Cuirimis an seachmall ar leataobh agus glacaimis leis go dtarlóidh an Breatimeacht

Tá sé práinneach go ndéanfaí caint agus plé faoi shocruithe sealadacha sa gcás gur Breatimeacht-gan-margadh a bheadh ann

Cuirimis an seachmall ar leataobh agus glacaimis leis go dtarlóidh an Breatimeacht

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá an t-am á ídiú, mar níl ach 180 lá nó mar sin fágtha go dtí go mbeidh an Bhreatain taobh amuigh den Aontas Eorpach. Ach le teann éadóchais tá tráchtairí is polaiteoirí Eoraidhíograiseacha in Éirinn agus sa mBreatain ag iarraidh dé a choinneáil sa tuairim sheachmallach gur féidir toradh an reifrinn faoin mBreatimeacht a chur ar ceal.

Cinnte, tá fórsaí i bpáirtí an Lucht Oibre sa mBreatain ag moladh go mbeadh reifreann ann in athuair, ach is léir nach dteastaíonn a leithéid ó cheannaire an pháirtí, Jeremy Corbyn, a deir gurbh fhearr leis olltoghchán ná reifreann teoranta faoi théarmaí an imeachta.

Tá parlaimint Westminster le vóta a bheith acu faoi na téarmaí sin, ach fiú dá dtréigfeadh roinnt feisirí sa bPáirtí Caomhach a rialtas féin, is olltoghchán a bheadh mar thoradh air. Má theipeann ar an rialtas cuid lárnach dá bpolasaí a chur i gcrích, ní bheidh aon rogha eile acu.

Is ar éigean go vótálfadh feisirí Caomhacha ar son olltoghcháin, rud a d’fhágfadh go mbeadh Páirtí an Lucht Oibre i gceannas agus an ceannaire is sóisialaí riamh sa mBreatain ina phríomh-aire.

Tá baol ann cinnte go gcaillfeadh an Lucht Oibre tacaíocht dá gceapfaí go raibh siad ag iarraidh dul siar ar an reifreann, go háirithe i gceantair i dtuaisceart Shasana, ceantair lucht oibre go deimhin, a vótáil go tréan ar son an Bhreatimeachta. Fiú dá dtarlódh sin, is é is dóichí ná gur comhrialtas idir an Lucht Oibre agus Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba (SNP) a thiocfadh dá bharr.

Sea, bheadh an SNP ag iarraidh margadh faoi leith a bhaint amach d’Albain san Eoraip, ach tá an neamhspleáchas níos tábhachtaí dóibh. Reifreann eile ar an ábhar sin a bheadh ag teastáil uathu agus a gheobhadh siad, tá mé ag ceapadh.

Ag an bpointe seo is deacair a thuiscint go mbeifí ábalta margadh a chur le chéile a d’oirfeadh don Bhreatain agus don Eoraip araon. Níl ach trí rogha ann chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint: seiceálacha custaim idir Éirinn ar fad agus an Bhreatain, rud nach nglacfadh an DUP leis; an Bhreatain ar fad a fhágáil san Aontas Custaim, rud atá curtha as an áireamh ag rialtas na Breataine féin; nó seiceálacha custaim a chur i bhfeidhm idir Éirinn ar fad agus an Eoraip, agus ní fios an nglacfadh an rialtas abhus lena leithéid sin.

Beidh sé ina phraiseach nó díolfaidh dream amháin nó dream eile as.

Ní chabhraíonn an éiginnteacht seo leis an idirbheartaíocht ach an oiread. Dúirt an tráchtaire Wolfgang Muenchau sa Financial Times nach ngéillfeadh an tAontas Eorpach rud ar bith fad is a cheapann siad go bhféadfaí toradh an reifrinn a chur ar ceal, agus mar gheall air sin gur dóichí go gcríochnóidh an idirbheartaíocht agus gan aon mhargadh déanta.

Bheadh sé i bhfad níos fearr dúinne an seachmall a chur ar leataobh agus glacadh leis go dtarlóidh an Breatimeacht, agus, fiú ag an nóiméad deireanach seo, iarracht a dhéanamh na socruithe is fearr a d’oirfeadh dúinne a bhaint amach.

Sa gcomhthéacs sin, ní hamháin go bhfuil sé sa mheá go mbeadh seiceálacha ann idir Éirinn ar fad agus an Eoraip, toisc gurb é an tAontas a bheidh ag iarraidh smacht a fháil ar an trádáil trasteorann, ach d’fhéadfadh go bhfágfadh na Sasanaigh an cinneadh sin faoin Aontas. Thabharfadh an socrú sin stádas speisialta dúinne leis an Aontas: bheimis bainteach leis ach muid saor le socruithe faoi leith a dhéanamh le Sasana.

Dá ndiúltódh an rialtas dá leithéid, is é an rialtas agus an tAontas Eorpach a d’fheicfí ag cur teorainn chrua i bhfeidhm idir muid féin agus na sé chontae. Ní fheadar cén seasamh a ghlacfadh Sinn Féin nó a lucht tacaíochta sa gcás sin!

Cinnte, is é an socrú ab fhearr a d’oirfeadh do gach taobh ná seiceálacha a dhéanamh idir Éirinn ar fad agus an Bhreatain, faoi mar a dhéantar seiceálacha idir na hOileáin Chanáracha agus an Spáinn.

Ach níl an DUP sásta smaoineamh ar chomhghéilleadh ar bith fad is atá an chumhacht acu an rialtas a choinneáil i réim nó a bhriseadh. Ní nós leo breathnú ar an bhfadtéarma.

Má tá margadh le bheith ann, caithfear é a chinntiú faoi dheireadh na Samhna ar a dhéanaí. Agus chuige sin, caithfidh creatlach de chomhaontú a bheith ann faoi dheireadh na míosa seo chugainn. Beidh sé deacair a leithéid a dhéanamh, fiú má bhíonn an toil ann.

Cathain mar sin a bheidh an vóta i bParlaimint na Breataine? Ag breathnú ar an amscála, feictear domsa gur go luath san athbhliain a tharlóidh sé. Dá dteipfeadh ar an rialtas ansin, ní fhéadfaí rialtas nua a chur i gcumhacht go dtí roinnt bheag seachtainí roimh dháta an Bhreatimeachta.

Tá sé práinneach mar sin go ndéanfaí caint agus plé faoi shocruithe sealadacha sa gcás gur Breatimeacht-gan-margadh a bheadh ann. Ceist í seo atá níos práinní dúinne ná do dhream ar bith eile.

Fág freagra ar 'Cuirimis an seachmall ar leataobh agus glacaimis leis go dtarlóidh an Breatimeacht'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    A Róisín ná bíodh brón ort fé’r éirigh dhuit:
    Tá na bráithre ‘teacht thar sáile ‘s iad ag triall ar muir,
    Tiocfaidh do phardún ón bPápa is ón Róimh anoir
    ‘S ní spárálfar fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

  • Murchadh

    ‘Tá na bráithre ag teacht thar sáile…’ arsa an tseanbhean bhocht. Imircigh?

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Uaireanta braithim gur fiú an drochrud ar fad ach “I told you so” a rá dóibh