Reáchtálfar cúrsa oiliúna CLG i nGaeilge do bhunmhúinteoirí sa Ghaeltacht an samhradh seo.
Is i gColáiste Cholmcille in Indreabhán i gcontae na Gaillimhe a bheidh an cúrsa cúig lá ar siúl idir 1-5 Iúil.
Reáchtáladh an Cúrsa Samhraidh CLG do Bhunmhúinteoirí den chéad uair anuraidh agus beidh áit do 25 bunmhúinteoir ar chúrsa na bliana seo.
Obair phraiticiúil den chuid is mó a bheidh i gceist ar an gcúrsa agus é mar aidhm ag na hoiliúnaithe cur le scileanna na múinteoirí ó thaobh na hoideolaíochta, an teagaisc agus na bainistíochta.
Beidh an cúrsa faoi stiúir chóitseálaithe Chumann Lúthchleas Gael agus é dírithe ar an bpeil, an iománaíocht, peil na mban, an chamógaíocht, liathróid láimhe agus an cluiche corr.
Tá an cúrsa á eagrú faoi théarmaí tagartha na Roinne Oideachais agus Scileanna agus beidh laethanta cúrsa EPV le fáil ach an cúrsa a chríochnú. Táille €50 a bheidh ar an gcúrsa agus cuirfear tae, caife agus torthaí ar fáil dóibh siúd a dhéanfaidh freastal air.
cuirfear tae, caife agus torthaí ar fáil do na hoidí lena linn.
Le hiarratas a dhéanamh ar an gcúrsa, ní mór foirm iontrála a sheoladh chuig Ionad Oideachais na Gaillimhe roimh an Mháirt, 18 Meitheamh.
Is féidir tuilleadh eolais agus foirm a íoslódáil ag an nasc seo a leanas nó glaoch ar 091 745600.
Maura Murphy
A chara,
Ba mhaith liom áit a ghlacadh ar an gcúrsa ‘Óiliúimt Phraitiúil ar na Cluichí faoi stiúir chóitseálaithe CLG más rud é go bhfuil áit fágaithe ann.
Mise le Meas
Maura Murphy