Cuma na maitheas ar na Muimhnigh ach rás na nUltach rite

Beidh tuairim mhaith againn anocht cé acu de na ceithre chúige a bheas fós sa rás don chéad chraobh i gcomórtas an Bhogha Ceatha

Cuma na maitheas ar na Muimhnigh ach rás na nUltach rite

Joey Carbery. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Cluichí idirchúige a bheas á n-imirt arís i mBabhta 3 de chomórtas an Bhoga Ceatha.

Tá Cúige Mumhan agus Cúige Laighean ag imirt sa mbaile i gcoinne Chúige Chonnacht agus Chúige Uladh.

Ag am tae anocht cuirfidh na Muimhnigh, foireann atá ag comhroinnt barr thábla an chomórtais le Treviso na hIodáile fáilte go Luimneach roimh na Connachtaigh, dream atá i bhfad siar san ochtú háit ar an tábla céanna.

Gan dabht beidh foireann an bhaile ar thóir bua agus fiú ceann le pointe bónais chun a stádas a chinntiú agus iad go mór sa tóir ar áit sa gcraobhchluiche ar an 19ú Meitheamh.

Is deacair bua a thuar do na cuairteoirí sa gcoimhlint seo, tá eireaball na Muimhneach go hard san aer le cúpla seachtain agus iad ag imirt stíl úr rugbaí atá iontach taitneamhach le breathnú air. Ní hamháin go bhfuil borradh faoi imirt na Mumhan, tá a thoradh le feiceáil ar thábla an chomórtais. I gcás na gConnachtach, ní hamháin go mbeidh an brú a bhaineann le himirt as baile ag cur leis an dúshlán ollmhór atá le sárú acu tráthnóna inniu caithfidh siad na deacrachtaí a tháinig chun solais agus iad ag fáil ceacht rugbaí ó na Laighnigh an deireadh seachtaine seo caite a shárú freisin. Má theipeann ar fhoireann Andy Friend na deacrachtaí a bhí acu sa chrág agus ag an gcliseadh, seans go náireofar arís iad. Bua do na Muimhnigh i mo thuairimse.

Níos deireanaí inniu san RDS beidh Cúige Laighean ag tabhairt faoi Chúige Uladh. Tá sé chomh maith a rá go bhfuil rás na nUltach sa gcomórtas seo rite anois agus an dá chluiche i mBabhtaí 1 agus a 2 caillte acu. Ní haon iontas go bhfuil siad ag cur foireann réasúnta lag agus trialach chun páirce inniu. Tá mise ag tuar bua d’fhoireann an bhaile agus iad ag leanacht leo ag dreapadh suas ar an tábla ón gcúigiú háit ina bhfuil siad suite faoi láthair.

Fág freagra ar 'Cuma na maitheas ar na Muimhnigh ach rás na nUltach rite'