Cuirtear deireadh le maolú na Gaeilge san AE mar ghníomh chomóradh 1916

Bíodh comhionannas ag ár dteanga náisiúnta le teangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh, mar ghníomh suntasach i gcomóradh 1916

28/2/2012 European Union Flags

Ag Comhdháil i mBaile Átha Cliath an 17 Feabhra 2015, d’fhógraíos go ndearna Rialtas na hÉireann cinneadh i bprionsabal roimh an 2 Deireadh Fómhair 2014 go ndéanfaí an maolú i leith na Gaeilge san Aontas Eorpach a athnuachan do thréimhse eile cúig bliana, ón 1 Eanáir 2017 ar aghaidh. Níos déanaí sa lá, d’eisigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ráiteas a dúirt go raibh an cheist á plé leis na hinstitiúidí Eorpacha agus le páirtithe leasmhara, agus go ndéanfaí cinneadh roimh dheireadh na bliana. Tá an ráiteas céanna sin á úsáid ag an Rialtas ón mbliain 2013 i leith leis an bhfírinne a cheilt, agus ag an bpointe seo tá sé seanchaite agus míthreorach.

Cuireann sé i gcéill go bhfuil trédhearcacht i gceist, ach cé hiad na páirtithe leasmhara atá luaite? Ní hiad Stádas ná pobal na Gaeilge ná an pobal i gcoitinne iad.

Tá cinneadh i bprionsabal déanta go príobháideach ag an stát, gan eolas ar bith a scaoileadh linn, agus gach iarracht déanta aige an t-eolas a choinneáil uainn agus sinn a choinneáil amach as an bplé go dtí go mbeidh gach uile shórt socraithe agus fait accompli ann. Nílim sásta an cluiche sin a imirt.

Is fíor go ndéanfar cinneadh roimh dheireadh na bliana seo. Ach ní Rialtas na hÉireann a dhéanfaidh an cinneadh ag an bpointe sin. Is gá, faoin dlí, go ndéanfadh Comhairle an Aontais Eorpaigh cinneadh roimh dheireadh na bliana an ndéanfar an maolú a athnuachan nó nach ndéanfar.

Má leantar nós, déanfar an cinneadh sin i mí na Samhna. Más mian le Rialtas na hÉireann go ndéanfaí an maolú a athnuachan, beidh orthu dréacht-Rialachán a chur faoi bhráid na Comhairle trí mhí, nó ar a laghad dhá mhí, roimhe sin, mar go gcaithfidh na Ballstáit ar fad a seasamh ar an dréacht-Rialachán a shocrú roimh an gcruinniú.

Tugann sin siar go mí Iúil sinn. Chun go ndéanfaí an Rialachán a dhréachtú, le cabhair ó sheirbhísí dlí an Aontais, caithfidh an Rialtas cinneadh a dhéanamh roimh dheireadh Mhárta na bliana seo, nó go luath ina dhiaidh sin. Sin é an fáth go ndearna an Rialtas cinneadh i bprionsabal ag tús Dheireadh Fómhair 2014.

Bhí cruinniú agam leis an Aire Stáit Joe McHugh TD, agus leis an Roinn, ar an 11 Feabhra 2014. Dhiúltaigh siad na ceisteanna ba bhunúsaí agus ceisteanna faoi mhionsonraí a fhreagairt.

Ar cuireadh cinneadh i bprionsabal faoi bhráid na n-institiúidí Eorpacha? Cén t-eolas a lorgaíodh uathu? Cad iad na freagraí a thug siad? An raibh dáta cinnte do dheireadh an mhaolaithe á mholadh ag an Rialtas? Ar thug an Rialtas le fios go mbeadh coinníollacha breise á leagan síos i ndréacht-Rialachán a chruthódh éiginnteacht arís maidir le dáta éagtha an mhaolaithe?

Nuair a d’fhógraíos go poiblí an cinneadh i bprionsabal a bhí á choinneáil faoi rún ag an Rialtas, ní ar mhaithe leis an gcinneadh sin a normalú a rinneas é, ach chun go nglacfadh an Rialtas le cinneadh i bprionsabal nua ina áit.

Thosaigh cainteanna idir na Ranna éagsúla Rialtais, agus idir an Rialtas agus na hinstitiúidí Eorpacha, sa bhliain 2012. Mhínigh na hinstitiúidí go gcaithfeadh aon tionscnamh polaitiúil a theastódh d’athnuachan nó do chealú an mhaolaithe teacht ó Rialtas na hÉireann. Níor ghlac aon institiúid an seasamh nárbh fhéidir deireadh a chur leis an maolú an 31 Nollaig 2016. Thuig siad go mbeadh deacrachtaí ann, ach go raibh bealaí ann trína bhféadfaí na deacrachtaí a shárú.

Nuair a léirigh na hinstitiúidí a ndea-thoil maidir le féidearthacht chealú an mhaolaithe, ba ar a dtaithí féin le córas na dteangacha san Aontas a bhí siad ag brath. Bíonn deacrachtaí ag teangacha oifigiúla éagsúla ó am go chéile, ach ní éilítear maolú ar an mbun-Rialachán ina leith.

D’éiligh Rialtas Mhálta, mar shampla, go gcuirfí deireadh leis an maolú a bhain lena dteanga oifigiúil siadsan tar éis trí bliana, ach fós is gníomhairí sealadacha a dhéanann cuid mhór den aistriúchán oifigiúil go Máltais.

D’fhéadfaí an rud céanna a dhéanamh i gcás na Gaeilge. Tá comórtas ar siúl faoi láthair ag an gCoimisiún chun gníomhairí sealadacha aistriúcháin Ghaeilge a earcú: chuir 116 dhuine isteach ar an gcomórtas, agus d’éirigh le 70 dul ar aghaidh go dtí an dara céim den phróiseas roghnúcháin. Ní chuirtear seirbhís iomlán ar fáil sa Chróitis, ach níl Rialtas na Cróite sásta glacadh le haon mhaolú.

Nuair a bhí comórtais ann do dhlítheangeolaithe, bhí deich bpost ar fáil ar phainéil do na teangacha éagsúla. Níor éirigh ach le ceathrar dul ar an bpainéal Gaeilge, ach níor éirigh ach le triúr dul ar an bpainéal Danmhairgise. Ar ndóigh, níl maolú ann i gcás na Danmhairgise. Is uirlis róláidir sa dlí é an maolú, nuair is féidir tabhairt faoi na deacrachtaí ar bhealach níos simplí.

Nuair a bhí feidhmeannaigh an Stáit seo ag féachaint ar na deacrachtaí céanna, bhí siad á meá laistigh de thuiscintí stairiúla an státchórais abhus i leith na Gaeilge – cúrsaí oideachais, cúrsaí maoinithe, laigí na Gaeilge seachas láidreacht a pobail agus stádas bunreachtúil na teanga – agus dealraíonn sé gur bheartaigh siad ar an rud ba lú a dhéanamh a chuirfeadh isteach ar an status quo sa bhaile, is é sin a mholadh don Rialtas go gcuirfí maolú eile i bhfeidhm.

Le hathnuachan an mhaolaithe shealadaigh sa bhliain 2010, agus le diúltú an Rialtais, go háirithe le trí bliana anuas, a fhógairt go gcuirfí deireadh leis an maolú ar dháta áirithe, cruthaíodh éiginnteacht a chuaigh i bhfeidhm go mór ní hamháin ar líon na ndaoine a bhí sásta dua a chaitheamh le hullmhúchán do phoist nach raibh aon deimhneacht ann go mbeadh a leithéid ar fáil, ach freisin ar na hinstitiúidí Eorpacha nárbh fhiú dóibh iad féin a chur ar bhonn pleanála do sheirbhísí Gaeilge a leathnú i dtreo lánseirbhíse.

Mar chás ar leith, rud a bhain go hinmheánach leis an bParlaimint, ach lenar thacaigh an fhoclaíocht lochtach a chuir Rialtas na hÉireann isteach sa dara maolú, tá an-bhrú curtha ar chúrsa san ateangaireacht chomhdhála in Acadamh na hOllscolaíochta i nGaillimh, a chuir ateangairí Gaeilge den chaighdeán is airde ar fáil, de bhrí go bhfuil diúltaithe ag an bParlaimint go dtí seo poist a chruthú dóibh sin a bhain an cháilíocht iarchéime amach.

Is mian le pobal na Gaeilge go ligfí don mhaolú dul in éag an 31 Nollaig 2016. Beidh cinneadh á dhéanamh ar an gceist ag na Ballstáit ar fad ag cruinniú de Chomhairle an Aontais Eorpaigh roimh dheireadh na bliana seo. Má tá Rialtas na hÉireann sásta ligean don mhaolú dul in éag, ní gá dó ach é sin a rá. Más mian leis an Rialtas an maolú a athnuachan, beidh orthu dréacht-Rialachán a chur faoi bhráid na Comhairle. Mura n-aontaíonn an Chomhairle d’aon toil, is é sin, má easaontaíonn oiread is aon Bhallstát amháin le pé Rialachán a mholfadh Rialtas na hÉireann, ar chúis ar bith, rachaidh an maolú in éag an 31 Nollaig 2016 agus beidh deireadh leis.

Aithním go bhfuil an-chuid bainte amach againn, agus go bhfuil sé sin le ceiliúradh. Is teanga oifigiúil oibre de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge. Tá breis is leathchéad Éireannach fostaithe i bpostanna aistriúcháin agus ateangaireachta i leith na Gaeilge san AE.

Tá rannóga ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge sa Bhruiséil. Tá líon mór Éireannach anois ag obair do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí an AE, in Éirinn agus thar lear, lasmuigh de chúrsaí teanga, nach mbeadh poist acu ach amháin go raibh siad in ann an Ghaeilge a chur síos mar cheann den dá theanga oifigiúla atá mar bhunriachtanas d’aon duine a chuirfidh isteach ar aon phost de chuid an Aontais. Tá na cláracha oideachais agus cultúir ann, agus na suíomhanna gréasáin.

Níl ach aon chéim dhúshlánach eile le tabhairt againn: deireadh a chur leis an maolú. Nach mbeadh sé lena leas agus le leas an phobail go bhfógródh an Rialtas go raibh an maolú le cealú, go raibh comhionannas le bheith ag ár dteanga náisiúnta le teangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh, mar ghníomh suntasach i gcomóradh 1916.

 

Fág freagra ar 'Cuirtear deireadh le maolú na Gaeilge san AE mar ghníomh chomóradh 1916'

  • Seán Mag Leannáin

    Togha ailt le togha fir.

  • Fearn

    Sonas ort, a Phádraig as ucht brú leanúnach a choinneáil ar an Rialtas i leith ár dteanga

  • padraig o donnchu

    Bain an maolu ach cad as a thiocfaidh na haistritheoiri agus na dli-theangeolaithe le Gaeilge mhaith, bhfuil siad ann?

  • Fearn

    “cad as a thiocfaidh na haistritheoiri agus na dli-theangeolaithe le Gaeilge mhaith, bhfuil siad ann?”

    Nach bhfuil sé ráite: Mol an óige agus tiocfaidh sí?