Cuirfidh Cúige Laighean tástáil cheart ar na Ospreys

Beidh an lá leis na Laighnigh sa PRO 12 anocht má imríonn siad mar a rinne siad sa gcéad leath i gcoinne Dhún Éideann seachtain ó shin

Cuirfidh Cúige Laighean tástáil cheart ar na Ospreys

Dan Leavy, Cúige Laighean. Pictiúr: ©INPHO/Gary Carr

Seans nach róshásta atá na Laighnigh nuair a bhreathnaíonn siad ar thábla an Pro 12, iad sa gcúigiú háit agus gan ach trí chluiche imeartha go dtí seo.

Bhí an bua acu in dhá chluiche, ach de bhrí gur chaill siad i gcoinne Ghlaschú, tá siad taobh thiar den sean-namhaid, na hUltaigh, rud nach bhfuil siad pioc sásta faoi.

Is sa mbaile san RDS atá siad inniu, Dé hAoine, ach tá sé de mhí-ádh orthu gur i gcoinne fhoireann bharr an tábla, na hOspreys, atá siad. Bhí bua ag foireann na Breataine Bige i gcúpla cluiche go dtí go seo, ach is fiú a mheabhrú gur i gcoinne Chúige Chonnacht, Treviso agus Zebre, foirne atá ar íochtar an tábla, a d’imir siad.

Is cinnte, dá bhrí sin, gurb é cluiche na hAoine seo an chéad tástáil cheart orthu i mbliana. Tá mise ag tuar go mbeidh an lá leis na Laighnigh, go háirithe má imríonn siad mar a rinne siad sa gcéad leath i gcoinne Dhún Éideann seachtain ó shin.

Is iad na hUltaigh an fhoireann Éireannach is airde ar an tábla faoi láthair, iad sa tríú háit agus trí bhua acu as trí chluiche. Ní dóigh go mbeidh cúrsaí chomh héasca acu an Aoine seo, go háirithe agus iad ag imirt as baile i Scotstoun Ghlaschú i gcoinne iarchuraidh an chomórtais.

Ní bhíonn sé éasca riamh an lámh in uachtar a fháil ar Ghlaschú nuair a bhíonn buntáiste an bhaile acu.  Má éiríonn leis na hUltaigh sin a dhéanamh, cuirfidh siad iad féin go mór san áireamh do chraobh na bliana seo, ach ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin.

Ar Pháirc Thuamhan a bheas na Muimhnigh (atá sa séú háit ar an tábla) á gcosaint féin i gcoinne Dhún Éideann (atá san ochtú háit) an Satharn seo. Theip ar Dhún Éideann Cúige Laighean a chloí agus iad sa mbaile an deireadh seachtaine seo caite ach, mar sin féin, thug siad dóthain le déanamh d’fhir Laighean, sa dara leath go háirithe. Is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh feabhsú tuilleadh agus agus iad as baile, rud nach mbeidh éasca, go háirithe tar éis do na Muimhnigh dhá cluiche a bhuachan ar an mbóthar go dtí seo.

Bhí an t-ádh glan ar Phat Lam agus ar na Connachtaigh gur chinn an réiteoir go raibh an aimsir san Iodáil chomh dona sin ag leath-am agus iad ag imirt i gcoinne Zebre gur stop sé an cluiche.

De réir na rialacha, má stoptar an cluiche roimh seasca nóiméad a bheith imeartha, bíonn athimirt i gceist.  Má bhíonn os cionn seasca nóiméad caite, bíonn an lá leis an bhfoireann a bhíonn chun cinn ag an am. Bhí Zebre 22 – 10 chun cinn nuair a stop an réiteoir an cluiche tar éis 40 nóiméad agus níor ligeadh do Chúige Chonnacht iad féin a náiriú dá bharr.

Sa mbaile ar an mBóthar Beag a bheas Cúige Chonnacht (11ú háit) ag tabhairt faoi na Scarlets (10ú háit) an Satharn seo. Dá ainneoin sin agus i bhfianaise thaispeántais fhir an Iarthair san Iodáil seachtain ó shin, teastaíonn athrú iomlán ina gcur chuige. Sin nó náireofar arís iad.

Fág freagra ar 'Cuirfidh Cúige Laighean tástáil cheart ar na Ospreys'