Cumann sacair i sraith Shasana ag lorg múinteoir Gaeilge

Tá Lincoln City, a imríonn i Sraith 2, ag lorg duine chun imreoir san acadamh a theagasc do scrúdú Gaeilge na hArdteiste

Cumann sacair i sraith Shasana ag lorg múinteoir Gaeilge

Tá folúntas fógartha ag cumann sacair i Sasana do mhúinteoir Gaeilge.

Tá Lincoln City, a imríonn i Sraith 2, ag lorg múinteoir Gaeilge chun freastal ar imreoirí óga a bheadh ag réiteach do scrúdú na hArdteiste. Tá an club ag súil go mbeidh buntáiste acu maidir le imreoirí óga a mhealladh as Éirinn go dtí a n-acadamh peile ach múinteoir Gaeilge a bheith ar fáil dóibh, rud a chabhródh leo leanacht lena staidéar agus gairm na peile a bhlaiseadh ag an am céanna. Post páirtaimseartha atá á fhógairt ag Lincoln City agus bheadh thart ar cheithre uair an chloig oibre i gceist sa tseachtain, de réir an fhógra.

Bheadh an duine a fhostaítear ag tosú mí Dheireadh Fómhair seo chugainn.

Téann cuid mhaith imreoirí óga as Éirinn sall go Sasana tar éis dóibh an Teastas Sóisearach a dhéanamh ach bíonn rogha acu coinneáil leis an staidéar.

Nuair a shínigh Manchester Utd iar-imreoir na hÉireann John O’Shea ina óige, rinne an Déiseach cinneadh fanacht in Éirinn chun an Ardteist a dhéanamh sula ndeachaigh sé anonn.

Tá an folúntas anseo.

Fág freagra ar 'Cumann sacair i sraith Shasana ag lorg múinteoir Gaeilge'