
Féile Leabhar Bhéal Feirste
Cuireadh tús le Féile Leabhar Bhéal Feirste an tseachtain seo agus beidh sí ar siúl go dtí Déardaoin, an 12 Meitheamh. Beidh an scríbhneoir Gaeilge Máire Zepf ag glacadh páirt i bpainéal cainte Béarla agus í ag caint faoina saothar scríofa agus faoin leagan cartún atá déanta dá sraith leabhar Rita. Seo an cúigiú heagrán déag den fhéile leabhar i mBéal Feirste agus an chéad uair a mbeidh sí ar siúl i ndeisceart na cathrach in Ionad Ealaíon an Chorráin (Crescent Arts Centre). Beidh taispeántas speisialta ann i mbliana faoin aistriúchán liteartha. Beidh leabhair a scríobh údair Éireannacha ar taispeáint in éineacht le leaganacha dá gcuid leabhar i dteangacha eile.
Féasta Sráide ar siúl i Maigh Cuilinn
Dé Domhnaigh beag seo, an 8 Meitheamh, beidh Féasta Sráide ar siúl i Maigh Cuilinn i nGaeltacht na Gaillimhe. Is ar chúl Theach Ósta an Chóiste sa sráidbhaile a bheidh an t-aicsean ar siúl óna 15:00 agus saorchead isteach chuig imeachtaí na féile lae. Gluaiseacht idirnáisiúnta is ea Féasta Sráide ina dtugann muintir na háite bia leo le roinnt lena gcomharsana ag picnic mhór shráide. Tá Féastaí Sráide á reáchtáil ag pobail Ghaeilge ar fud na hÉireann le tamall de bhlianta anuas. Is iad an compántas áitiúil aisteoirí ‘Aisteoirí an Bhaile’ agus Oifigeach Pleanála Teanga Mhaigh Cuilinn a bheidh ina bhun.
Cruinniú na nÓg ar fud na Gaeltachta
Beidh Cruinniú na nÓg, Lá Náisiúnta na Cruthaitheachta do pháistí, ar siúl Dé Sathairn an 7 Meitheamh le ceiliúradh a dhéanamh ar chruthaitheacht leanaí agus dhaoine óga na tíre. Beidh imeachtaí saor in aisce ar siúl ar fud na Gaeltachta Dé Sathairn. Beidh ceardlann amharclannaíochta ar siúl in Amharclann Ghaoth Dobhair ag 14:00; beidh ceardlann phuipéadóireachta ar siúl ar an bhFál Carrach Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ag 10:00; beidh ceardlann faoin mbéaloideas ar siúl ar an mbaile céanna. Beidh neart imeachtaí ar siúl in Inis Meáin do Chruinniú na nÓg freisin agus a bhformhór ar siúl ag Halla Naomh Eoin – Dioscó Ciúin, Brící Spraoi agus ceardlann ealaíne páipéir ina measc.
Féile Ealaíne an Earagail i nGaoth Dobhair agus Féile na Gealaí ag teannadh linn
Beidh dhá fhéile Ghaeltachta ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn – Féile Ealaíne an Earagail i nGaoth Dobhair agus Féile na Gealaí i Ráth Chairn. Beidh neart ceoltóirí agus ealaíontóirí Gaeilge ar na hardáin éagsúla a bheidh i nGaoth Dobhair agus is ceoltóirí agus ealaíontóirí Gaeilge amháin a bheidh ag Féile na Gealaí ar pháirc pheile Ráth Chairn. Tá cláir chuimsitheacha na bhféilte seo ar fáil ar líne anois agus roinnt ticéad fágtha don Ghael sin a chuir a gceannach ar an méar fhada.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Cruinniú na nÓg, Féile Leabhar Bhéal Feirste, Féasta Sráide, Féile Ealaíne an Earagail agus Féile na Gealaí i Ráth Chairn'