Cuirfear deireadh leis an gcaint má éiríonn le foireann na hÉireann anocht

Cé gur chaill Éire in aghaidh na Seirbia, fuair siad dhá chúl agus thug taispeántas níos fearr ná mar a rinne ó thús ré Stephen Kenny

Cuirfear deireadh leis an gcaint má éiríonn le foireann na hÉireann anocht

Enda Stevens agus Matt Doherty. Pictiúr: INPHO/Nikola Krstic

Éire v Lucsamburg – Baile Átha Claith, 7.45pm (Beo ar RTÉ agus Sky Sports)

Tá críoch faoi dheireadh leis an mbuairt a bhí ann faoin easpa cúl a bhí ag cur as d’fhoireann na hÉireann.

Cé gur chaill Éire in aghaidh na Seirbia Dé Céadaoin, fuair siad dhá chúl agus thug taispeántas níos fearr ná mar a rinne ó thús ré Stephen Kenny. Má thugtar taispeántas maith eile tráthnóna agus Lucsamburg a chloí, bheadh deireadh le go leor den chur agus cúiteamh a bhí ann go dtí seo faoin mbainisteoir.

Is cuma cé chomh lag is atá foireann na hÉireann i láthair na huaire, ba cheart go bhfaighidís an ceann is fearr ar Lucsamburg, atá sa 98ú háit ar domhan de réir rangú FIFA, 56 áit chun deiridh ar Éirinn. Chaill Lucsamburg sé cinn de na hocht gcluiche a d’imir siad i gcomórtas cáilithe EURO 2020.

In ainneoin gur chaill Éire i mBéalgrád Dé Céadaoin seo caite, ba cheart go dtabharfadh an taispeántas deiridh misneach don fhoireann. Bhain Stephen Kenny triail as córas nua cúigear cosantóirí agus cé gur scaoil an fhoireann isteach trí chúl, aisteach go leor níor ghéill siad don oiread sin seansanna.

Níor chruthaigh na hÉireannaigh mórán deiseanna ach an oiread. Bhí an imirt i lár na páirce lán fuinnimh, agus Alan Browne go háirithe os cionn a bhuille, ach thuirsigh na himreoirí sa dara leath.

Tá muid fós ag fanacht ar Aaron Connolly barr a chumais a bhaint amach i ngeansaí na hÉireann. Bhí ar Connolly an pháirc a fhágáil agus gan ach beagán os cionn uair an chloig imeartha aige an oíche faoi dheireadh agus é traochta. Is mór an spreagadh a thabharfadh cúl inniu d’fhear na Gaillimhe.

Fear eile nach raibh cluiche rómhaith aige é an cúl báire Mark Travers ach ba é sin an chéad chluiche ag an bhfear óg d’Éirinn agus ní raibh an dara rogha ag Stephen Kenny ach é a roghnú agus Darren Randolph, Caoimhín Kelleher agus Kieran Westwood in easnamh.

Má tá gaisce mór á dhéanamh ag Gavin Bazunu sa traenáil beidh cinneadh le déanamh ag an mbainisteoir ach mura bhfuil, b’fhiú seans eile a thabhairt do Travers agus do na himreoirí eile a d’imir d’Éirinn i lár na seachtaine.

Ar an dea-uair, níl aon duine chomh cumasach le Dušan Tadić ar fhoireann Lucsamburg agus níor cheart go n-íocfadh na hÉireannaigh chomh daor céanna as chuile bhotún.

Fág freagra ar 'Cuirfear deireadh leis an gcaint má éiríonn le foireann na hÉireann anocht'