Cúrsaí Oideas Gael curtha ar ceal

Tá Oideas Gael ag súil a gcúrsaí a thosú arís mí Lúnasa ag brath ar chomhairle na n-údarás sláinte

Cúrsaí Oideas Gael curtha ar ceal

Tá na cúrsaí go léir a bhí beartaithe ag Oideas Gael an samhradh seo curtha ar ceal.

D’fhógair an comhlacht aitheanta a chuireann cúrsaí ar fáil i nGleann Cholm Cille d’fhoghlaimeoirí fásta go raibh na cúrsaí go léir a bhí beartaithe don tréimhse idir an 30 Bealtaine agus an 8 Lúnasa curtha ar ceal.

Dúradh i ráiteas ó Oideas Gael:

“Is trua linn seo ach is í sláinte an phobail, mar aon le sláinte ár gcuid rannpháirtithe agus teagascóirí, is tábhachtaí i láthair na huaire. Ba mhian linn go rachadh ár gcuid cúrsaí ar aghaidh ón 8 Lúnasa agus déanfar athbhreithniú ar an scéal i bhfianaise threoracha an Rialtais.”

Beidh ranganna ar líne á reáchtáil ag Oideas Gael ó dheireadh na míosa seo, ranganna a bheidh á dteagasc ag múinteoirí Oideas Gael.

Fág freagra ar 'Cúrsaí Oideas Gael curtha ar ceal'