Cur síos déanta ag dochtúir agus Gaeilgeoir ar an obair ‘dhúshlánach’ i gceann de na hospidéil is clúití ar domhan

Labhair Caoilfhionn Ní Chonghaile atá ag obair san aonad dianchúraim in Ospidéal Ollscoil Johns Hopkins i Maryland i Stáit Aontaithe Mheiriceá leis an gclár An Saol Ó Dheas ar RnaG inniu

Cur síos déanta ag dochtúir agus Gaeilgeoir ar an obair ‘dhúshlánach’ i gceann de na hospidéil is clúití ar domhan

Caoilfhionn Ní Chonghaile. Pictiúr: Helen Ní Shé/Twitter

Tá cur síos déanta ag dochtúir leighis a bhfuil ceangal aici le Gaeltacht Chorca Dhuibhne ar an obair atá á déanamh aici in Ospidéal Ollscoil Johns Hopkins, ceann de na hospidéil is clúití ar domhan, agus áit atá go mór i mbéal an phobail le linn na géarchéime Covid-19.

Cuireadh Caoilfhionn Ní Chonghaile faoi agallamh ar an gclár irise An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna faoin obair atá ar bun aici in aonad dianchúraim an ospidéil in Baltimore sna Stáit Aontaithe, mar a bhfuil sí féin agus a comhghleacaithe ag iarraidh dul i ngleic leis an gcoróinvíreas sa tír is measa atá buailte aige.

“Táim i lár an aonaigh anseo,” a deir Ní Chonghaile, ar tógadh i Maigh Eo í ach a bhfuil gaolta aici i gCathair Scoilbín in Iarthar Duibhneach.

“Táim ag tabhairt aire d’othair le Covid le ceithre seachtaine anuas. Tá cúpla lá saor agam anois ach beidh mé ag tosnú ar ais arís san aonad dianchúraim ag deireadh na seachtaine.”

Obair “thuirsiúil, dhúshlánach” atá ann a bheith ag tabhairt aire do dhaoine atá buailte go dona ag an víreas. Deir sí go bhfuil an t-ádh leo san ospidéal go bhfuil dóthain PPE (trealamh cosanta pearsanta) acu, ach go bhfuil an trealamh atá acu míchompordach.

“Tá sé an-mhíchompordach agus seans go bhfuil na pictiúir feicthe agat do na marcanna a fhágann sé ar aghaidh na ndaoine nuair a bhíonn siad á chaitheamh,” a deir an dochtúir.

“Rud eile ná go mbíonn sé an-the taobh istigh dó agus bheadh tú ag sileadh allais agus bheadh boladh uait ag deireadh an lae ach tá sé an-thábhachtach muid féin a chosaint chomh maith. I gcónaí ar chúl do chinn, bheifeá ag cuimhneamh go m’bfhéidir go mbéarfaí ort féin.”

Mar sin féin, deir Ní Chonghaile go dtaitníonn an obair go mór léi agus go dtugtar ardú croí do gach duine atá ag obair san ospidéal aon uair a thagann biseach ar othair a bhí buailte ag Covid-19.

Tá cáil ar fud an domhain ar Ospidéal Ollscoil Johns Hopkins as an taighde a dhéantar ann. Deir Ní Chonghaile go n-infheistítear breis agus $175 milliún i gcúrsaí taighde san ospidéal gach bliain agus go bhfuil siad ag díriú faoi láthair ar an gcoróinvíreas agus iad sa tóir ar leigheas.

“Tá grúpaí anseo ag iarraidh tuiscint níos mó a fháil ar an víreas agus conas gur féidir linn é a shárú. Tá muid ag iarraidh fáil amach cén fáth go bhfaigheann daoine áirithe níos breoite ná daoine eile? Cad iad na difríochtaí idir na daoine sin, go háirithe mar a bhaineann sé leis an gcóras imdhíonachta?

“Tá grúpaí eile i mbun oibre chun vacsaín a fhorbairt agus tá roinnt trialacha cliniciúla ar siúl chomh maith anseo chun teacht ar leigheas.”

Deir Ní Chonghaile gurb é ceann de na forbairtí is mó a bhfuil suim aici ann ná triail ina bhfaightear fuil ó dhaoine a tháinig chucu féin ó Covid-19 chun í a thabhairt do dhaoine atá anois tinn leis an víreas.

“Baineann sé leis an gcóras imdhíonachta. Nuair a fhaigheann duine breoite, is é an jab atá ag do chóras imdhíonachta ná troid i gcoinne pé galar atá i do chorp. An tslí a théann an córas imdhíonachta i ngleic leis an ngalar ná go ndéanann an corp próitéin bheaga, nó antibodies, i d’fhuil. Saighdiúirí beaga iad agus is é an jab a bhíonn acu ná an víreas nó an baictéar atá i do chorp a mharú,” arsa Ní Chonghaile.

“Tá siad ag ceapadh, má thugann siad fuil an duine atá tar éis Covid a bheith acu do dhuine atá nuabhreoite go mbeidh siad in ann na próitéiní nó na antibodies sin a thabhairt dóibh.”

“Obair an-dhian is ea é,” a deir Ní Chonghaile, “ach táimid go léir ag foghlaim le chéile.”

Fág freagra ar 'Cur síos déanta ag dochtúir agus Gaeilgeoir ar an obair ‘dhúshlánach’ i gceann de na hospidéil is clúití ar domhan'

  • Poraic o'hEipicín

    Go n-éirí Libh. Lé Cabhair Dé.

  • Poraic o'hEipicín

    Go n-éirí Leat. agus go d’tiocaidh Tú slán as.