Tá sé fógartha go bhfuil cluiche ceannais Chiarraí Theas a bhí le himirt an deireadh seachtaine seo curtha ar athló de bharr an choróinvíris.
Bhí an cumann Gaeltachta Piarsaigh na Dromad le haghaidh a thabhairt ar Naomh Muire ó Chathair Saidhbhín sa chluiche ceannais ar an gCoireán Dé Domhnaigh.
D’fhógair coiste Chiarraí Theas aréir, áfach, go raibh an cluiche curtha ar ceal tar éis dóibh comhairle a fháil ó Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte mar gheall ar “fhadhb Covid” a bhí tagtha chun solais le lá anuas.
Níor fógraíodh cén uair a bheadh an cluiche á imirt amach anseo.
Bhain Piarsaigh na Dromad áit amach sa chluiche ceannais tar éis dóibh Naomh Micheál-An Fhaill Mhóir a bhualadh an deireadh seachtaine seo caite.
Bhuaigh Piarsaigh na Dromad ar Naomh Muire i gcluiche ceannais Chraobh Chiarraí Theas 2019 agus thug leo an chraobh den chéad uair le 16 bliain.
Fág freagra ar 'Cumann Gaeltachta fós ag fanacht ar a ndeis agus cluiche ceannais curtha siar de bharr Covid-19'