‘Cúngú agus tachtadh seachas fás agus bláthú’ – tuairimí faoi phlean Fhoras na Gaeilge do na meáin

Agus moltaí an phobail á lorg ag Foras na Gaeilge faoina bplean nua do na meáin chlóite Ghaeilge, d’iarr Tuairisc.ie ar dhaoine atá ag obair san earnáil a gcuid tuairimí a roinnt linn

‘Cúngú agus tachtadh seachas fás agus bláthú’ – tuairimí faoi phlean Fhoras na Gaeilge do na meáin

Gráinne Ní Ghillín
Cathaoirleach An tUltach

Arís eile tá tua an Fhorais ag titim ar phobal na Gaeilge agus is baolach gur cúngú agus tachtadh seachas fás agus bláthú atá i ndán. Rinneadh gealltanas i gComhaontú Aoine an Chéasta úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa scríbhneoireacht. Deirtear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nach mór leas a bhaint as na deiseanna atá ann chun an Ghaeilge a léamh agus a scríobh. Tá an laghdú atá molta ar earnáil na meán clóite Gaeilge ag teacht salach ar an dá rud sin.

Is iomaí foilseachán atá i ndiaidh imeacht ar fad mar gheall ar chiorruithe an Fhorais le tamall de bhlianta anuas – Foinse, Gaelscéal agus Beo, mar shampla. Tá cuid eile ag streachailt le fanacht ar an fhód – An tUltach, Feasta agus An Timire ina measc. Tá sé ráite le seachtain anuas ag Comhar nach mbeidh siadsan in ann maireachtáil má chuirtear moltaí an Fhorais i bhfeidhm.

Táthar ag moladh nuachtlitreacha a chur ar fáil sna Gaeltachtaí, rud ar smaoineamh maith é agus a chuirfidh le feiceálacht na teanga, ach is scéim phíolótach atá i gceist. Níl inmharthanacht ag baint leis mar phlean agus ba chóir go mbeadh.

Moladh eile ná printíseachtaí a chur ar fáil d’ábhair iriseoirí, ach cé a bheadh ag iarraidh am agus dua a chaitheamh le hoiliúint mar iriseoir Gaeilge agus mórlomadh á dhéanamh ar an earnáil gach cúpla bliain?

Ba chóir dúinn anois brú a chur ar bhord agus ar fheidhmeannaigh an Fhorais troid a chur suas lena chinntiú go gcuirfear na hacmhainní cuí ar fáil le gur féidir linn forbairt mar phobal teanga.

 

Malachi Ó Marcaigh
Eagarthóir na Gaeilge The University Times, Ollscoil na Tríonóide

Mar a luaitear i dTuarascáil Dhaltúin, tá seirbhísí tábhachtacha á gcur ar fáil ag NÓS, Comhar, agus Tuairisc.ie. Tá aidhmeanna éagsúla acu uilig, mar shampla, bainim úsáid as Tuairisc.ie mar sheirbhís nuachta. Is iris chultúir den scoth í NÓS, agus foilsíonn sí ailt dhifriúla nach n-aimseofá ar sheirbhís nuachta. Tá litríocht na Gaeilge curtha chun cinn ag an iris Comhar ó bunaíodh í sa bhliain 1942.

Dá gcuirfí na moltaí atá beartaithe i bhfeidhm, is é pobal na Gaeilge a bheadh thíos leis. Cé go n-aithníonn an tuarascáil go bhfuil na foilseacháin ag brath ar obair dheonach agus ar dhea-thoil, níl aon réiteach á mholadh i bplean Fhoras na Gaeilge.

Buntáiste amháin faoin bplean nua seo ná an t-ardú maoinithe don tseirbhís nuachta Tuairisc.ie, ach de réir phlean Fhoras na Gaeilge, díreoidh an tseirbhís “ar phobal na Gaeltachta, ar phobal eile na Gaeilge, agus ar earnáil na Gaeilge” amháin. Chomh maith leis sin, luaitear nach bhfuil sé i gceist go rachaidh an suíomh in iomaíocht le mórsholáthróirí nuachta eile nó “le hábhair lasmuigh de na réimsí seo a chlúdach”. Is léir nach mbeidh an tseirbhís seo in ann freastal ar phobal na Gaeilge sa chaoi cheart mar a bhí go dtí seo.

Cé go mbeadh seirbhís nuachta againn, thiocfadh deireadh leis an iris chultúir agus bheadh an iris litríochta ag streachailt ó thaobh maoinithe de. Dá gcuirfí na ciorruithe i bhfeidhm, caillfimid uilig, idir óg agus aosta, ár nasc le saol liteartha na Gaeilge.

 

Pól Ó Muirí
Iriseoir, scríbhneoir agus iareagarthóir Gaeilge An Irish Times

Bíonn seirbhís ag brath ar dhaoine agus bíonn daoine ag brath ar airgead le seirbhís a chur ar fáil. Is é an t-iontas é go n-éiríonn le dream ar bith i nGaeilge ábhar scríofa a chur ar fáil ar an airgead beag atá ann. Is é an t-iontas é go bhfuil fonn ar dhaoine tabhairt faoin obair go fóill. Mar sin féin, ar bhonn morálta, ní mholfainn d’ábhar iriseora ar bith dul le hiriseoireacht scríofa sa teanga. Faigh post le TG4 nó RnaG. Beidh, ar a laghad, cuideachta, tuarastal agus, cá bhfios, pinsean le fáil agat. An iriseoireacht scríofa i nGaeilge? Ná déan! Beidh saol níos sona agat imeacht le Léigiún Coigríochach na Fraince.

Maidir le plean an Fhorais, mholfainn cúrsaí a fhágáil mar atá siad agus an méid atá ann a fhorbairt mar is ceart. Sin an rogha is fearr faoi láthair. Cuirimis ceist an-simplí – an bhfuil seans ar bith ann go dtiocfadh le heagarthóir/iriseoir a scríobhann i nGaeilge tuarastal a dhéanamh mar a dhéanann feidhmeannach forais, abair, nó an dtig le hiriseoirí a chaitheann iad féin le sruth na scríbhneoireachta morgáiste a fháil, pinsean a charnadh agus ardú pá a fháil anois agus arís?

Tá freagra na ceiste againn cheana féin – ní féidir. Sa chás nach féidir, cad is fiú iarraidh ar dhaoine óga a saol a chur amú, íobairt a dhéanamh dá n-óige, dá gcumas, dá gcuid ama ar an tsaol seo ag plé le hiriseoireacht scríofa na Gaeilge?

Tá an iriseoireacht scríofa tábhachtach nó níl sí tábhachtach. Má tá sí tábhachtach, íoctar na laochra a thugann fúithi go cothrom agus ar bhonn fadtéarmach. Mura bhfuil sí tábhachtach, tigh an diabhail leis an fhiontar ar fad agus caitear an t-airgead ar chriáin do pháistí bunscoile.

 

Íte Ní Chionnaith
Léachtóir Sinsearach le Gaeilge, Scoil na Meán DIT

Cuireann moltaí an Fhorais uafás orm mar is dóigh liom gur ciorrú atá i gceist ar na nuachtáin agus ar na hirisí Gaeilge.

Gearradh siar i gcónaí atá ar siúl agus, dar liomsa, is ceart don Fhoras níos mó airgid a chur ar fáil d’earnáil na meán Gaeilge clóite seachas a mhalairt. Ba chóir go méadófaí buiséad iriseoireachta an Fhorais go €1 milliún sa bhliain agus nach ngearrfadh nó nach gcuirfeadh an Foras deireadh le deontas d’aon mheán iriseoireachta eile atá á mhaoiniú acu faoi láthair. Ba chóir freisin féachaint leis an deontas a bhí ar fáil do Feasta, An tUltach agus an Timire a thabhairt ar ais. Fáiltím roimh an ardú €60.000 sa bhliain atá molta do Tuairisc.ie ach b’fhearr liom níos mó d’ardú a fheiceáil chun iriseoir breise a fhostú.

Tá nuachtáin, irisí agus suímh iriseoireachta idirlín thar a bheith tábhachtach do gach pobal teanga, go háirithe do phobail teanga atá ag streachailt, cosúil le pobal na Gaeilge. Tá bunseirbhísí de dhíth ar phobal na Gaeilge i ngach réimse den saol, i réimse na meán cumarsáide, ach go háirithe, agus ní leor na meáin chraolta, is cuma cé chomh maith is atá siad. Tá gá le meáin scríofa a chuirfidh le forbairt an phobail i gcúrsaí léitheoireachta, scríbhneoireachta, eolais agus anailíse.

Tá na meáin atá againn go han-mhaith ach an fhadhb atá leo ná nach bhfuil a ndóthain acu ann agus nach bhfuil siad ag fáil go leor cúnaimh, idir acmhainní agus airgead ón stát. Sa chás seo is é Foras na Gaeilge, an Foras trasteorann, an fhoinse stáit. Ní thuigim cén fáth gur gá don bhForas bheith ag síor-athbhreithniú mhaoiniú na nuachtán agus na n-irisí Gaeilge. Is cur amú ama, airgid agus fuinnimh é agus b’fhearr i bhfad an fuinneamh agus an t-airgead a chaitheamh ar fhorbairt, ar mhargaíocht agus ar chur chun cinn iriseoireacht na Gaeilge.

De réir mholtaí an Fhorais, chuirfí deireadh leis an aon iris Ghaeilge do dhaoine óga, Nós, atá ar fáil ar líne. Tá sé seo á mholadh in ainneoin gurb iad na daoine óga is mó a léann ábhar ar líne agus gur orthu siúd atá Nós dírithe. Tá iris cosúil le Nós fíorthábhachtach do chumasú agus d’fhorbairt na ndaoine óga agus d’fhonn a nglór féin a thabhairt dóibh.

Tá an Foras ag moladh freisin go gcuirfí an iris thábhachtach smaointeoireachta agus liteartha Comhar ar líne amháin.   Creidim nach léifidh go leor de léitheoirí dílse seanbhunaithe Comhar an iris ar líne cé go mbeidh tóir áirithe ag mic léinn agus léachtóirí tríú leibhéal uirthi i gcónaí. Ach beidh go leor den taitneamh a bhaineann le hiris chlóite a léamh caillte.

Tá dhá mholadh sa doiciméad comhairliúcháin go raibh mé tógtha leo; an moladh intéirneachtaí d’iarmhic léinn iriseoireachta, cé gur chóir go bhféadfaí iarchéimí a fhostú ar chonarthaí bliana ag an bpointe sin. Tá ceist ann faoi cá háit a ndéanfaí na hintéirneachtaí seo mura bhfuil ann ach nuachtán amháin. Smaoineamh maith atá sa mholadh cuidiú le roinnt páipéir áitiúla Ghaeilge cosúil leis na Paparau Bro sa Bhreatain Bheag nó an sárnuachtán Goitse a bhí á fhoilsiú ar feadh tamaill ag Danny Brown i nGaoth Dobhair.

Tá géarchéim anseo d’iriseoireacht, do nuachtáin agus d’irisí na Gaeilge agus do phobal na Gaeilge atá ag brath orthu. Má leanann cúrsaí mar atá, ní bheidh aon irisí nó nuachtán Gaeilge fágtha againn.

Fág freagra ar '‘Cúngú agus tachtadh seachas fás agus bláthú’ – tuairimí faoi phlean Fhoras na Gaeilge do na meáin'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Tá an diospóireacht faoi thodhchaí na meáin scríofa Gaeilge ró chúng i bhfad. Ní féidir leis a bheith srianta ag moltaí leath bhacáilte Fhoras na Gaeilge. Níl taithí ag an bhForas ar an earnáil seo agus ní h-aon chúiteamh tuarascálacha acadúlacha ó dhaoine nár oibrigh lá in earnáil na meán ar a n-easpa taithí agus eolais.
    Tá gá le múnla nua maoinithe, ina bhfuil airgead ón DHÁ státchóras agus ioncam ó fhoinsí eile, agus mura bhfuil Foras na Gaeilge sásta tuillleadh maoinithe a lorg ar son an togra seo agus tograí eile, caithfear smaoineamh ar phríomh mhaoinitheoir eile a aimsiú don chúram.
    Táimse tar éis cáineadh agus moladh a thabhairt do Tuairisc thar na mblianta. Mura bhfuil de rogha ann ach rogha an Fhorais, molaim gan aon athrú a bheith ar an scéal. Tá pobail leitheoireachta Tuairisc, Nós agus Comhar sásta mar atá.
    Má tá deis againn féachaint ar an scéal i gceart, féach ar roghanna ar nós gach teideal a thabhairt faoi bhrat amháin agus, níos fearr arís, bheith ceangailte faoi stiúr leithéidí RTÉ nó TG4 le maoiniú ceart ceadaithe agus i leataobh don togra meáin scríofa i mbuiséad cé acu craoltóir a ghlacfadh an dúshlán/cailís nimhe.
    Is másla tomhaiste agus sarú ar a gcúram bheith ag déanamh riar ar an dhá dhlínse an moladh atá ag an bhForas bheith ag maoiniú nuachtlitreacha Gaeltachta/Limistéir Pleanála Teanga. Ós rud é nach bhfuil Limistéir Pleanála Teanga ó thuaidh den teorainn, d’fhagfadh sin go raibh muintir na sé contae fágtha as an áireamh, ní den chéad uair gan amhras.
    Ba cheart go mbeadh nuacht litreacha i ngach Gaeltacht ach ba cheart é sin a fhágáil faoi lucht pleanála teanga atá fostaithe don chúram agus buiséid acu dá réir.
    Ach is é mo bharúil gurb é an toradh a bheidh ar an scéal go leanfaidh an status quo, ach é ciorruithe, faoi réimeas an Fhorais. Leanfaidh sé go dtí nach mbeidh aon maoiniú á dhéanamh ag Foras na Gaeilge ar na meáin scríofa Gaeilge, nó go deimhin ar an nGaeilge seachas ar thuarastail bhreatha agus ar phinsin órphlátáilte feidhmeannaigh an Fhorais.