Cúrsaí ar líne curtha as an áireamh ag an Aire Oideachais agus ábhair oidí fillte ar an nGaeltacht

D’fhill ábhair oidí ar choláistí Gaeilge ar fud na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo den chéad uair le breis is dhá bhliain ach tá imní ann go fóill maidir le scaipeadh an víris

Cúrsaí ar líne curtha as an áireamh ag an Aire Oideachais agus ábhair oidí fillte ar an nGaeltacht

Tá sé deimhnithe ag an Aire Oideachais go mbeidh na hábhair oidí ag freastal ar choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht an mhí seo agus nach mbeidh na cúrsaí á reáchtáil ar líne, in ainneoin cásanna den Covid-19 a bheith fairsing sa phobal.

Dúirt an tAire Norma Foley “nach bhfuil aon chomhairle sláinte phoiblí ann a chuirfeadh cosc ar chúrsaí Gaeilge a reáchtáil”.

D’fhill ábhair oidí ar choláistí Gaeilge ar fud na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo den chéad uair le breis is dhá bhliain mar chuid den ‘Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht’ agus beidh tuilleadh mac léinn ag freastal ar chúrsaí níos deireanaí an mhí seo.

Bhí amhras agus imní ann maidir le reáchtáil na gcúrsaí le roinnt seachtainí anuas de bharr líon mór cásanna Covid-19 a bheith á ndeimhniú.

Bhí lucht na gcoláistí, mná tí agus polaiteoirí ag lorg soiléiriú faoin scéal agus tuairim ann go gcaithfí na cúrsaí a reáchtáil ar líne, mar a bhí déanta ó thús na paindéime.

Tá ráite ag an Aire Oideachais sa Dáil, áfach, go rachaidh na cúrsaí ar aghaidh mar is gnáth agus na mic léinn ag caitheamh coicíse ag foghlaim sa Ghaeltacht.

“Bhí roinnt cruinnithe ag mo Roinn leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, An Chomhairle Mhúinteoireachta, ionadaithe ó na hInstitiúidí Ardoideachais agus CONCOS le roinnt laethanta anuas agus is í comhsprioc na bpáirtithe leasmhara ar fad go fóill ná go bhfreastalóidh na hábhair oidí ar an Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht mar is gnáth an Cháisc seo,” a dúirt an tAire Foley.

Mar fhreagra ar cheist Dála ón Teachta Peter Burke, dúirt an tAire “nach bhfuil aon chomhairle sláinte phoiblí ann a chuirfeadh cosc ar reáchtáil na gcúrsaí Gaeilge”.

Agus é ag labhairt ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le deireanaí, dúirt bainisteoir Choláistí Chorca Dhuibhne, Páidí Ó Sé, nach mbeadh cead ag na coláistí Gaeltachta na cúrsaí a reáchtáil ar líne, fiú da mba sin a bheadh uathu, toisc gur imigh an cead sin nuair a scaoil an Rialtas le formhór na srianta sláinte.

Dúirt Ó Sé go mbeadh srianta breise curtha i bhfeidhm ag Coláistí Chorca Dhuibhne chun iarracht a dhéanamh cásanna den víreas a sheachaint. Mhínigh sé go raibh iarrtha ar na mic léinn teastas a fháil roimh teacht ar an gcúrsa ag deimhniú nach raibh an víreas orthu, tuilleadh tástálacha antaigine a dhéanamh le linn an chúrsa coicíse agus masc a chaitheamh aon uair go mbeadh siad faoi dhíon.

Is é seo an chéad uair ó thús na paindéime i mí Márta 2020 go mbeidh scoláirí ar ais sa Ghaeltacht ag freastal ar chúrsaí Gaeilge.

Bhí na hábhair oidí le freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht ag tús mhí Eanáir ach b’éigean cinneadh a dhéanamh aimsir na Nollag iad a athrú agus an teagasc a dhéanamh ar líne toisc go raibh ardú tagtha ar líon na gcásanna Covid-19 sa tír.

De ghnáth bíonn ar ábhair oidí dhá thréimhse coicíse a chaitheamh sa Ghaeltacht chun go mbeadh aitheantas mar mhúinteoirí bunscoile acu ón gComhairle Múinteoireachta ag deireadh a gcúrsa ceithre bliana.

Léiríodh imní cheana faoin tionchar a bheadh ag na cúrsaí ar líne ar thaithí foghlama na n-ábhar oidí.

Fág freagra ar 'Cúrsaí ar líne curtha as an áireamh ag an Aire Oideachais agus ábhair oidí fillte ar an nGaeltacht'