Cuireann máinlia cóta bán air féin roimh obráid, cén fáth nach ngléasfadh an scríbhneoir suas don obair!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: cleas scríbhneoireachta a d’oibreodh nuair a mhothódh scríbhneoir beagáinín leamh

Cuireann máinlia cóta bán air féin roimh obráid, cén fáth nach ngléasfadh an scríbhneoir suas don obair!

Cuireann máinlia cóta bán air féin sula dtugann sé faoi obráid chroí.

Cuireann péintéir éide oibre air féin sula dtugann sé faoi bhalla bán.

Cuireann fir agus mná gnó cultacha costasacha orthu féin a chuireann lena stádas. 

Cuireann an léitheoir nuachta carbhat air féin sula dtugann sé dúinn drochscéalta an lae.

An cailín ag cuntar íocaíochta an ollmhargaidh, an barista sa teach caife, an maor tráchta a choinníonn raonta rothar na cathrach saor ó charranna a bheadh páirceáilte go mídhleathach: bíonn éide oibre orthu ar fad, éide a chothaíonn meas agus údarás i measc an phobail agus féinmhuinín sa té a bhfuil sí á caitheamh aige.

Ach an scríbhneoir, cén feisteas a bhíonn mar chrann taca morálta aige siúd agus é i mbun pinn?

Is cuma sa sioc ar bhealach: d’fhéadfá úrscéal a scríobh agus tú lomnocht ag do dheasc lá i ndiaidh lae agus ní bheadh a fhios ag duine ar bith é – chomh fada is a chuirfeá culaith néata nó gúna deas ort féin ag an seoladh leabhair, nó b’fhéidir an sarong álainn sin a cheannaigh tú sa Téalainn.

Mar scríbhneoir, is iontach liom féin an tsaoirse a bhaineann le chuile ghné de mo cheird – ach uaireanta bím in éad leis an ngarda, leis an tiománaí bus, leis an nglantóir sráide agus le hoibrithe eile a mbíonn éadach ar leith mar chrann taca acu.

Sin é an fáth gur maith liom gléasadh suas don obair ó am go chéile.

An lá cheana, agus radharc á scríobh agam ina dtugann athair a mhaicín óg chuig cluiche sacair den chéad uair, chuir mé léine shacair orm féin sula ndeachaigh mé i mbun pinn. Agus dathanna a fhoirne á gcaitheamh agam, mhothaigh mé níos gaire do mheon an athar; b’fhacthas dom gur bealach isteach a bhí sa léine in aigne an charachtair a raibh mé ag plé leis.

Oibríonn an cleas seo – gléasadh suas roimh bhabhta scríbhneoireachta – le héadaí nach mbeadh á gcaitheamh agat de ghnáth. Éadaí nach mbeifeá ar do chompord iontu, b’fhéidir, agus a mbeadh tionchar acu ar d’aigne dá bharr. (Tá an ghráin shíoraí agam féin ar shacar, ach tharla gur bhronn cara léine orm uair amháin. Níor chaith mé riamh í. Nuair a chuir mé orm í agus mé ag réiteach don radharc thuasluaite, mhothaigh mé mo ghiúmar ag athrú ar an bpointe boise.)

Ní gá go mbeadh baint dhíreach ag an bhfeisteas a chuirfeá ort agus a mbeadh á scríobh agat, mar a bhí sa sampla thuas. Má mhothaíonn tú go bhfuil rud éigin sa bhreis ag teastáil ó phíosa scríbhneoireachta a bheadh idir lámha agat, bain triail as peann a chur le páipéar gan ort ach do chuid fo-éadaí – nó, a mhalairt, téigh i mbun pinn agus culaith néata agus carbhat á gcaitheamh agat. Rud ar bith a d’athródh do ghnáthmheon oiread na fríde, le go mbeadh dearcadh úr agat ar pé rud a bheadh á scríobh agat.

Rabhadh mar fhocal scoir. Ná déan nós agus ná bris nós. Uair sa chéad a bhainim féin úsáid as an gcleas seo – ach sin é an fáth go n-oibríonn sé.

Fág freagra ar 'Cuireann máinlia cóta bán air féin roimh obráid, cén fáth nach ngléasfadh an scríbhneoir suas don obair!'