Cuma na maitheasa ar Luimneach agus Cill Chainnigh

Níl Luimneach dochloíte, ach tá an painéal imreoirí is láidre sa tír acu agus tá foireann Brian Cody chomh neamhscrupallach is a bhí riamh

Cuma na maitheasa ar Luimneach agus Cill Chainnigh

Pádraig Walsh Chill Chainnigh. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Nach raibh an t-ádh dearg orainn go raibh fuílleach cluichí againn i rith mhí ghruama liath na Samhna agus muid faoi dhianghlasáil den dara uair i mbliana?

Tá ardmholadh ag dul do CLG, do bhoird na gcontaetha, do na hoifigigh, na bainisteoirí agus na himreoirí a rinne an t-uafás íobairtí chun an tsiamsaíocht iontach a chur ar fáil dúinn agus mórán dúshlán a bhí beagnach dosháraithe rompu.

An deireadh seachtaine seo fágfaidh dhá chontae eile slán le craobhchomórtas aisteach 2020. Dar ndóigh, beidh dhá chontae eile ag máirseáil ar aghaidh chuig cluiche ceannais Nollaig 2020 i bPáirc (beagnach folamh) an Chrócaigh.

Agus tá rogha na saineolaithe ó thosach na bliana i measc na gceithre fhoireann fós atá san iomaíocht. ’Sea tá Luimneach ansin i gcónaí agus tríd is tríd bhí siad ar fheabhas ó thosach na bliana. Ach nochtadh laige bheag nó dhó i gcoinne Phort Láirge i gcluiche ceannais na Mumhan, rud nach bhfacamar ó chluiche leathcheannais 2019 nuair a bhí Cill Chainnigh sa mhullach ar imreoirí Luimnigh ó chaitheamh isteach an tsliotair.
Rompu inniu tá Gaillimh agus iad faoi stiúir Shane O’Neill as Luimneach.

Seo an tríú seachtain i ndiaidh a chéile don Ghaillimh a bheith ag imirt agus tá sé sin dian ar imreoirí amaitéaracha.

Ach sin mar atá sé i mbliana agus ní dóigh go bhfuil siad ag gearán. Thuas seal thíos seal a bhíodar go dtí seo. Bhíodar ar fheabhas sa chéad chluiche i gcoinne Loch Garman ach bhí tréimhsí sa dá chluiche ó shin nach raibh a n-aird dírithe ar an sprioc acu mar ba chói, easpa airde léirithe acu. Ach an mar sin atá ag foirne iománaíochta na Gaillimhe le blianta, sárthaispeántas amháin agus taispeántas cuíosach nó drochthaispeántas ina dhiaidh? Bí cinnte de go mbeidh ardtaispeántas ag teastáil amárach uathu más fúthu an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic.

Níl Luimneach dochloíte, ach tá an painéal imreoirí is láidre sa tír acu. Mura mbíonn an Ghaillimh, ar a laghad cómhaith sa trian láir den ghort, ní dóigh liom go mbuafaidh siad.

Tá Luimneach thar a bheith eagraithe agus tá spiorad iontach i measc na n-imreoirí.

Is dóigh liom, nuair a bheidh an fhead dheireanach séidte, gurb iad a bheidh chun tosaigh.

Ach cén contae eile a bheidh ag dul go dtí Páirc an Chrócaigh i gceann coicíse? Beidh a fhios againn sin níos déanaí um thráthnóna nuair a bheidh deireadh déanta sa chluiche leathcheannais eile idir Port Láirge agus Cill Chainnigh.

Cad is féidir a rá faoi Chill Chainnigh agus Brian Cody, arbh éigean go bhfuil a shárú ann mar bhainisteoir?

Rinne sé/siad an beart arís i gcluiche ceannais Chúige Laighean. Bhí cuid maith ceisteanna fúthu i ndiaidh dóibh géilleadh sa cheathrú dheireanach i gcoinne Átha Cliath. Ach ba iad a ghnóthaigh an corn an lá mór sa chúige arís. Sular thosnaigh an bhliain iomána, cheapas go raibh ar chumas na Gaillimhe agus Loch Garman dul níos faide ná Cill Chainnigh i mbliana. Ach níor scaoil Loch Garman an gaiste in aon chor agus theip sa deireadh ar an nGaillimh in aghaidh na gCat coicís ó shin. Ag an bpointe seo beidh sé deacair na Cait a bhualadh.

Cinnte tabharfaidh taispeántas Phort Láirge i gcoinne an Chláir misneach dóibh agus tá údar mór muiníne acu i ndiaidh an bhua chuimsithigh sin. B’in an dara dea-thaispeántas uathu i ndiaidh a chéile agus tá cuma na maitheasa i gcónaí ar Austin Gleeson, Iománaí na Bliana 2016. Ach bhí sé níos fearr i gcoinne an Chláir ná mar a bhí sé i gcoinne Luimnigh. Tá éacht déanta ag Liam Cahill le Port Láirge cheana féin i mbliana. Tá cuma an-fhearúil orthu óna gcéad chluiche sraithe i gcoinne Corcaí ag deireadh Mí Eanáir.

Is cinnte gurb iad an contae is mó a bhfuil dul chun cinn déanta acu. Ó thaobh spioraid, fonn chun oibre agus dúil sa bhua, beidh siad gob ar ghob leis na Cait.

Ach tá stair agus traidisiún iontach ag Cill Chainnigh. Is fiú rud éigin é sin. Bíonn Cody agus foirne Cody fuarchúiseach agus neamhthrócaireach. Tá TJ Reid acu agus tá Riche Hogan ag teacht chuige féin arís, gan caint ar na haisteoirí tánaisteacha.

Ar a shon sin uile, ceapaim go bhfuil seans réasúnta maith ag Port Láirge ach caithfidh rith an ráis a bheith leo i mbeagnach gach gné den chluiche agus a bheith ullamh don ócáid.

Fág freagra ar 'Cuma na maitheasa ar Luimneach agus Cill Chainnigh'