Cúrsa scannánaíochta do dhéagóirí á reáchtáil i gConamara

Cúrsa cúig lá é ‘Claochlú’, a bheas á reáchtáil san ionad cultúrtha Stiúideo CUAN ar an Spidéal i gConamara an mhí seo

Cúrsa scannánaíochta do dhéagóirí á reáchtáil i gConamara

Tá cúrsa scannánaíochta trí Ghaeilge á reáchtáil i gConamara an mhí seo agus fáilte roimh dhéagóirí atá ag iarraidh a gcuid scileanna scannánaíochta a fhorbairt a bheith páirteach ann.

Cúrsa cúig lá é ‘Claochlú’, a bheas á reáchtáil san ionad cultúrtha Stiúideo CUAN sa Spidéal idir an 8- 12 Lúnasa.

Is é Darach Mac Con Iomaire, stiúrthóir ealaíne CUAN, atá i mbun an chúrsa, a bhfuil mar aidhm aige scileanna nua a mhúineadh do dhaoine óga agus spreagadh a thabhairt dóibh i mbun na scannánaíochta.

Beidh ceardlanna praiticiúla i gcúrsaí ceamaradóireachta, eagarthóireachta, aisteoireachta, scríbhneoireachta agus stiúrthóireachta a reáchtáil le linn an chúrsa chomh maith le neart imeachtaí siamsaíochta.

Beidh cúigear aisteoirí gairmiúla i mbun an chúrsa: Catherine Denning, Paul D’Eath, Mali Uí Chlochartaigh, Simon Boyle agus Darach Mac Con Iomaire.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Darach Mac Con Iomaire, stiúrthóir Stiúideo CUAN, gur “deis iontach” atá sa chúrsa do dhéagóirí óga foghlaim faoi cheird na scannánaíochta agus scileanna praiticiúla a thabhairt leo.

“Deis iontach atá sa champa seo do dhéagóirí taithí a fháil ar cheird na scannánaíochta, i bhfóram taitneamhach, spreagúil ina mbeidh béim ar leith á cur ar chruthaitheacht a chumasú agus glór an duine óg a chur chun cinn.

“Tá ríméad ar Stiúideo Cuan go bhfuil scoth na n-áisitheoirí bailithe le chéile againn don champa seo a chinnteoidh go mbeidh spraoi agus tairbhe le baint ag na rannpháirtithe uilig as an tseachtain chruthaitheach seo,” a dúirt Mac Con Iomaire.

Tá spás ar an chúrsa do 24 duine agus is féidir clárú dó anseo. Níl aon chostas i gceist.

Fág freagra ar 'Cúrsa scannánaíochta do dhéagóirí á reáchtáil i gConamara'

  • Teada Kearns

    An bhfuil tú inann mé a chuir ar an teolas nuair ata cursa eile air siúl
    Grma