Cúram gan bhuíochas leagtha ar Trevor Ringland

Admháil go bhfuil teipthe ar bholscaireacht rialtas na Breataine i Meiriceá atá i gceapachán toscaire

Cúram gan bhuíochas leagtha ar Trevor Ringland

Bhain Státrúnaí Thuaisceart Éireann geit as daoine ar an Domhnach nuair a cheap sé  toscaire speisialta go Meiriceá. Fear ionraic, gníomhaí ar mhaithe leis an athmhuintearas is ea an t-iar-imreoir rugbaí Trevor Ringland ach b’údar iontais é an ceapachán a tharraing roinnt cainte.

Toscaire “faoi” Thuaisceart Éireann thar ceann rialtas na Breataine a bheidh ann. Iarchathaoirleach ar na Caomhaigh abhus is ea Ringland a chuaigh isteach sa pháirtí sin nuair a d’fhág sé an UUP, páirtí a raibh sé mar iarrthóir dó sa toghchán Parlaiminte in 2010. D’éirigh sé as an UUP toisc gur dhiúltaigh ceannaire an pháirtí ag an am, Tom Elliot, freastal ar chluiche de chuid Chumann Lúthchleas Gael. Crann taca ag an spórt trasphobail é Ringland le blianta.

Tháinig an fógra faoi Ringland a bheith roghnaithe mar thoscaire go Meiriceá aniar aduaidh ar Stormont a bhfuil oifig dá chuid féin aige ansin, toscaireacht thar ceann Thuaisceart Éireann. Ar chéad amharc is cosúil gurb é an cúram céanna a bheidh ar Trevor Ringland is atá cheana féin ar ionadaithe an Fheidhmeannais in Washington. Bainfidh cuid dá dhualgais freisin leis an obair a dhéanann Invest NI – an áisíneacht forbartha tionscail.

Beidh sé “freagrach as leas Thuaisceart Éireann a chur chun tosaigh sa rialtas, sa Chomhdháil agus i measc Ghaeil Mheiriceánacha”. Teastaíonn ón rialtas i Londain go gcothóidh sé cumarsáid níos fearr le páirtithe leasmhara i Meiriceá, go spreagfaidh sé infheistíocht isteach agus go neartóidh sé an pháirtneireacht idir an Ríocht Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar mhaithe le seasmhacht agus rath Thuaisceart Éireann. Freagróidh sé don Státrúnaí Brandon Lewis agus don Phríomh-Aire Boris Johnson.

Is maith an margadh do rialtas na Breataine é má éiríonn le Ringland an méid sin a dhéanamh i bpost nach bhfuil teacht isteach ar bith ag dul leis, seachas costais. Leanfaidh sé lena chuid oibre mar dhlíodóir agus déanfaidh sé an gnó i Meiriceá nuair a bheidh deis aige.

D’fháiltigh aontachtaithe roimh an gceapachán ach bhí Sinn Féin ar buile. Dúirt an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill, Sinn Féin, gur shotalach, drochbhéasach an mhaise é do Brandon Lewis an ceapachán a dhéanamh gan a dhul i gcomhairle le Oifig an Fheidhmeannais. Cheistigh go leor cén t-údar a bhí leis an gceapachán i bhfianaise Invest NI, an oifig a bhunaigh an Feidhmeannas ansin agus Ambasadóir na Ríochta Aontaithe gona fhoireann mhór a bheith in Washington cheana féin. Ní haon ribín réidh a bheidh ann a chinntiú nach mbeidh obair Trevor Ringland ag teacht salach ar shaothar na bhfeidhmeannach a ghníomhaíonn thar ceann Stormont.

Céard é go díreach a theastaíonn óna mhaistrí Brandon Lewis agus Boris Johnson? Bhí leide i dtuairisc a bhí san nuachtán is ansa le Johnson, an Telegraph i mí an Mhárta. Thuairisc Harry Yorke, eagarthóir an pháipéir in Whitehall, go raibh Brandon Lewis ag cur brú ar Ambasadóir na Ríochta in Washington chun cur i gcoinne na bolscaireachta in éadan an Bhreatimeachta.

San alt dar teideal ‘UK Moves to keep US onside over N Ireland’ dúradh go raibh an Státrúnaí, le tacaíocht ón Tiarna Frost, an tAire Breatimeachta, chun ionadaí speisialta a sheoladh go Meiriceá. A ghnó? An bonn a bhaint d’insint na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh ar pholasaí na Breataine i dTuaisceart Éireann i dtaca leis an mBreatimeacht, an Prótacal agus Comhaontú Aoine an Chéasta.

Is léir go n-airíonn an rialtas go bhfuil teipthe ar a theachtaireacht agus go bhfuil an ceann is fearr faighte orthu ag rialtas na hÉireann agus ag an Bhruiséil.

Bhí sé sin soiléir le fada ó ráitis an Uachtaráin Biden, Nancy Pelosi, Richard Neal agus go leor ionadaithe eile ón dá thaobh in Washington.

Is cosúil gur cath bolscaireachta atá le fearadh ag Ringland seachas a bheith i mbun na hoibre céanna atá idir lámha ag daoine eile cheana. Dúirt sé go raibh sé ag dréim leis an obair ach seans gur cúram gan bhuíochas é.

 

Fág freagra ar 'Cúram gan bhuíochas leagtha ar Trevor Ringland'