CULTÚR: SPREAG ó TG4, Scríbhneoirí Gaeilge ag an bhFéile Fhranca-Éireannach, Pop-Up Gaeltacht do Women’s Aid

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

CULTÚR: SPREAG ó TG4, Scríbhneoirí Gaeilge ag an bhFéile Fhranca-Éireannach, Pop-Up Gaeltacht do Women’s Aid

Léiriú stiúrthóra de scannán faoi shaol Johnny Chóil Mhaidhc

Beidh léiriú stiúrthóra ar an scannán Scéalta Beatha: Johnny Chóil Mhaidhc in Áras na nGael i nGaillimh ar an Aoine, 28 Márta ag 7:00 i.n. Scríbhneoir, drámadóir, file agus cainteoir tráthúil ab ea Johnny Chóil Mhaidhc as Indreabhán i gConamara, a rugadh sa mbliain 1929 agus a bhásaigh sa mbliain 2006. Tabharfaidh stiúrthóir an scannáin, Aodh Ó Coileáin léargas don lucht féachana ar an scannán agus ar Johnny féin. Níl aon táille ar an taispeántas seo. Craoladh an scannán ar dtús mar chuid den tsraith Scéalta Beatha ar TG4.

 

SPREAG – Scéim nua do dhéantóirí scannáin bheochana ó TG4

Seoladh scéim maoinithe nua, SPREAG, chun tacú le forbairt gearrscannáin bheochana Gaeilge ag Animation Dingle ar an Aoine, 21 Márta. Tá ciste €240,000 ar fáil faoin scéim. Ba é Paul Young ó Cartoon Saloon a sheol an tionscnamh, ar comhpháirtíocht é idir TG4, Fís Éireann, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann agus The Animation Ireland Talent Academy.

Tá fáilte á cur roimh scríbhneoirí agus stiúrthóirí a bhfuil Gaeilge acu cur isteach ar an gciste agus é mar acu aidhm ag an scéim tograí beochana Gaeilge ar ardchaighdeán a fhorbairt. Is féidir tograí a fhorbairt atá dírithe ar lucht féachana leanaí (Cúla4) nó ar dhaoine fásta óga (BLOC).

Beidh seisiún eolais ar líne ar siúl ar Zoom Déardaoin an 3 Aibreán ag 12:30 chun tuilleadh eolais a chur ar fáil faoin scéim agus chun aon cheisteanna a bheadh ag iarratasóirí a bheadh ag cuimhneamh cur isteach uirthi a fhreagairt.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

 

Scríbhneoirí Gaeilge ag an bhFéile Fhranca-Éireannach

Beidh an fhéile liteartha Fhrancach-Éireannach ar bun ar an 28-29 Márta ag Alliance Française agus Caisleán Bhaile Átha Cliath agus iad ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód. I measc na scríbhneoirí Gaeilge a bheidh ag glacadh páirt i mbliana tá Alan Titley, Doireann Ní Ghríofa, Éamon Ó Cíosáin, agus Micheál Ó Conghaile.

Osclófar an fhéile go hoifigiúil tráthnóna inniu, 28 Márta, agus beidh 15 scríbhneoir ag cur sleachta as a saothar i láthair mar chuid den oscailt. Ócáid thrítheangach a bheidh anseo ina mbeidh an Ghaeilge, an Béarla agus an Fhraincis in úsáid agus í á cur i láthair ag Éamon Ó Cíosáin agus Jean-Philippe Imbert. Cead isteach in aisce ach is gá ticéad a chur in áirithe roimh ré.

Tá clár na féile agus áirithintí ar fáil anseo.

 

Pop-Up Gaeltacht ar mhaithe le Women’s Aid

Cuirfear ócáid Pop-Up Gaeltacht speisialta ar siúl ar mhaithe leis an eagraíocht Women’s Aid ar an Déardaoin, 10 Aibreán ag a 8:00 i.n. i mBar Rua, Baile Átha Cliath 2. Tá Women’s Aid ar cheann de na príomh-eagraíochtaí a bhíonn ag obair le dul i ngleic le foréigean in aghaidh na mban in Éirinn. Tá an ócáid féin saor in aisce, ach cuirfear fáilte roimh thabhartais le tacú le Women’s Aid, agus tá fáilte roimh chách freastal ar an ócáid idir Ghaeilgeoirí líofa agus daoine atá ar bheagán Gaeilge.

Is féidir síntiús a thabhairt don ócáid anseo.

 

 

Tumchúrsaí Gaeilge i Sléibhte Chill Mhantáin

Tá tús curtha ag an gcomhlacht Fuiseog le tumchúrsaí Gaeilge a reáchtáil i sléibhte Chill Mhantáin. Scoil na Sléibhte an t-ainm atá ar an togra agus cuirfear tús leis an gcéad chúrsa deireadh seachtaine ón 9 go 11 Bealtaine. Beidh ranganna i rith an lae agus imeachtaí tráthnóna mar chuid den deireadh seachtaine. Tá an chéad chúrsa dírithe ar dhaoine a bhfuil roinnt Gaeilge acu ach atá imithe as cleachtadh a bheith á labhairt. Is í an aidhm atá ag Scoil na Sléibhte ná deis a thabhairt do dhaoine cúpla lá a chaitheamh agus iad tumtha sa nGaeilge. Is í Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh, múinteoir agus ceoltóir ón Daingean ó dhúchas, a bhfuil breis agus fiche bliain de thaithí aici ag múineadh daoine fásta a bheidh ag múineadh ar an gcúrsa.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh idirlín Fuiseog.

 

An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i Maigh Chromtha

Beidh an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar siúl in Amharclann Bhearna na Sceiche, Maigh Chromtha, ar an Aoine 4 Aibreán agus an Satharn 5 Aibreán. Tá an fhéile á heagrú ag an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta le tacaíocht ó Oireachtas na Gaeilge. Beidh Uachtarán an Oireachtais, Éamon Ó Cuív i láthair ag an bhféile agus ag bronnadh na ngradam i mbliana.

Bíonn drámaí Gaeilge do dhaoine fásta ó na ceithre chúige páirteach sa bhféile agus cuirtear fáilte roimh iarratais ó ghrúpaí aisteoirí le Gaeilge a ndrámaí a léiriú mar chuid den fhéile. Chomh maith leis na drámaí fada agus gearra, glactar leis an drámaíocht thraidisiúnta, leithéidí scéaldrámaí, agallaimh bheirte, lúibíní agus scéalaíocht ó bhéal ag na comórtais. Tá an spriocdháta d’iontrálacha d’fhéile na bliana seo thart.

Tá costas €12 ar thicéad lae agus tá siad le fáil ó shuíomh idirlín na hamharclainne anseo.

 

Dráma Ní Liomsa an Teach Álainn Seo ar stáitse i mBaile Átha Cliath

Beidh an dráma Ní Liomsa an Teach Álainn Seo atá á léiriú ag Cult Collective ar stáitse in Amharclann Smock Alley ar an 24 agus 25 Aibreán. Anna Ní Dhúill a scríobh agus sa léiriú seo baintear leas as drámaíocht thrialach le monalóg, ceol agus ealaín dhigiteach.

Aisteoir amháin atá sa dráma agus é á chur i láthair ag an aisteoir Seoirsín Bashford. An t-imeacht an t-ábhar atá ag croí an scéil agus insítear ceithre scéal faoi dhaoine a d’fhág nó daoine a fágadh, nó a tréigeadh. Baintear úsáid as stíl an tseanchais, an scéalaíocht agus ceol na cruite sa léiriú.

Tá na ticéid ar fáil ar €17/15 ó Amharclann Smock Alley anseo.

 

Léiriú ilteangach ar shaothar an fhile Phalaistínigh, Marwan Makhoul

Cuirfear léiriú ilteangach a shaothar an fhile Phalaistínigh, Marwan Makhoul, i láthair i gCultúrlann Mhic Reachtain ar an Aoine, 4 Aibreán ag a 8:00 i.n. Éist leis an Éanlaith an teideal atá ar an léiriú atá á chur ar stáitse ag Féile IMRAM mar chuid den Tionscadal Marwan.

Palaistíneach é Marwan Makhoul a d’fhás aníos i gceantar Beqeia. Ba as an bPalaistín a athair agus b’as an Liobáin a mháthair. Palaistínech é Marwan atá ina chónaí in Iosrael agus baineann a chuid filíochta le himeallú na saoránach Arabach ansin agus le ceisteanna a bhaineann le féiniúlacht phearsanta agus náisiúnta.

Beidh Marwan ag léamh óna shaothar in Araibis agus beidh leaganacha i nGaeilge dá dhánta á gcur i láthair ag Eibhlís Carcione, Louis de Paor agus Áine Uí Fhoghlú. Cuirfidh Raphael Cohen leaganacha i mBéarla de na dánta i láthair. Ceol beo le Seán Mac Erlaine agus íomhánna ar scáileán le Margaret Lonergan.

Ticéid ar £15 ar fáil ó Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain.

Fág freagra ar 'CULTÚR: SPREAG ó TG4, Scríbhneoirí Gaeilge ag an bhFéile Fhranca-Éireannach, Pop-Up Gaeltacht do Women’s Aid'