Cuma na maitheasa ar Phort Láirge agus Gaillimh

In ainneoin an traidisiúin, níl aon chúis nach mbuafadh Port Láirge ar Chorcaigh agus is ag an nGaillimh atá an buntáiste san athimirt i gcoinne Bhaile Átha Cliath

Allianz Hurling League Division 1 Final, Semple Stadium, Co. Tipperary 3/5/2015 Waterford vs Cork Waterford's Noel Connors and Patrick Horgan of Cork battle for a high ball Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan

Is cuma nó muc duine gan seift, a deir an seanrá. Bhuel caithfidh seift nua a bheith ag Jimmy Barry Murphy agus foireann Chorcaí nuair a rachaidh siad go Dúrlas Éile amárach. Theip glan ar an bhfoireann bainistíochta agus an fhoireann féin déileáil le taicticí Phort Láirge i gcluiche ceannais na sraithe le déanaí agus d’fhéadfá an rud céanna a rá faoi chluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh.

Admhaíonn JBM nach fear mór taicticí é. Bhuel, i mo thuairimse, tá sé in am dó suim a chur iontu nó beidh sé ar an gcuarbhóthar in éineacht leis an gClár agus pé foireann a chailfidh an athimirt anocht idir Áth Cliath agus An Ghaillimh. Cé gur chaill Corcaigh gach aon chath ar fud na páirce i gcluiche ceannais na sraithe, tá an tuairim ann go bhfuil ceacht foghlamtha acu agus go mbeidh siad i bhfad níos fearr amárach. Is eol dúinn ó stair na hiomána go dtéann sé an-dian ar fhoirne ‘eile’ buachaint ar Chorcaigh, Cill Chainnigh nó Tiobrad Árann in athimirt.

Mar a luaigh mé tamall ó shin, b’éacht amach is amach é an tsraith a bhuachaint le foireann a bhí ag feidhmiú i Roinn 1B. Ach rinne na Déise é agus ní raibh aon amhras faoi ach go raibh a mbua tuillte acu. Bhíodar níos fearr ná an Ghaillimh, Tiobraid Árann agus Corcaigh sna cluichí deireanacha a bhí acu. Ní raibh aon ádh ag baint leis an scéal.

Mar sin cén fáth nach n-éireodh arís amárach leo?

Caithfidh go bhfuil an-mhuinín i measc na n-imreoirí anois. Caithfidh go gcreideann siad iontu féin. Tá cuid mhaith buaite ag formhór na bhfear óg atá ar an bpainéal. Is fíor gur annamh i stair na hiomána a bhuaigh Port Láirge ar Chorcaigh agus is dócha gurb í an chúis is mó le hamhras a bheith ar dhaoine faoin lá amárach. Níl aon dabht ach go mbíonn sé deacair buachtaint ar an stair agus an traidisiún is féidir le foireann óg Phort Láirge é a dhéanamh.

Tá an seanfhonndúir Brian Murphy tugtha ar ais ar phainéal Chorcaí ag Barry Murphy. Dar ndóigh, tá an bainisteoir agus an t-imreoir ag dul sa tseans anseo. Tá an-mheas agam ar Bhrian Murphy. Bhí sé agam ar fhoireann Chorcaí nuair a bhuadar an Craobh na Éireann go deireanach. Ba chúlaí agus iomaitheoir iontach é. Ach – agus is ‘ach’ mór é – níor imir sé cluiche idirchontae ó thosach 2014. Beidh sé thar a bheith deacair dó breith suas le luas an chluiche ag an leibhéal seo tá sé chomh fada sin ar féarach.

Bunaithe ar an méid a chonaiceamar i mbliana ón dá fhoireann, ní dóigh liom go mbeidh lá eile ag teastáil ón bPaorach an uair seo.

Sa Tulach Mhór inniu beidh Áth Cliath agus an Ghaillimh ag casadh ar a chéile arís. Measaim go bhfuil an buntáiste ag fir an iarthair inniu. Cheapas a mhalairt an tseachtain seo caite ach thaispeáin an Ghaillimh nach bhfuil siad ag brath rómhór ar Joe Canning agus is maith an rud é sin. Caithfidh go mbeidh Joe níos fearr inniu agus má éiríonn níos fearr leo an liathróid a sheoladh chomh fada lena lántosaithe, beidh gach seans acu an beart a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Cuma na maitheasa ar Phort Láirge agus Gaillimh'