Cúntóirí teanga á gcur ar fáil i gcónaí i dtrí scoil nach spéis leo stádas Gaeltachta

Ní raibh Roinn na Gaeltachta sásta a rá cén polasaí atá acu maidir le scoileanna nach spéis leo stádas Gaeltachta a bheith ag baint leas as Scéim na gCúntóirí Teanga

Cúntóirí teanga á gcur ar fáil i gcónaí i dtrí scoil nach spéis leo stádas Gaeltachta

Tá trí scoil ag baint leas as scéim na gcúntóirí teanga Gaeltachta i gcónaí in ainneoin nach spéis leo aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach.

136 scoil Ghaeltachta atá i dteideal cur isteach ar an scéim de chuid na Roinne Gaeltachta faoina gceadaítear oibrithe breise do scoileanna le cuidiú le teagasc na Gaeilge.

I measc na scoileanna sin tá an 27 bunscoil nár léirigh spéis i scéim aitheantais Gaeltachta na Roinne Oideachais.

Tá trí cinn de na scoileanna sin ag baint leas as Scéim na gCúntóirí Teanga agus iad istigh ar an scéim arís don scoilbhliain 2019-2020.

Ní raibh Roinn na Gaeltachta sásta a rá le Tuairisc.ie cén polasaí atá acu maidir le cúntóirí teanga a chur ar fáil do scoileanna nach spéis leo stádas Gaeltachta a bheith acu agus a bhfuil diúltaithe acu cur isteach ar leithéid le dhá bhliain anuas.

Dúradh áfach go raibh “cinneadh” déanta faoin scéal agus go rabhthas “i mbun teagmháil” a dhéanamh leis na trí scoil atá i gceist “chun impleachtaí an chinnidh sin a chur in iúl dóibh”.

“Mar chúirtéis do na scoileanna sin, ní bheidh an Roinn ag rá aon cheo eile ar an ábhar seo go dtí go mbeidh sé sin déanta,” a dúradh i ráiteas na Roinne.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta le déanaí go raibh €3.6 milliún san iomlán á chur ar fáil do Scéim na gCúntóirí Teanga do na trí bliana amach romhainn agus gur tréimhse 32 seachtain seachas 26 seachtain a bheidh ag na cúntóirí teanga feasta. 

Is cainteoirí líofa Gaeilge iad na cúntóirí teanga agus cuirtear ar fáil do scoileanna Gaeltachta iad le tacú le páistí an Ghaeilge a shealbhú agus a neartú.

Tá aird tarraingthe athuair ag cás na scoileanna sa Ghaeltacht nach suim leo stádas Gaeltachta a bhaint amach ar cheist theorainneacha na Gaeltachta oifigiúla agus a bhailí is atá siad.

Tugadh le fios ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le déanaí go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Oideachais leanúint orthu ag iarraidh na scoileanna seo a mhealladh chun an polasaí oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm.

Ní hamháin sin ach dúradh ag an gcruinniú go rachfaí i mbun cainte leis na scoileanna seo chun a fháil amach cén leasú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an bpolasaí chun iad “a mhealladh”. 

Mar sin, is ar éigean go ndéanfadh Roinn na Gaeltachta aon scoil a bhaint amach as Scéim na gCúntóirí Teanga don bhliain seo chugainn.

Mar a tuairiscíodh anseo le déanaí ta easpa Gaeilge múinteoirí agus gan aon chainteoir dúchais a bheith i gceantar na scoile ar na cúiseanna a luaigh scoileanna áirithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht gan cur isteach ar stádas mar scoil Ghaeltachta.

Tá sé á mhaíomh ag cúig cinn den 27 scoil Ghaeltachta atá ag diúltú cur isteach ar stádas mar scoil Ghaeltachta gur trí Ghaeilge amháin a bhíonn siad ag feidhmiú.

Tá 10 gcinn de na scoileanna atá ag diúltú cur isteach ar aitheantas Gaeltachta ag maíomh gur ag feidhmiú i mBéarla agus i nGaeilge a bhíonn siad.

Admhaíonn an 12 bunscoil Ghaeltachta eile gur i mBéarla amháin a bhíonn siad ag feidhmiú.

Ghéill Príomhchigire na Roinne, Harold Hislop ag an gcruinniú i dTithe an Oireachtais le déanaí gur dhiúltaigh cuid den 27 scoil cur isteach ar an scéim aitheantais Gaeltachta toisc “nach raibh Gaeilge ar bith sa cheantar”.

Cuireadh ceist ag an gcruinniú chomh maith ar chóir liúntas Gaeltachta a bheith á íoc le múinteoirí áirithe sna scoileanna nach mian leo a bheith aitheanta mar scoileanna Gaeltachta, ach ba léir nach raibh aon fhonn rómhór ar na polaiteoirí ná ar oifigigh na Roinne a bhí i láthair dul i ngleic leis an gceist sin.

Fág freagra ar 'Cúntóirí teanga á gcur ar fáil i gcónaí i dtrí scoil nach spéis leo stádas Gaeltachta'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Ba mhaith liom a fheiceáil cé acu go díreach iad na scoileanna a deir go bhfuil siad ag feidhmiú trí Ghaeilge, i mBéarla agus i nGaeilge, nó i mBéarla amháin.

    Tá a fhios agam cheana féin go bhfuil an bhunscoil atá in aice linn anseo ar an liosta díobh siúd atá ag diúltú cur isteach ar an stádas sin, agus ba mhaith liom a fháil amach céard é a deir siad maidir leis sin. Ba mhaith liom go ndéarfaí linn chomh maith cé acu iad na scoileanna a bhfuil na cúntóirí sin acu.

    Más rud é go bhfuil an bhunscoil seo in aice linn ag déanamh aon rud mar sin, ba mhaith liom a fhios sin bheith agam ionas go mbeidh mé in ann bualadh isteach chucu agus gearán a dhéanamh nó póstaeir ghearáin a chur in airde.