Cumas fisiciúil agus meabhrach le tástáil sa Kube i gConamara

Tá iomaitheoirí á gcuardach ag Spórtlann Mhichael Mhóir i Leitir Móir agus oíche bailithe airgid bunaithe ar an gclár The Cube beartaithe

Cumas fisiciúil agus meabhrach le tástáil sa Kube i gConamara

Iadsan a fhéachann ar an seó cluichí The Cube ar ITV agus a deir, ‘d’fhéadfainnse é sin a dhéanamh’, beidh deis acu i mí Dheireadh Fómhair beart de réir a mbriathair a dhéanamh.

Tá Spórtlann Chumann Peile Naomh Anna i Leitir Móir, Co. na Gaillimhe, ag eagrú oíche bailithe airgid bunaithe ar choincheap an chláir teilifíse agus tá cuireadh á thabhairt acu don phobal páirt a ghlacadh ann.

Tá an lucht eagraithe ag cuardach 36 duine chun páirt a ghlacadh sa chomórtas an oíche sin agus deis ag na hiomaitheoirí duais €1,500 a thabhairt leo. Ní bheidh le déanamh ag an mbuaiteoir ach teacht slán ó thrí bhabhta de chluichí chun an pota óir a bhuachan.

Mar a tharlaíonn ar an gclár teilifíse féin, déanfar tástáil ar chumas fisiciúil agus meabhrach na n-iomaitheoirí a mbeidh orthu tascanna a dhéanamh in aghaidh an chloig.

Beidh sé réamhbhabhta ann agus seisear ag glacadh páirte in dhá chluiche éagsúla. Rachaidh an bheirt is tapa ó gach réamhbhabhta ar aghaidh chuig an mbabhta leathcheannais agus beidh cluiche amháin eile rompu ina dhiaidh sin. Beidh ceathrar fágtha ar deireadh sa tóir ar an duais sa mbabhta ceannais.

€120 a chosnaíonn sé páirt a ghlacadh sa chomórtas agus is é an 9 Meán Fómhair an spriocdháta chun cur isteach ar an gcomórtas. Is féidir breis eolais a fháil ón Spórtlann ag 091 551 961.

Fág freagra ar 'Cumas fisiciúil agus meabhrach le tástáil sa Kube i gConamara'