-alt, bunaithe ar an-áireamh fíricí. An rud ab fhearr a tharla dom féin gur thosaigh mé ag cuidiú le hobair i mbeár óstáin ag 14 bl. d’aois 7 dhá bhliain ina dhiaidh sin gur thit freagracht orm féin nuair a bhí 7 mbainis ann in achar 6 lá san óstán. Dé Luain d’oscail geataí Ifrinn le roinnt an phoitín i seomra de leataobh 7 chuaigh an áit i bfiáin ar feadh an lae ar fad. A ghlanmhalairt a tharla Dé Máirt le togha an cheoil 7 laghad an óil. D’fhoghlaim mé an-cheacht uathu. Nuair a fheicfeas tú daoine áille dea-bhéasacha tiontaithe ina n-ainmhithe in achar uair an chloig, níor mhaith leat aithris a dhéanamh orthu. Tharla a liachtaí uafás ar bhainis an luain is a líonfadh úrscéal fada. B’fhéidir go ndiúgfainn gloine fíona faoi Nollaig ach b’fhearr liom fíonchaora ná an fíon an chuid eile den mbliain.
    Faraor gur loit an deoch mheisciúil an saol ar a lán daoine gnaíúla anuas na blianta.