CULTÚR: Kevin Morby, filleadh The Wrath of Khan, scéal Arthur Kingsley agus dráma faoin deoraíocht teanga

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

CULTÚR: Kevin Morby, filleadh The Wrath of Khan, scéal Arthur Kingsley agus dráma faoin deoraíocht teanga

DRÁMA

Deoraithe teanga na hÉireann

Translations
Brian Friel
An Grianán, Leitir Ceanainn
(Dé hAoine agus Dé Sathairn)

Tá Translations le Brian Friel, stiúrtha ag Caitríona McLaughlin, ar camchuairt ag Amharclann na Mainistreach agus Amharclann an Lyric, Béal Feirste faoi láthair agus é sa Ghrianán i Leitir Ceanainn i nDún na nGall anocht agus istoíche amárach, an 2 agus an 3 Meán Fómhair.

Sárshaothar fite go paiteanta is ea mórdhráma Brian Friel Translations a dhéanann scagadh ar an tragóid a bhaineann le ceilt chultúr na hÉireann ar a muintir féin.

Is í an tragóid is mó agus is brónaí uilig ná gur i mBéarla a scríobhadh an dráma, agus fios againn gur éirigh leis an gclaochlú ar dhinnseanchas na tíre.

Suite i scoil scairte in 1833 i mbaile ficseanúil ‘Ballybeg’ i gcontae Dhún na nGall, díríonn an scéal ar an dtogra mór cartagrafaíochta ar thug na Sasanaigh faoi le Béarlú a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann agus mapaí nua a tharraingt. ‘Ballybeg’ an suíomh, ach i ndáiríre tá sé suite san áit ar iompaigh an taoide i gcoinne na Gaeilge in Éirinn, iompú ar tháinig borradh faoi le theacht an Ghorta Mhóir.

Stíl shaoráideach atá ag Caitríona McLaughlin mar stiúrthóir ar an léiriú seo agus tugann cead do shaothar Friel scalladh amach trí néal na staire. Tá an chliar thar barr agus a gcuid féin déanta acu de mhuintir an bhaile bhig. Tá moladh ar leith ag dul go Marty Rea i bpáirt Manus, múinteoir sa scoil scairte, Suzie Seweify i bpáirt Sarah, scoláire atá ag streachailt le stad ina cuid cainte. Líonann Brian Doherty an stáitse lena léiriú ar Hugh, máistir na scoile a bhíonn ag múineadh trí Ghaeilge is ag múineadh na gclasaicí Laidine do na scoláirí. Tá an-taispeántas ann ó Ronan Leahy mar Jimmy freisin.

Barbarus hic ego sum, quia non intelligor illis,’ a deir Jimmy Jack i dtreo dheireadh an dráma. Líne í a scríobh an file Rómhánach Ovid na céadta bliain ó shin is é ar deoraíocht agus ina ina aonarán teanga. Mar seo a aistríonn Jimmy Jack an méid sin, ‘I am a barbarian here because I am not understood by anyone.

Mo léan, is iomaí deoraí teanga ar oileán na hÉireann ó 1833.

https://www.abbeytheatre.ie/whats-on/translations/ 

Bridget Bhreathnach

CEOLCHOIRM

Trúbadóir suaithinseach

Kevin Morby
The Academy,
Baile Átha Cliath
Dé Céadaoin, 7 Meán Fómhair, 7pm

Chuir Kevin Morby, an t-amhránaí as Kansas City a bheidh ag seinm i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn, a sheachtú albam amach an samhradh seo.

Faoin dtráth seo tá siúráil agus suaithinseacht ag baint le saothar Morby a scarann amach é ó na trúbadóirí teoranta go léir atá ag treabhadh iomaire an Americana.

Seanphictiúr dá athair agus é i mbarr a shláinte a spreag Morby chun aghaidh a thabhairt ar leochaileacht na beatha ar This Is A Photograph.

Tá na gnéithe éagsúla den cheol curtha os cionn a chéile go slachtmhar aige sa saothar is déanaí uaidh sa tslí is gur cuid d’aon sruth mór amháin iad, mar a bheadh rabharta cuimhní ann.

Saothar saibhir anamúil lán machnaimh atá againn anseo agus ar deireadh thiar ag cáiseamh agus ag ceiliúradh agus an tsaoil a bhíonn Morby.

Má bhíonn sé leath chomh bríomhar suimiúil agus é ag seinm beo, tá oíche iontach i ndán do dhaoine san Academy Dé Céadaoin seo chugainn.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

TEILIFÍS

Scéal ó mheitheal imscrúdaithe TG4…

Ar Iarraidh – Scéal Arthur Kingsley Porter
TG4
Dé Céadaoin, 7 Meán Fómhair

Beidh sceideal Fómhair TG4 á chur sa tsiúl sna laethanta seo amach romhainn. Ar an gCéadaoin 7 Meán Fómhair is ea a chraolfar an clár faisnéise aon uaire Ar Iarraidh – Scéal Arthur Kingsley Porter. Tá cuma shuimiúil ar an gclár seo a dhéanfaidh cíoradh ar chás fhear an teidil a chuaigh amú ar Inis Bó Finne ar an 8 Iúil 1933. Chinn an t-ionchoisne, bunaithe ar fhianaise a mhná céile, gur bádh é. Tá ráflaí agus seanchas sa timpeall le blianta a mhaíonn gur scéal bréige a bhí anseo agus go raibh Porter ag éalú chuig saol nua.

Maítear go mbeidh ‘eolas nua’ á chur os ár gcomhair faoin gcás agus braithfidh éifeacht an chláir go mór ar théagar an eolais sin. Clár imscrúdaithe a bheidh anseo agus Kevin Magee is Clean Slate TV atá ina bhun. Seo an mheitheal a sholáthróidh Iniúchadh TG4 dúinn, clár nua imscrúdaithe TG4.

B’fhéidir go dtabharfar comharthaí dúinn ar aird na gaoithe.

Breandán M Mac Gearailt

SCANNÁN

Yes, we Khan

Star Trek II: The Wrath of Khan
(Pictiúrlanna)

Ar éigean gur tháinig Star Trek slán ó Star Trek: the Motion Picture (1979), chomh fuar agus a bhí an pobal agus lucht critice ann. Ba é Star Trek II: The Wrath of Khan (1982) a chuir borradh faoi aistear réaltach chriú an Enterprise mar ba cheart. San áit a raibh an chéad scannán nua Star Trek stuama spadánta, bhí The Wrath of Khan sultmhar spraíúil. Scannán aicsin spáis atá ann, beirt fhear mhóra – an Captaen Kirk (William Shatner) agus Khan Noonien Singh (Ricardo Montalbán) – i mbun coimhlinte nach mbeadh as áit i scéal Fiannaíochta.

Doiligh a chreidbheáil gur dhá scór bliain ó shin a seoladh an scannán sna pictiúrlanna an chéad lá riamh. Leis an ócáid a chomóradh, tá Omniplex ag léiriú an phictiúir an deireadh seachtaine seo as nua, rud a thugann deis d’óg agus d’aosta an sárscannán seo a fheiceáil ar scáileán mór arís.

Ón taighde thaodach atá déanta agam, beidh sé le feiceáil i gcathracha móra na hÉireann – Béal Feirste, Baile Átha Cliath (Ráth Maonais), Sligeach, Gaillimh, Luimneach agus Corcaigh. Beidh sé le feiceáil fosta i roinnt bailte eile ach beidh ort amharc ar líne leis an phictiúrlann is deise duit a aimsiú.

Beir leat an grán rósta agus imigh leat thar spás anonn: Khhhaannnnn!!!!

Pól Ó Muirí

Fág freagra ar 'CULTÚR: Kevin Morby, filleadh The Wrath of Khan, scéal Arthur Kingsley agus dráma faoin deoraíocht teanga'