Cúpla focal Gaeilge? – ‘Too Much To Hope’

An-díoma ar COGG nár chuir an Irish Times leagan Gaeilge d’fhorlíonadh staire ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge. An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a rinne urraíocht ar dháileadh an fhoilseacháin ar scoileanna na tíre.

IMG_0104

Níor éiligh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go mbeadh aon Ghaeilge i bhforlíonadh staire, Too Much To Hope, a dáileadh ar scoileanna na tíre Dé Céadaoin agus a ndearna an Roinn urraíocht air.

Ba é an Irish Times a d’fhoilsigh an forlíonadh faoin gCogadh Mór Too Much To Hope.

Ba í Roinn na Gaeltachta a thug urraíocht don Irish Times chun Too Much to Hope a dháileadh ar iarbhunscoileanna ar fud na tíre, scoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta ina measc.

Ba san Irish Times a foislíodh Too Much to Hope mar chuid dá sraith foilseachán Century a bhfuil urraíocht á déanamh ag an Roinn uirthi.

Agus urraíocht á déanamh ar an tsraith is cosúil nár chuir an Roinn aon choinníoll teanga lena tacaíocht ná nár iarr siad go mbeadh leagan Gaeilge nó fiú roinnt ábhar i nGaeilge sa bhfoilseachán

Dúirt urlabhraí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le Tuairisc.ie gur ghnó don Irish Times é cinneadh a dhéanamh faoi ábhar na sraithe.

“Ní fhéachann an Roinn le tionchar ná smacht eagarthóireachta a imirt i ndáil le foilseacháin a fhaigheann tacaíocht faoi chláir Dheich mBliana na gCuimhneachán. Sa chás seo, tá an smacht ar an eagarthóireacht agus ar an ábhar ag an Irish Times,” a dúirt urlabharaí na Roinne.

Bhí an-díoma ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta “nár chuir an Irish Times an rud i gcló i nGaeilge agus i mBéarla mar a rinneadar cheana nuair a fuaireadar tacaíocht ó COGG”.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin, príomhfheidhmeannach COGG gur fhág cinneadh an Irish Times go raibh an t-ábhar ann “ceilte ar roinnt daltaí sna hiarbhunscoileanna Gaeltachta agus lánGhaeilge”.

Chuir an Irish Times ábhar oideachais a bhain leis an gCogadh Mór i gcló i nGaeilge cheana le tacaíocht ó COGG.

“Tá COGG ann le tacú leis na daoine seo; bíonn siad i gcónaí ag rá nach bhfuil an t-airgead acu. Is é an trua nach bhfuil na hachmainní céanna ar fáil do chuid de dhaltaí na tíre dá bharr,” a dúirt Muireann Ní Mhóráin, príomhfheidhmeannach COGG.

Fág freagra ar 'Cúpla focal Gaeilge? – ‘Too Much To Hope’'