Cuirimis cosc ar chapsúil chaife mar atá déanta sa Ghearmáin!

Tá cosc curtha ag na húdaráis in Hamburg na Gearmáine ar chapsúil caife Nespresso agus brandaí eile. Ba cheart a sampla a leanacht, a scríobhann ár gcolúnaí

Coffee_capsules_-_anieto2k

Níl cead Nespresso a ól a thuilleadh i bhfoirgintí poiblí in Hamburg na Gearmáine; tá cosc curtha ag an gcomhairle cathrach ar chapsúil chaife an bhranda sin, agus ar chapsúil bhrandaí eile leis. Cén fáth? Toisc na dramhaíola a fhágann na capsúil seo ina ndiaidh: meascán diabhalta díobhálach d’ábhair phlaisteacha, alúmanam, dhríodar caife agus substaintí eile nach mbíonn comhlachtaí athchúrsála dramhaíola in ann a scaradh óna chéile fiú má chaitear na capsúil úsáidte sa bhosca bruscair ceart.

Is é an chaoi go bhfuil na capsúil ró-bheag agus ró-éadrom do na hinnill a úsáidtear chun bruscar a scaradh.

In iarthar na hEorpa, tá aon trian de mhargadh iomlán an chaife i lámha na gcapsúl, agus tá an sciar sin ag fás. Sé mhíle milliún euro luach an mhargaidh sin faoi láthair. Má ghlactar leis go gcosnaíonn capsúl amháin idir €0.30 agus €0.40, ciallaíonn sin go ndíoltar os cionn 16 mhíle milliún capsúl in aghaidh na bliana in iarthar na hEorpa.

Cothaíonn gach capsúl caife 3 ghram dramhaíola. Sin 480 milliún kilo dramhaíola nach féidir a athchúrsáil i gceart.

B’fhéidir, más duine thú atá faoi dhraíocht ag na capsúil bheaga ghleoite seo, go bhfuil ceist tar éis preabadh aníos i d’aigne: ‘Cén fáth nach ndéantar inneall a tháirgeadh a bheadh in ann capsúil chaife a athchúrsáil i gceart?’

Tuigim do cheist, agus níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil a leithéid ar fáil. Ach ós rud é nach bhfuil, táim den tuairim nár cheart a leithéid a chur ar fáil ach an oiread.

Cén fáth?

Simplí. Nach fearr fadhb a sheachaint ná í a leigheas? Nach fearr i bhfad gan aon bhruscar a chothú ná bruscar a athchúrsáil?

Ar an gcúis sin, ní cheapaim gur réiteach sásúil ar an gceist ach an oiread scéim athchúrsála a thuairiscítear a bheidh á cur i bhfeidhm ag an gcomhlacht Nestlé do na capsúil Nespresso, go háirithe toisc go mbeidh a leithéid ag brath ar dhea-thoil an tomhaltóra.

Mar sin, leanaimís dea-shampla chomhairle chathrach Hamburg. Caithimís uainn na capsúil agus déanaimís caife i bpota espresso Iodáileach (moka pot) nó i suncaire Francach (French presscafetière.) Is fearr an dá chur chuige sin ná caife a dhéanamh i scagaire, cé gur lú i bhfad, ar ndóigh, an dochar a dhéanann scagaire páipéir don timpeallacht ná capsúl caife.

Céard sin? Ní ólann tú caife in aon chor? Caith uait na málaí tae mar sin agus déan pota tae ar an seanbhealach, le duilleoga!

Fág freagra ar 'Cuirimis cosc ar chapsúil chaife mar atá déanta sa Ghearmáin!'

  • alan

    Ana-cheart sa mhéid sin ar fad, nós gránna na capsúil chéanna agus iad ag eiteallaigh ar fud na sráideanna ar nós callóga ildathannacha sneachta. Lorgaím féin caifé i gcónaí ina gcleachtaítear sean-nósanna neamhspiagaí, simplí.