Cuirfear tús ceart leis an mórtas agus an maíomh má éiríonn go maith le Sasana anocht

Níor chaill Stáit Aontaithe Mheiriceá in aghaidh Shasana riamh i gCorn an Domhain go dtí seo

Cuirfear tús ceart leis an mórtas agus an maíomh má éiríonn go maith le Sasana anocht

Jude Bellingham

Cluichí

An Bhreatain Bheag v An Iaráin – 10.00rn (Grúpa B)
Catar v An tSeineagáil – 1.00in (Grúpa A)
An Ísiltír v Eacuadór – 4.00in (Grúpa A)
Sasana v Stáit Aontaithe Mheiriceá – 7.00rn (Grúpa B)

Rogha an Lae
7.00rn (Grúpa B)

Chuir Sasana tús iontach lena bhfeachtas i gCorn an Domhain 2022 Dé Luain seo caite nuair a bhuail siad greadadh ar an Iaráin, 6-2, sa chéad chluiche i nGrúpa B. Bhí cuma láidir go maith ar Shasana sa chluiche céanna agus bhí Jude Bellingham agus Bukayo Saka go háirithe ar fheabhas.

Bhí sciorta den ádh orthu nuair a bhí ar chúl báire na hIaráine an pháirc a fhágáil théis deich nóiméad, áfach, tar éis dó bualadh faoi dhuine ar a fhoireann féin agus cé nach bhféadfaí mórán milleáin a chur ar an té a tháinig isteach ina áit as na cúil a scóráil Sasana, cinnte chuir sé isteach ar an Iaráin.

Scóráil Sasana sé chúl sa chluiche sin, agus cé nár éirigh le Harry Kane ceann ar bith a fháil, ábhar imní a bhí ann do Gareth Southgate mar sin féin go raibh Kane ag streachailt le gortú rúitín. Deirtear go bhfuil tosach Tottenham Hotspur togha chun imirt anocht, áfach, agus é ag iarraidh a chéad chúl sa chomórtas a scóráil.

Bhí cuma mhaith ar Stáit Aontaithe Mheiriceá sa chéad leath den chluiche in aghaidh na Breataine Bige. Tá ceann de na foirne is óige ag an gcomórtas ag Meiriceá agus bhí an luas agus an fuinneamh atá acu le feiceáil sa chéad 45 nóiméad sin. D’athraigh cúrsaí sa dara leath agus bhí ceannas ag an mBreatain Bheag ar an imirt. D’fhéadfadh go raibh baint ag easpa taithí leis sin agus ní plean maith a bhí ag imreoirí na Stát Aontaithe titim siar ag iarraidh a gcéilí comhraic a choinneáil amach seachas tuilleadh brú a chur orthu.

Níor chaill Stáit Aontaithe Mheiriceá in aghaidh Shasana riamh i gCorn an Domhain go dtí seo. Bhí bua stairiúil acu i 1950 agus comhscór a bhí idir na foirne in 2010. Beidh na Sasanaigh lán de mhuinín anocht, áfach, agus seans go gcuirfear tús ceart leis an mórtas agus an maíomh má éiríonn go maith leo.

Fág freagra ar 'Cuirfear tús ceart leis an mórtas agus an maíomh má éiríonn go maith le Sasana anocht'