Cúis cheiliúrtha ag an ionad snámha ar an gCarraig Dhubh

Deirtear go minic gur ‘Stát teipthe’ atá ionainn ach uaireanta buaileann tú le daoine a bhréagnaíonn sin ar a mbealach ciúin féin

Cúis cheiliúrtha ag an ionad snámha ar an gCarraig Dhubh

Agus mé ag cuimhneamh ar an tsúil siar ar chomóradh bhunú an Stáit agus ghlacadh an Bhunreachta céad bliain ó shin, rith sé liom gur bheag suim a bhí ag an ngnáthdhuine ann.

Ceann de na nathanna cainte a chaitear thart le linn díospóireachtaí polaitiúla ná gur ‘Stát teipthe’ atá ionainn. Is cuma cén tuairisc dhearfach a fhoilseoidh an ESRI, nó is cuma cén figiúr ollmhór cáin ioncaim a fhógraíonn an tAire Airgeadais, tá siad ann a chreideann nach bhfuil aon dul chun cinn déanta againn, agus go bhfuil an imirce agus an bochtanas ag bagairt arís.

Agus mé ag déanamh mo mhachnaimh ar an ábhar seo agus ar an gcomóradh céad bliain roimh Nollaig, casadh fear orm a chastar orm go minic nuair a théim síos ag an ionad snámha ar an gCarraig Dhubh. Bhí sé romham lena scuab agus a thrucaillín leis an mbairille bruscair, mar a bhíonn chuile lá.

‘An bhfuil a fhios agat,’ a d’fhiafraigh mé de, ‘gurb é seo lá breithe na tíre? Tá an tír céad bliain d’aois inniu.’

Chaith sé nóiméad nó dhó ag machnamh. Ach ní ar staid na tíre a bhí sé ag smaoineamh, ach ar a mháthair. Dá mairfeadh a mháthair beo, bheadh sí 98 – beagnach an aois chéanna leis an Stát.

Bhí a fhios agam go dtéann sé ar saoire chuig a dheirfiúr faoi dhó sa mbliain agus d’fhiafraigh mé de an raibh mórán eile sa chlann, seachas an deirfiúr sin?

‘Tá seacht gcinn de dheirfiúracha agam,’ a d’fhreagair sé. Rinne mé iontas go raibh clann chomh mór aige. ‘Agus ochtar dearthár,’ a d’fhógair sé go bródúil.

Dúirt sé go raibh ocht bpáiste dhéag ar fad ag a mháthair. Ní raibh sé cinnte ach bhí barúil aige gur cailleadh beirt.

‘Tá 81 bliain slánaithe ag an deartháir is sine liom,’ dúirt sé. ‘Agus tá an deartháir is óige 51.’

Nach iontach an bhean í a mháthair a bhí ag tabhairt páistí ar an saol i gcaitheamh na mblianta sin ar fad, dúirt mé leis. ‘Sea, agus í ag obair freisin,’ ar sé.

‘Ag obair?’ Cén chaoi a raibh sí in ann é sin a dhéanamh agus lán a’ tí de ghasúir aici?

D’inis sé dom gur bhean ghlantacháin a bhí inti – ghlanadh sí tithe sa cheantar thart orthu i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Agus céard faoi na páistí?

‘Chuireadh sí an baibín sa phram agus thugadh sí léi ag an obair é. Bhí na páistí ba shine sa mbaile in ann aire a tabhairt don dream eile.’ Agus ar ndóigh ar feadh tríocha bliain bhí ‘baibín sa phram’, i gcónaí.

Chuaigh sé féin amach ag obair nuair a bhí seacht mbliana slánaithe aige. Nuair a rinne sé a Chéad Chomaoineach chomhairígh a mháthair amach an t-airgead a bronnadh air – punt, ocht scilleacha agus sé pingine san iomlán. Shín sí an píosa sé pingine anonn chuige agus dúirt sí go n-osclódh sí cuntas in Oifig an Phoist dó leis an bhfuílleach.

Níor chuala sé tada faoi riamh arís.

Ba léir go raibh an t-ioncam breise ag teastáil sa mbaile. Cé go raibh post ag an athair ba ghnách leis bualadh isteach sa bpub ar a bhealach abhaile ón obair agus cúig nó sé phionta a chaitheamh siar gach tráthnóna.

Thosaigh sé ag seachadadh nuachtán agus é fós ar scoil ach nuair a fuair sé post lánaimseartha leis an ollmhargadh H Williams, in aois a 12, d’fhág sé an scoil.

Dhá lá ina dhiaidh sin, thug an cigire tinreamh scoile cuairt ar an obair agus cheap an lead óg go mbeadh deireadh leana ghairm bheatha nua.

Ach bheartaigh an cigire é a fhágáil ann toisc go raibh post lánaimseartha aige agus ba léir go raibh an t-airgead ag teastáil óna mháthair. Ón lá sin amach, d’oibrigh sé go dian i ngach post a tugadh dó. Tar éis cúpla bliain san ollmhargadh, chuaigh sé go Sasana, ach d’fhill sé ar an mbaile tar éis trí bliana.

Fuair sé post buan leis an gComhairle Contae, áit a bhfuil sé ó shin.

Is cuid de shaol sóisialta agus tráchtála na Carraige Duibhe anois é. Cuma cén cineál aimsire a bhíonn ann, beidh sé ansin romhat go moch ar maidin, ag glanadh na sráideanna, ag folmhú boscaí bruscair, ag beannú do chuile dhuine, agus ag coinneáil súil amach do na daoine a théann trasna dhroichead an Dart chuig an ionad snámha.

Tá taobh dorcha ag baint leis an scéal áirithe sin, toisc go mbíonn daoine ann ó am go chéile nach ndéanann an turas ar ais thar an droichead sin. Sin é an lá a mbíonn sé ag caint leis na gardaí agus na seirbhísí slándála. Tarlaíonn sé sin rómhinic, agus ní maith le haon duine de na snámhaithe é nuair a bhíonn an drochscéala aige dúinn.

Níl a fhios agam cén aois é ach ar aon nós níl sé in aois an phinsin fós. Níor chuir an cineál oibre a dhéanann sé isteach air riamh, deir sé. Fiú amháin le linn na paindéime, nuair a bhíodh sé de shíor ag glanadh suas tar éis ‘cóisirí’ amuigh faoin aer, níor dhúirt sé tada, ná ní dhearna sé aon chasaoid faoin dream a chaith na boscaí píotsa, na málaí plaisteacha, na buidéil agus na cannaí thart timpeall chuile áit.

Líon sé málaí móra plaisteacha go foighdeach agus chaith isteach ar chúl leoraí na Comhairle Contae iad nuair a tháinig sé chomh fada leis.

‘Ní chuireann sé isteach ná amach orm,’ dúirt sé. ‘Séard atá san obair domsa ná ‘routine’ a dhéanaim chuile lá.’

Ní thógann sé an t-am saor atá ag dul dó ó cheart, ach déanann sé ragobair chun tuilleadh pá a shaothrú.

Fuair a mháthair bás agus gan í ach 60 bliain d’aois, leis an tinneas croí aingíne.

Gach seans go bhfuil an ceann is fearr faighte ag an tír seo ar an tinneas áirithe sin anois – tá ceann de na córacha leighis is fearr ó thaobh an chroí de ar fáil anseo. Chomh maith le cóir leighis den scoth le haghaidh ailse.

Beidh a mac in ann teacht i dtír ar an dul chun cinn sin sna blianta atá amach roimhe. Bainfidh sé sásamh as a shaoire faoi dhó sa mbliain sna hOileáin Chanáracha, in árasán a dheirféar. Ach ní bheidh sé ag súil le haon bhainis ina chlann féin go luath.

‘Aon uair a mbíonn bainis sa chlann s’againne anois, d’fhéadfadh 91 col ceathrar a bheith i láthair gan trácht ar dhuine ar bith eile,’ deir sé.

Sin cúis cheiliúrtha, nach ea?

Fág freagra ar 'Cúis cheiliúrtha ag an ionad snámha ar an gCarraig Dhubh'