Cuntas spleodrach fíorshuimiúil faoi iarracht Pablo Escobar a chur de dhroim seoil.

Cé go mbeadh col ag an lucht féachana leis an ngairm a bhí ag Peter McAleese mar shaighdiúir agus lena dhearcadh i leith an mharaithe is cinnte gur aoi deisbhéalach suimiúil mealltach é 

Cuntas spleodrach fíorshuimiúil faoi iarracht Pablo Escobar a chur de dhroim seoil.

Tá cad é suim i saol agus gníomhartha coiriúlachta Pablo Escobar agus an iliomad saothar ar an scáileán beag is mór ag tabhairt léargas ar fhear na ndrugaí. Tá leithéidí Javier Bardem agus Benicio Del Toro tar éis léiriú a dhéanamh ar fhear an chroiméil. Tá trí shaothar faoi ar Netflix amháin agus is dócha gur ceann acu sin, Narcos, is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an lucht féachana agus a ghin saothair eile faoi phiardaí na ndrugaí.

Ní haon iontas go mbeadh an oiread sin suime i saol Escobar óir gurbh é ceann feadhna na ndrugaí sna hochtóidí agus sna nóchaidí. Nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa ba é sholáthraigh 80% de chócaon an domhain, rud a rinne an coirpeach is saibhre riamh de agus duine de na daoine is saibhre ar domhan.

Sa chlár faisnéise Killing Escobar (BBC 2, Dé Luain) tugadh cuntas cumasach, fuinniúil ar iarracht buíon gallóglach é a chur de dhroim seoil i 1989. Deineadh dreasanna cainte a chniotáil le píosaí scannánaíochta nach bhfacthas go dtí seo agus míreanna slachtmhara drámaíochta.

An rud is mó a dhéanann saothar faoi leith den fhadscannán seo ná na cloigne cainte, Peter McAleese, ach go háirithe. Peter a bhí ina cheann feadhna ar an mbuíon agus labhair sé go neamhleithscéalach, fealsúnach, deisbhéalach agus go hionraic. Níl aon aithreachas air faoin marú a dhein sé mar shaighdiúir agus mar ghallóglach ina dhiaidh sin, in Angóla, sa Róidéis agus áiteanna eile nach iad.

Deir iarbhall an SAS agus na Paras linn gur post gairmiúil a bhí ann, post a ghlac sé le fonn agus ní dúnmharú a bhí i gceist ach “sprioc”. Bheadh macallaí áirithe ina chuid cainte do mhuintir na hÉireann. Cé go mbeadh col ag an lucht féachana leis an ngairm a bhí aige agus lena dhearcadh i leith an mharaithe is cinnte gur aoi deisbhéalach, suimiúil, mealltach é.

Caitliceach ó Ghlaschú ba ea é agus dhein sé cur síos ar an tógaint chrua a bhí aige agus an gaol achrannach a bhí aige lena athair. Ba iad na nithe seo a ghin iompar bagrach ann agus a thiomáin i dtreo an airm é. Go deimhin ba é seo an t-aon áit sa chlár a dtáinig tocht air.

Cainteoir ionraic agus duine casta eile is ea Dave Tomkins. Ba é siúd a fuair an glaoch ó namhaid Pablo in Calí na Colóime is iad ar a gcroí díchill Escobar a chur de dhroim seoil. Chinneadar buíon de dháréag a earcú agus vae leo thar toinn. Gné shuntasach eile den chlár ná ábhar scannánaíochta a dhein Tomkins féin i rith an mhisin. Bhainfeadh seo croitheadh agus gáire dóite asat. Ba dhóigh leat ar uairibh go rabhadar ar chóisir poc nó ar dheireadh seachtaine gailf is iad buailte fúthu i lóistín sócúil chairtéal Calí.

Cur síos mion agus drámatúil ag McAleese agus Tomkins ar na hullmhúcháin, na daoine agus na heachtraí a tharla. Ionchur againn chomh maith ó Javier Peña agus Steve Murphy, an bheirt úd ar dhein Narcos laochra díobh. Paistí cainte leis ó lucht drugaí Calí agus iar-chomhghleacaithe Pablo.

Tháinig cor sa scéal lá an ruathair ar champa Pablo. Téann rudaí i gcoinne na buíne agus fágadh McAleese leis féin sa choill agus é gonta go dona. Bhíomar siar is idir na laethanta sin sa choill agus na hullmhúcháin sna seachtainí is na míonna roimh ré. Cor cinniúnach i saol McAleese ba ea na trí oíche úd agus é ag déanamh a mharana ar a shaol. D’athraigh an clár ó cheann fuinniúil gaisce go ceann níos ciúine agus níos machnamhaí.

Cuntas fíorshuimiúil, spleodrach agus fealsúnach ar iarrachtaí buíonn gallóglach Pablo Escobar a chur de dhroim seoil.

Fág freagra ar 'Cuntas spleodrach fíorshuimiúil faoi iarracht Pablo Escobar a chur de dhroim seoil.'