‘Cúis mhór díomá’ é nach mbeidh mórléiriú Gaeltachta ag dul ar aghaidh le linn Galway 2020

Tuairiscíodh inniu go raibh an mórdhráma le Colm Tóibín a bhíothas le léiriú ar Inis Meáin i nGaillimh mar chuid de chlár Galway 202o tarraingthe siar ag Druid de bharr ‘ciorruithe’ agus easpa ‘cumarsáide’

‘Cúis mhór díomá’ é nach mbeidh mórléiriú Gaeltachta ag dul ar aghaidh le linn Galway 2020

Tá díomá mór ar phobal Inis Meáin go bhfuil beartaithe gan dul ar aghaidh le mórléiriú de chuid Galway 2020 a bhí le bheith ar siúl ar an oileán Gaeltachta.

Dúirt Ciarán Ó Ceallaigh, bainisteoir Chomhlacht Forbartha Inis Meáin le Tuairisc.ie gur “cúis mhór díomá é” nach mbeidh an léiriú Middle Island a bhí beartaithe ag Druid agus Galway 2020 don oileán ag dul ar aghaidh.

“Tá an-chaidreamh idir Druid agus Inis Meáin agus bhí léirithe eile ar ardchaighdeán déanta ag Druid ar an oileán roinnt blianta ó shin a raibh an-tóir orthu.

“Bhíomar ag súil go mór go mbeadh rud éigin ann do Galway 2020 agus go mbeadh Inis Meáin i lár imeachtaí ealaíne na féile. Bheimis an-díomách ar fad mura mbeadh aon dráma á léiriú ar an oileán,” a dúirt bainisteoir Chomharchumann Inis Meáin. 

Dúirt Ó Ceallaigh go mbeidh teagmháil á dhéanamh ag an Chomharchumann le Druid le plé a dhéanamh ar “aon socrú eile a d’fhéadfaí a dhéanamh”.

Tuairiscíodh inniu go raibh an mórdhráma le Colm Tóibín a bhíothas le léiriú ar Inis Meáin i nGaillimh mar chuid de chlár Galway 202o tarraingthe siar ag Druid de bharr “ciorruithe” a rinneadh ar bhuiséad an léirithe agus “bearna” a bheith sa chumarsáid idir an comhlacht drámaíochta agus lucht Galway 2020.

Thug Bord an Druid le fios do lucht eagair Galway 2020 an tseachtain seo caite nach bhféadfaidís leanúint ar aghaidh le Middle Island, dráma atá bunaithe ar úrscéal de chuid an mhórscríbhneora Colm Toibín, The Testament of Mary.

Comhléiriú idir Druid agus Galway 2020 a bhí le bheith i Middle Island, a rabhthas chun é a léiriú amuigh faoin spéir ar an oileán Gaeltachta, Inis Meáin. Bhí sé i gceist go gcuirfí tús leis an dráma ar ché Ros an Mhíl, sula rachadh an lucht féachana ar thuras báid amach go hInis Meáin chun an chuid eile den dráma a fheiceáil.

Is í Garry Hynes, stiúrthóir Druid, a bhí luaite mar stiúrthóir ar an léiriú agus bhí an t-aisteoir Marie Mullen le bheith sa phríomhpháirt.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Cathaoirleach Bhord an Druid, Cathal Goan, gurbh éigean don Druid an léiriú a bhaint amach as clár Gaillimh 2020 ach go raibh súil acu tionscadal eile a aimsiú a d’fhéadfaí á léiriú ina áit.

“Dúirt muid le Cathaoirleach Gaillimh 2020 nach bhféadfadh muid leanacht ar aghaidh leis an léiriú sin mar go raibh bearna sa chumarsáid ar feadh achair fhada agus go raibh na ciorruithe a bhí fógartha acusan – 50% de chiorrú – iomarcach.

“Thug muid le fios ag an chruinniú sin go ndéanfadh muid iarracht tionscadal eile a aimsiú a bheadh mar thabhartas Druid do Gaillimh 2020,” a dúirt sé.

Dúirt Goan go raibh ‘idirphlé’ ar bun idir Druid agus Galway 2020 maidir leis an léiriú nua a thiocfadh in áit Middle Island, ach nach bhféadfadh sé aon ghealltanas a thabhairt ag an phointe seo maidir leis an léiriú féin nó faoi cé acu an mbeadh nó nach mbeadh sé á léiriú sa Ghaeltacht.

Pléadh na deacrachtaí éagsúla atá ag Galway 2020 sa Dáil inné agus thug an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios go mbeadh oifigeach Gaeilge á cheapadh acu.

Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan sa Dáil inné go bhfuil tús á chur le próiseas chun oifigeach Gaeilge a cheapadh do Galway 2020.

Bhí an tAire Madigan ag freagairt ceisteanna a chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly uirthi faoi dheacrachtaí Galway 2020 agus an scéala gur theip ar an eagraíocht urlabhraí Gaeilge a chur ar fáil do chlár raidió le déanaí.

Dheimhnigh an tAire chomh maith nach raibh ach €250,000 den €15 milliún atá geallta ag an Rialtas do Galway 2020 faighte acu go n-uige seo.

Dúirt sí go mbeadh cruinniú ag oifigigh a roinne le Galway 2020 an tseachtain seo chugainn agus dóchas aici go síneofaí an comhaontú maidir le soláthar tionscnamh an mhí seo.

Fógraíodh inné freisin go raibh Patricia Philbin, oifigeach sinsearach feidhmiúcháin le Comhairle Chathair na Gaillimhe, ceaptha ina príomhfheidhmeannach nua ar Galway 2020.

Ba í Philbin a bhí ina bainisteoir tionscadail ar Galway 2020 nuair a d’éirigh le hiarratas na Gaillimhe le bheith ina príomhchathair chultúir na hEorpa sa bhliain 2020. 

Fág freagra ar '‘Cúis mhór díomá’ é nach mbeidh mórléiriú Gaeltachta ag dul ar aghaidh le linn Galway 2020'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Glacaim leis gur i mBéarla a bhí an ‘mórléiriú Gaeltachta’ ar Inis Meáin le bheith! Céard faoi iarraidh ar chomhlacht drámaíochta ‘mórléiriú Gaeltachta’ i nGaeilge a chur ar bun in Inis Meáin.