Cúl na bliana scóráilte ag iománaí Gaeltachta

Tá na mílte ag moladh an chúil a d’aimsigh Dónal Breathnach an deireadh seachtaine seo caite.

Donal Breathnach 6/2/2014
Scórálaí an chúil, Dónal Breathnach. Foinse: INPHO/James Crombie

Tá cúl dochreidthe a scóráil imreoir Gaeltachta ag tarraingt go leor cainte ar na meáin shóisialta.

Is ó Dhónal Breathnach, iománaí le foireann na Gaeltachta i bPort Láirge, a tháinig an cúl iontach seo a bhfuil beagnach 19,000 amharc faighte aige ó cuireadh suas é trathnóna inné, 3 Nollaig.


Is ar an Satharn seo caite a scóráil Breathnach an cúl, i gcluiche leathcheannais Iomána Faoi 21 Phort Láirge Thiar.

Ag glacadh seilbh ar an sliotar 60 slat amach ón gcúl, d’úsáid Breathnach a bhróig chun é a scaobadh aníos agus isteach ina láimh leis.

Ina dhiaidh sin, chuir sé an sliotar ar a chamán agus thug ruathar fan na páirce i dtreo na gcuaillí thar na cosantóirí go léir agus bháigh a hiarracht san eangach.

Ní hamháin gur léirigh imreoir contae Phort Láirge scileanna den scoth, ach bhí an cúl thar a bheith tráthúil arae bhí sé ag teastáil go dóite óna fhoireann ag an am.

Bhí Cois Bhríde agus An Ghaeltacht ar comhscór agus deich nóiméad fágtha sa chluiche go dtí gur aimsigh Breathnach a chúl, chomh maith le ceann ó Oisín Mac Siomóin.

Dar leis an imreoir féin, níor cheap sé ag an am go raibh tada speisialta déanta aige.

“Níor smaoinigh mise faoi. Is é an rud is tábhachtaí domsa ná gur cúl a bhí ann agus go raibh sé ag teastáil uainn,” a deir Breathnach.

“Tar éis an chluiche, thosaigh leaids ar an bhfoireann agus ón bparóiste ag caint fé.”

“Is dócha gur ag an am sin a thosnaigh mé ag smaoineamh air.”

“Ag féachaint siar air, is dócha gurb é an cúl is fearr atá faighte agam …agus an ceann is fearr a gheobhaidh mé go deo,” a dúirt Breathnach agus é ag gáire.

Cé go bhfuil Breathnach ag fáil aitheantais ar fud na tíre as ucht an chúil, deir sé féin go bhfuil roinnt dá cuid cairde fós sách crua air.

“Bhí siad ag rá ‘Cén fáth nár phioc tú glan den talamh é an chéad uair?’ agus rudaí mar sin. Is píosa spraoi é,” a dúirt an t-iománaí óg.

Chríochnaigh an cluiche 2-15 le 1-13, an beart á dhéanamh ag fir na Ghaeltachta sa deireadh thiar agus Breathnach féin ag aimsiú 1-11 san iomlán.

Tá sé ag tnúth leis an gcluiche ceannais in aghaidh Caisléan Cuanach an deireadh seachtaine seo anois.

“Is dócha go mbeidh sé idir dhá cheann na meá.”

“Níl dada idir na foirne ó thosnaíomar á fhéachaint lena chéile ó lár na ndéaga amach.”

Bhuail an Uidhir ár bhfoireann sinsear i mbliana agus beidh go leor de na leaids sin ar fhoireann Fourmilewater, mar sin tabharfaidh sé sin spreagadh dúinn.”

“Tabharfaidh an bua an lá cheana muinín dúinn agus buafaimid, le cúnamh Dé.”

“Níl faic buaite againn faoi aois leis an nGaeltacht agus táimid ag súil leis an gcluiche,” a deir Breathnach.

Tá an cluiche ceannais idir an Ghaeltacht agus Fourmilewater ar siúl an Domhnach seo chugainn, 7 Nollaig, i bPáirc Uí Fhearchair ag a 5i.n.

 

 

Fág freagra ar 'Cúl na bliana scóráilte ag iománaí Gaeltachta'