Cúl McCabe sa Táin ach tús iontach curtha ó mhaith ag Éirinn

Cé go raibh Éire ar fheabhas sa chéad leath in aghaidh Cheanada, d’fhág easpa cumais agus easpa stuaime nach raibh siad in ann teacht ar ais sa chluiche nuair a chuaigh Ceanada chun tosaigh luath sa dara leath

Cúl McCabe sa Táin ach tús iontach curtha ó mhaith ag Éirinn

Denise O’Sullivan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Níl deireadh déanta ag mná na hÉireann san Astráil ach tá deireadh tagtha le haon seans a bhí ag foireann Vera Pauw an chéad chuid eile de Chorn Domhanda na mBan 2023 a bhaint amach tar éis dóibh cliseadh in aghaidh Cheanada inniu.

Mar a bhí i gceist leis an chluiche in aghaidh na hAstráile sa chéad bhabhta, breathnófar siar ar an gcluiche seo i bPerth mar dheis chaillte ach, cé go raibh Éire ar fheabhas sa chéad leath, d’fhág easpa cumais agus easpa stuaime nach raibh siad in ann teacht ar ais sa chluiche nuair a chuaigh Ceanada chun tosaigh luath sa dara leath.

Díreach roimh an gcluiche, bhí ar Vera Pauw Áine O’Gorman a chur isteach ar an bhfoireann toisc go raibh Heather Payne buailte ag gortú ach níor chuir an t-athrú as d’Éirinn ar chor ar bith agus chuireadar tús iontach leis an gcluiche.

D’fhéadfadh cúl a bheith scóráilte acu théis dhá nóiméad nuair a sheol Lucy Quinn, a ainmníodh ar an bhfoireann in áit Marissa Sheva, pas iontach isteach ón gcliathán i dtreo Kyra Carusa ach rinne cúl báire Cheanada, Kailen Sheridan, sábháil mhaith.

Ní raibh Sheridan in ann na hÉireannaigh a choinneáil amach cúpla soicind ina dhiaidh sin, áfach, agus an cic cúinne ó Katie McCabe seolta díreach isteach sa chúl ag captaen na hÉireann. Tá an cúl sin anois sa Táin, an chéad chúl riamh ag Éirinn i gCorn Domhanda na mBan ach is mór an trua nach rabhadar in ann cur leis agus bua stairiúil a bhaint amach.

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Bhí Éire i bhfad níos fearr ná Ceanada, seaimpíní na gCluichí Oilimpeacha cúpla bliain ó shin, sa chéad leath sin ach tá Sheridan ar dhuine de na cúil bháire is fearr ar domhan agus rinne sí sábháiltí maithe chun iarrachtaí ó Shinéad Farrelly agus Kyra Carusa a choinneáil amach sa chéad 45 nóiméad. Bhí Farrelly ar fheabhas i rith na tréimhse sin, an cumas atá aici ar an liathróid á léiriú aici, ach bhí Ruesha Littlejohn, a bhí lán d’fhuinneamh, Katie McCabe agus Kyra Carusa lárnach san imirt chomh maith.

Bhí an t-ádh ar Éirinn théis 24 nóiméad nuair a chuir an cosantóir Vanessa Gilles deis iontach ar chúl amú do Cheanada ach d’imigh an t-ádh in am cúitimh ag deireadh an chéad leatha nuair a tháinig Ceanada ar ais ar comhscór. Is beag a bhí cruthaithe acu sa chéad leath ach, agus 49 nóiméad ar an gclog, chuir Julia Grosso pas dainséarach isteach sa bhosca, chaith Megan Connolly na hÉireann bróg léi agus, ar an drochuair, scinn an liathróid di díreach isteach i gcúinne an chúil.

Bhí deis eile ag Gilles ar chúl díreach roimh an mbriseadh agus cé go ndeachaigh a hiarracht ar strae, bhí an ghaoth bainte de sheolta na hÉireann go hiomlán.

Tugadh an t-ógánach Abbie Larkin chun páirce don dara leath ach, mar a tharla in aghaidh na hAstráile, ghéill Éire cúl luath go maith sa dara leath. Chuir Sophie Schmidt an liathróid isteach chuig Adriana Leon, a bhí éalaithe taobh istigh de Connolly, agus d’éirigh le Leon an sprioc a aimsiú agus Ceanada a chur 2-1 chun tosaigh.

Bhí Ceanada go hiomlán i gceannas ag an bpointe sin agus an t-ádh ar Éirinn nár ghéill siad aon chúl eile nuair a bhí deiseanna ag an seanfhondúir Christine Sinclair, a tugadh chun páirce, agus Jordyn Huitema.

Caitheadh Amber Barrett, Izzy Atkinson agus Lily Agg isteach san imirt don leathuair an chloig dheireanach ach ba í Katie McCabe i ndáiríre an t-aon bhean a bhí ag déanamh aon dul chun cinn. Is beag nár scóráil sí ceann de na cúil is fearr riamh i stair na hÉireann ach, tar éis di dul thar thriúr cosantóirí, bhí an ceathrú duine san áit cheart chun a hiarracht a bhlocáil.

Bhí iarracht eile ó McCabe i dtreo an deiridh nuair a bhuaigh sí seilbh ar an liathróid ó imreoir Cheanada, Quinn ach d’imigh an liathróid go hard thar an trasnán. Agus McCabe sínte ar an bpáirc, bhuail sí rap ar an talamh agus fios aici, mar a bhí’s acu sna seastáin agus sa bhaile, nach mbeadh linn sa díle bháistí i bPerth.

Fág freagra ar 'Cúl McCabe sa Táin ach tús iontach curtha ó mhaith ag Éirinn'