‘Cuirfear síneadh ama trí seachtaine leis na srianta má bhíonn daoine á sárú’ –  an Taoiseach

‘Fúinne go léir atá sé’ cé acu an ndéanfar níos boige na beartais dianghlasála ar an 5 Bealtaine nó nach ndéanfar, arsa an Taoiseach Leo Varadkar

‘Cuirfear síneadh ama trí seachtaine leis na srianta má bhíonn daoine á sárú’ –  an Taoiseach

Leo Varadkar. Pictiúr: Leon Farrell/Photocall Ireland

Deir an Taoiseach Leo Varadkar gurb amhlaidh go gcaithfí síneadh ama trí seachtaine eile a chur leis an dianghlasáil má bhíonn daoine ag sárú na srianta Covid-19 fiú ar feadh cúpla uair an chloig.

Dúirt sé go raibh greim maith againn ar an ngalar sa phobal agus go raibh seans maith go maolófaí na srianta ar an 5 Bealtaine.

“Fúinne go léir atá sé,” a dúirt sé.

Éinne a bheadh ag cuimhneamh ar neamhaird a dhéanamh ar na srianta, ba chóir dóibh cuimhneamh go mbeadh praghas le híoc ar a gcinneadh, arsa an Taoiseach Leo Varadkar.

Thug Bus Átha Cliath le fios níos luaithe inniu go bhfuil an líon paisinéirí ar na busanna ag ardú ó lá go lá le seachtain agus go raibh níos mó daoine ar an mbus gach lá an tseachtain seo ná a bhí ó ordaíodh do dhaoine fanacht sa mbaile.

Ag preasócáid an Rialtais, dúradh go raibh an Garda Síochána ag coinneáil súil ar an leibhéal tráchta agus ag tathant ar an bpobal cloí go hiomlán leis na treoirlínte sláinte phoiblí atá i bhfeidhm i gcónaí.

Idir an dá linn, léiríonn figiúirí nua atá eisithe ag Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) gur in ionaid chúraim a bhásaigh an tríú cuid de na daoine a bhásaigh ansin de bharr an choróinvíris.

De réir na staitisticí seo 276 duine a chuir an coróinvíreas den saol sa Tuaisceart roimh an 17 Aibreán agus bhí 93 duine acu sin nó 33.7% in ionaid chúraim.

Fógraíodh chomh maith inniu go raibh cúigear déag eile a raibh Covid-19 orthu básaithe sa Tuaisceart.

1,072 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 278 duine ó thuaidh agus 794 ó dheas.

20,729 cás den choróinvíreas atá deimhnithe, 17,607 cás ó dheas agus 3,122 cás ó thuaidh.

Léiríonn figiúirí go bhfuil suas le 100 cás nua den choróinvíreas á ndeimhniú in ionaid chúraim ó dheas gach lá agus gur ag ardú atá an figiúr i gcónaí.

A mhalairt atá ag tarlú sa bpobal, tá an líon cásanna a dheimhnítear sa bpobal beagán faoi 500 sa lá ach is ag ísliú atá sé.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go gcaithfeadh laghdú suntasach a bheith ar líon na gcásanna in ionaid chúraim chónaithe sula bhféadfaí aon scaoileadh nó maolú a dhéanamh ar na srianta. 

Tá sé ráite ag Paul Reid, Príomhfheidhmeannach an HSE, go bhfuil an-dlús curtha leis an tástáil sna hionaid chúraim agus go bhfuil tástáil curtha faoin tráth seo ar 18,000 den fhoireann agus na daoine atá ag cur fúthu sna hionaid.

Dúirt an Dr Tony Holohan, go scrúdófaí inniu cibé athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na critéir chun tástáil a chur ar dhuine sa bpobal don ghalar agus faoi cén uair a dhéanfaí an tástáil sin.

Idir an dá linn, tá rabhadh láidir eisithe ag Reckitt Benckiser, an dream ar leo Dettol, nár cheart  “is cuma céard a tharlaíonn” instealladh dá gcuid táirgí féin a thógáil ná iad a ithe ná a ól.

D’eisigh Reckitt Benckiser an rabhadh sin nuair a thug an Uachtarán Mheiriceá Donald Trump le fios go mb’fhéidir go bhféadfaí iad a úsáid mar leigheas ar an gcoróinvíreas.

Dúirt Trump go bhféadfadh daoine instealladh díghalráin a fháil mar leigheas ar an víreas.

Is substaintí contúirteacha iad díghalráin agus d’fhéadfaidís a bheith nimhiúil má ligtear isteach sa gcorp iad.  Fiú amháin tá contúirt ag baint le díghalráin má theagmhaíonn siad leis an gcraiceann, na súile ná an córas riospráide.

Dúirt Donald Trump chomh maith go raibh sé ag caint ar an bhfón le Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson, tar éis dó an t-ospidéal a fhágáil agus go raibh sé “thar cionn” agus gur dóigh leis go raibh sé “réidh chun oibre”.

Sa Spáinn, tá líon na ndaoine a chuir an coróinvíreas den saol ag titim i gcónaí sa Spáinn agus an 367duine a bhásaigh ar an Aoine an líon is lú a bhásaigh aon lá le mí.

Sé chás nua an t-eolas is déanaí atá fógartha sa tSín agus ní bhfuair aon duine eile bás ón víreas ansin.

Sa Fhrainc, dúirt an tUachtarán Emmanuel Macron go raibh rún ag an Rialtas mioneolas a chur ar fáil “Dé Máirt dá bhféadfaí” faoi phlean an rialtais maidir leis an dianghlasáil a scaoileadh.

Fág freagra ar '‘Cuirfear síneadh ama trí seachtaine leis na srianta má bhíonn daoine á sárú’ –  an Taoiseach'