Curaclam nua teanga ‘a chothóidh grá’ d’fhoghlaim na Gaeilge á thabhairt isteach i ngach rang sa tír

Tá curaclam teanga comhtháite do mhúineadh an Bhéarla agus na Gaeilge seolta ag an Aire Oideachais Joe McHugh

Curaclam nua teanga ‘a chothóidh grá’ d’fhoghlaim na Gaeilge á thabhairt isteach i ngach rang sa tír

Tá athrú mór le déanamh ar an tslí a mhúintear an Ghaeilge agus an Béarla i ngach bunscoil sa tír agus Curaclam Teanga na Bunscoile seolta ag an Aire Oideachais.

Tá an curaclam nua á thabhairt isteach do gach páiste i ngach rang i ngach cineál scoile sa stát, idir scoileanna Béarla, Gaelscoileanna, scoileanna Gaeltachta agus scoileanna speisialta.

Bhí curaclam teanga comhtháite don Bhéarla agus don Ghaeilge i bhfeidhm le trí bliana anuas ó na naíonáin bheaga go dtí rang a dó ach tá leagan leasaithe den churaclam sin á thabhairt isteach anois i ngach scoil.

Beidh cead ag scoileanna dúnadh ar feadh lá amháin roimh dheireadh an téarma seo chun deis a thabhairt do mhúinteoirí freastal ar chúrsaí inseirbhíse faoin gcuraclam nua agus beidh roinnt leathlaethanta i gceist an bhliain seo chugainn.

Chuir Príomhfheidhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin fáilte mhór roimh sheoladh an churaclaim nua.

“Is chun leas na Gaeilge a bheidh sé seo agus cuirfidh sé feabhas ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge agus ar theagasc agus ar fhoghlaim an Bhéarla inár scoileanna,” arsa Muireann Ní Mhóráin.

Dúirt Príomhfheidhmeannach COGG go raibh an cur chuige nua ag teacht leis an saineolas sa réimse seo.

Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh go gcothódh an cur chuige nua “grá d’fhoghlaim teangacha”.

Is é atá i gceist leis an gcuraclam teanga ná curaclam trína mhúintear struchtúir agus scileanna na Gaeilge agus an Bhéarla le chéile san áit gur amhlaidh iad. Beidh an t-aistriú scileanna seo ar bun sa seomra ranga i gcás labhairt, léamh agus scríobh.

Tá dhá leagan den churaclam ann, ceann don dalta a bhfuil an Ghaeilge mar T1 aige, nó mar chéad teanga. Tá an leagan sin den churaclam dírithe ar scoileanna Gaeltachta agus lán- Ghaeilge. Tá an leagan eile do dhaltaí a bhfuil an Béarla mar T1 acu agus iad ag freastal ar scoil arb é an Béarla an meán teagaisc inti. 

Is iad na spriocanna agus na torthaí foghlama céanna atá leagtha síos do chainteoirí dúchais an Bhéarla agus na Gaeilge.

Dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh gur “forbairt iontach” a bhí sa churaclam comhtháite nua. 

“Is fusa do dhaoine foghlaim nuair atá an t-ábhar tarraingteach agus ábhartha agus nuair a bhaintear taitneamh as na modhanna foghlama. Sa churaclam nua, aithnítear go bhfuil múinteoirí ina ngairmithe oilte a dhéanann cinntí tábhachtacha faoi fhoghlaim agus teagasc.

“Ag an am céanna, soláthraítear leis an gcuraclam na huirlisí agus an tacaíocht a theastaíonn ó leanaí chun a chinntiú go mbeidh siad in ann fás agus forbairt agus go mbeidh siad ullmhaithe don chéad chéim eile dá gcuid oideachais agus don saol ina dhiaidh sin,” arsa an tAire Oideachais Joe McHugh.

Fág freagra ar 'Curaclam nua teanga ‘a chothóidh grá’ d’fhoghlaim na Gaeilge á thabhairt isteach i ngach rang sa tír'