Cuma na maitheasa ar Mary I agus UCC i gCorn Mhic Shigiúir

Agus sos ann sa tsraith náisiúnta is ar chomórtas na gcoláistí tríú leibhéal a bheidh aird lucht na hiománaíochta an deireadh seachtaine seo

Cuma na maitheasa ar Mary I agus UCC i gCorn Mhic Shigiúir

Mark Coleman ag imirt do Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Ní bheidh aon chluichí sraithe iomána ar siúl an deireadh seachtaine seo ach beimid san airdeall ar Stoirm Ciara agus cúrsaí toghchánaíochta.

Ní díomhaoin a bheidh cuid mhaith de na himreoirí idirchontae, áfach.

Sea beidh mórán díobh gnóthach agus cluichí leathcheannais Chorn Mhic Ghiobúin ar siúl inniu. 

I gcomórtas na bliana seo bhí na coláistí tríú leibhéal briste suas i gceithre ghrúpa agus as na 14 coláiste a thosaigh amach mí ó shin tá ceithre cinn fágtha fós, ina measc seaimpíní 2019 Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus na tánaistí anuraidh Coláiste Mhuire gan Smál as Luimneach. Dar ndóigh bhí Mary I Luimnigh ina seaimpíní in 2016 agus 2017.

Ba iadsan an fhoireann is luaithe a shroich na babhtaí leathcheannais nuair a rinne siad amhlaidh seachtain go leith ó shin le bua in am breise i gcoinne a gcomharsana Ollscoil Luimnigh. Bhí baint mhór ag imreoir Chorcaí Tim O’Mahony leis an mbua sin nuair a aistríodh ó ionaid an lántosaigh é chun cúram an chosantóra le cois a dhéanamh os comhair an líne lánchúil. Chomh maith leis sin bhí fear na bpocanna saora Cathal Bourke thar a bheith cruinn agus 11 cúilín aige ar a shon.

Beidh siad ag dul chun páirce tráthnóna i gcoinne Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach, atá faoi stiúir DJ Carey agus iarthraenálaí de chuid Chill Chainnigh, Mick Dempsey. Agus a leithéid de bhua a bhí acusan i gcoinne Choláiste na hOllscoile, Gaillimh. 5-21 a fuair foireann Cheatharlach i gcluiche ina raibh am breise i gceist freisin. Ait go leor bhí níos mó scóranna ag Coláiste na hOllscoile Gaillimh agus 28 cúilín ar fad a fuair siad sular fhág siad slán leis an gcomórtas.

D’imir na foirne céanna sa chluiche ceannais in 2017 ach tá Ceatharlach fós ag feitheamh ar a gcéad chorn. Dar ndóigh chailleadar Craobh Chorn Mhic Shigiúir le déanaí, rud a chiallaíonn go mbeidh siad ag déanamh a seacht ndícheall don chluiche ceannais mór seo.

Rachaidh na seaimpíní UCC chun páirce i gcoinne Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU Dóchas Éireann). Bhí bua iontach ag DCU i gcoinne IT Phort Láirge agus 1-23 acu an oíche sin.

Chuir John Donnelly, Jim Ryan agus James Bergin ó Cill Chainnigh 1-12 ar chlár na scór eatarthu triúr. Ach beidh sliabh le dreapadh acu i gcoinne UCC leis an taithí, stair agus traidisiúin atá acu siúd, cé nach bhfuil siad chomh láidir agus a bhíodar anuraidh.

É sin ráite tá tosaithe cumasacha acu amhail Mark Kehoe Thiobraid Árann, Shane Kingston agus Darragh FitzGibbon Chorcaí agus Shane Conway Chiarraí. Bhíos ag an gcluiche ceathrú ceannais a bhí acu i gcoinne UCD agus rinneadar díreach a ndóthain chun an cluiche sin a bhuachaint gan a bheith ag imirt ró-iontach. Ach tá an fhoireann seo breac le réalta idirchontae agus beidh sé deacair iad a bhualadh.

Bunaithe air sin is deacair cás a dhéanamh do DCU.

Dá mbeinn ag cur cúpla euro ar thorthaí na gcluichí inniu bheinn ag ceapadh gurb iad  Mary I agus UCC a bheidh sa chluiche ceannais a bheidh á imirt Dé Céadaoin seo chugainn agus a bheidh á thaispeáint beo ar YouTube Spórt TG4.

Fág freagra ar 'Cuma na maitheasa ar Mary I agus UCC i gCorn Mhic Shigiúir'