‘Cuirimis deireadh in 2023 leis an mbualadh bos i dteannta ceol traidisiúnta’

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2023 le Cormac Begley, an Ciarraíoch agus fear consairtín ar bronnadh ‘Albam Traidisiúnta 2022’ The Irish Times ar a albam “B” anuraidh

‘Cuirimis deireadh in 2023 leis an mbualadh bos i dteannta ceol traidisiúnta’

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2023?

Níos mó ama a chaitheamh le mo chairde agus aire níos fearr a thabhairt dom fhéinig.

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2023?

Tá súil agam go mbeidh deireadh leis an gcogadh san Úcráin. Táim ag súil go mbuafaidh Usyk ar Tyson Fury sa dornálaíocht.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2023?

Dul go dtí’n garáiste le mo champer, Beauty.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2023?

Vicar Street ar an 23 Aibreán

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2023?

Go mbeidh praghsanna tithe imithe síos ón áit a bhfuil siad faoi láthair.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2023?

Ceist dheacair. Slí bheatha níos cothroime agus sláintiúla a bhaint amach i gCiarraí thiar agus a bheith ag obair.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2023, céard a d’athrófá? 

Go mbeadh níos mó ceol traidisiúnta le clos ar an raidió, mar a dhéantar i dtíortha eile san Eoraip. Deireadh a chur leis an oiread páipéarachais a bhaineann le na haon rud anois. Deireadh a chur le bualadh bos i dteannta ceol traidisiúnta.

Fág freagra ar '‘Cuirimis deireadh in 2023 leis an mbualadh bos i dteannta ceol traidisiúnta’'

  • An tEisreachtach

    Maith thú, a Chormaic, maidir le do mholadh deireadh a chur leis an mbualadh bos i dteannta an Cheoil Thraidisiúnta.
    Is crá croí é, agus milleann sé an ceol.
    Mar a dúirt an fidléir Éamon McGivney ar shuíomh eile le déanaí, is minic gur léiritheoir teilifíse nó raidió nach dtuigeann aon ní faoin spéir faoin gCeol Traidisiúnta a thosaíonn ar an mbualadh bos sin le ‘hatmaisféar’ a chruthú i mír teilifíse nó raidió, agus déanann ‘na caoirigh’ dá réir.
    Sílimse gur ar an diabhal ‘Late Late Show’ a thosaigh an bualadh bos sin an chéad lá riamh.
    Ach féach go mbíonn leithéid Mháiréad Ní Mhaonaigh á ghríosú i measc éisteoirí ag ceolchoirmeacha dá cuid. Dá mbeadh aon chaoi ar an gceol, ní dhéanfadh sí sin.
    MOLADH, a Chormaic, sula dtosóidh tú ag ceol feasta i gceolchoirm, iarr – go béasach – ar na héisteoirí gan bosa a bhualadh. Beidh tú ag cur tús le cor nua sa scéal.
    Is fíor freisin d’achainí ar a thuilleadh Ceoil Thraidisiúnta ar an raidió (agus an teilifís); seachas clár ar an Domhnach, is fásach atá i raidió agus teilfís RTÉ maidir le Ceol Traidisiúnta. Ó d’imigh Tony Mac Mahon agus Harry Bradshaw as RTÉ, tá an scéal imithe chun ainnise.
    Go bunúsach, thosaigh RTÉ ag díbirt bailéid náisiúnacha den aer sna seachtóidí agus sna hochtóidí mar chuid den chinsireacht pholaitiúil ar chúrsaí sa Tuaisceart. Rinne siad amhlaidh leis an gCeol Traidisiúnta.

  • file

    Agus ina dhiaidh fosta …