Na cúiseanna nach dteastaíonn stádas ‘Gaeltachta’ ó 27 scoil sa Ghaeltacht

Easpa Gaeilge agus cainteoirí dúchais i measc na gcúiseanna nach spéis le 27 scoil Ghaeltachta scéim aitheantais Gaeltachta na Roinne Oideachais

Na cúiseanna nach dteastaíonn stádas ‘Gaeltachta’ ó 27 scoil sa Ghaeltacht

Tá easpa Gaeilge múinteoirí agus gan aon chainteoir dúchais a bheith i gceantar na scoile ar na cúiseanna a luaigh scoileanna áirithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht gan cur isteach ar stádas mar scoil Ghaeltachta.

Faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, tugadh deis do gach scoil sa Ghaeltacht cur isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta.

Rinne gach ceann den 29 iarbhunscoil agus 105 den 132 bunscoil sa Ghaeltacht a amhlaidh.

Cuireadh eolas ar fáil sa Dáil an tseachtain faoi na cúiseanna nach spéis leis an 27 scoil Ghaeltachta aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bheith acu.

Chomh maith le heaspa Gaeilge, luaigh scoileanna áirithe cultúr agus traidisiún fada a bheith ag teagasc trí Bhéarla i measc na gcúiseanna nach dteastaíonn uathu a bheith áirithe mar scoileanna Gaeltachta faoi pholasaí na Roinne Oideachais.

Dúradh chomh maith nach raibh  dóthain “muiníne” ná cumas sa Ghaeilge ag múinteoirí chun tumoideachas, atá éigeantach faoin bpolasaí, a chur i bhfeidhm.

Thug scoileanna le fios freisin nach raibh suim acu in aitheantas Gaeltachta mar nach raibh ‘pobal Gaeltachta’ i gceantar na scoile. Luadh i gcásanna áirithe nach raibh ach líon beag cainteoirí dúchais sa cheantar nó nach raibh aon chainteoir dúchais fágtha i gceantar na scoile.

Dúirt scoileanna a dhiúltaigh cur isteach ar an scéim aitheantais go raibh roinnt ábhar imní ag daoine fúithi.

Dúradh go raibh easpa tuisceana ar mhúinteoirí agus ar thuismitheoirí maidir leis an luath-thumoideachas agus go raibh imní orthu go gcuirfeadh a leithéid isteach ar chaighdeán Béarla na ndaltaí.

Bhí sé ina imní chomh maith go gcuirfeadh an tumoideachas as do dhul chun cinn daltaí le riachtanais speisialta oideachais.

Bhí imní ar mhúinteoirí sna scoileanna nach spéis leo stádas Gaeltachta go dtiocfadh laghdú ar líon na ndaltaí sa scoil dá gcuirfí an polasaí oideachais i bhfeidhm. 

Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh sa Dáil gur chinn a Roinn gan ainmneacha na scoileanna nár roghnaigh páirt a ghlacadh sa scéim aitheantais go fóill a fhoilsiú. Cinneadh amhlaidh, a dúirt an tAire, mar go mbeadh deiseanna eile á dtabhairt do na scoileanna a n-intinn a athrú.

Tá liosta de na scoileanna nach bhfuil ag glacadh páirte sa scéim ar fáil thíos agus é bunaithe ar thaighde a rinne Tuairisc.ie.

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais cheana, áirítear 21 den 29 iarbhunscoil sa Ghaeltacht mar scoileanna lán-Ghaeilge agus 100 bunscoil as an 132 bunscoil ar tugadh cuireadh dóibh cur isteach ar stádas Gaeltachta atá áirithe mar scoileanna lán-Ghaeilge.


Na scoileanna nár léirigh spéis sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta

Fág freagra ar 'Na cúiseanna nach dteastaíonn stádas ‘Gaeltachta’ ó 27 scoil sa Ghaeltacht'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Tá mé i mo chónaí díreach in aice le “TIRELLAN HEIGHTS N S”. Níor chuala mé oiread is focal Gaeilge riamh agus mé ag gabháil thairsti. Ní haon iontas é nach bhfuil siad ag iarraidh an stádais sin ós rud é nach dóigh liom go bhfuil an teanga ar a thoil ag duine ar bith atá ag obair sa scoil.

    Mo léan gur mar sin atá sa nGaeltacht seo (Gaeltacht Bhaile an Phoill) ach cá neart air agus an rialtas chomh éagníomhach is atá.

  • Alexander Dietz

    Ní thuigim go ligtear an rogha do na scoileanna a n-aithint a iarradh mar scoil Gaeltachta. Sa Ghaeltacht, ba chóir do ghach aon scoil bheith ina scoil lán-Ghaeilge gan diospóireacht. Mura a ndóthain Gaeilge atá ag na múinteoirí, is ag an áit bhréagach atá siad ceaptha mar mhúintéirí. Má tá an drogall ar muintir na háite roimh an oideachas lán-Ghaeilge, is fiú stádas Gaeltachta a bhaint den cheantar. Bím ar son a bheith cúramach le stádas Gaeltachta a bhaint de cheantair áirithe. Ach ba chúis réasúnta í ar a shon ná drogall i dtreo na Gaeilge atá ag múintir na háite. Murab amhlaidh é, ba chóir muinteoirí le Gaeilge den scoth a chur in áit do na cinn atá ansiúd anois gan mórán achair. Ba cheart na múinteoirí roimhe seo a fhostú i scoil Béarla in aice leo.

    Taispeáineann na Gaelscoileanna lasmuigh na Gaeltachta go n-oibríonn an t-oideachas lán-Ghaeilge gan i lán Gaeilge a bheith ag na páistí ó dhúchas. Is fiú roinnt scoileanna Gaeltachta a chur ag oibriú mar Ghaelscoil do cheantair neamh-Ghaeltachta in aice leo.

    Feictear sa chás sin freisin gurb iad na Gaeltachtaí in Iorras agus in oirthear ón nGaillimh na cinn atá faoi bhrú is mó. Is olc an scéal é an ghéarscéim sin a chruachan le polasaí bréagacha.

  • Pól Ó Braoin

    Is mór an trua go bhfuil na ceantair sin, nach gaeltachtaí ar chor ar bith iad, aitheanta mar ghaeltachtaí sa chéad áit. B’fhearr díriú ar na fíorghaeltachtaí agus ar na scoileanna gaelacha atá timpeall na tíre agus airgead deontaisí áiseanna na n-údarás agus na ngníomhaireachtaí turasóireachta rialtais srl a chur sna háiteacha cearta… na áiteacha a mbíonn ár dteanga le cloisteáil – agus a mbíonn ábhair scoile á múineadh gach lá trína meán… cheapfainn