‘Cuimlíonn saoririseoir atá suite taobh linn deoir dá shúil. Maraíodh cuid dá lucht aitheantais…’

Tuairisc ó Pháras faoin atmaisféar sa chathair sin lá i ndiaidh ionsaí Charlie Hebdo

247CCB7800000578-2900835-image-a-21_1420660875014

Éiríonn Bernard, fear 72 bliain d’aois as Páras, dá stól chun íoc as a chupán caife.

Ní deir sé ach ‘Je suis Charlie’ agus é ag imeacht.

Caife sa 14ú arondissiment i bPáras ar maidin inniu, agus tá an dream a thaithíonn an áit gach lá suite ag an gcuntar mar is iondúil.

Ach an mhaidin áirithe seo níl tada á rá acu.

Tost atá anois ann san áit a mbíonn an saol á chur trí chéile ag lucht cabaireachta agus caife de ghnáth.

Tost faoi scáth an bhróin agus na geite atá le brath inniu, mar atá le brath ar fud na cathrach.

Tosaíonn an té a shuíonn le taobh Bernard chuile mhaidin ag caint sa deireadh.

Léann sí os ard scéal nuachta óna iphone faoi eachtra lámhaigh a tharla níos luaithe ar maidin in Montrouge i ndeisceart Pháras. Tuairiscítear gan aon bhaint a bheith ag an scéal le hionsaí Charlie Hebdo, ach baineann sé creathadh as lucht an chaifé mar sin féin.

Cuimlíonn saoririseoir ón gceantar atá suite taobh linn deoir dá shúil. Maraíodh cuid dá lucht aitheantais san ionsaí agus fágadh cuid eile acu gortaithe.

Tugann sé aghaidh ar an tsráid, lipéad ‘Je suis Charlie’ greamaithe dá chóta.

Ag meánlae inniu, de réir an chloig anseo, bhí nóiméad ciúnais ann ar fud na tíre.

Cuireadh stop le seirbhísí RATP, metro, bus agus trama agus stadadh den obair in oifigí ar fud na cathrach. Bhailigh státseirbhísigh le chéile in áiteanna poiblí mar chomhartha ómóis.

Ghlac an OECD i bPáras, dream a ndíríodh Charlie Hebdo orthu le teann magaidh go minic, ghlac siad grianghraf dá n-ócáid ómóis féin. Chuir siad an pictiúr in airde ar Twitter leis an teachtaireacht, “Is Charlie muid ar fad, nach iad Cabu agus Honore a bheadh ag gáire dá bhfeicfidís é seo!”

Bhí Philippe Honore (73) agus Jean Cabut (75) i measc na marbh inné.

I mbunscoil sa cheantar seo, chaith rang CM1 (macasamhail ‘Rang a Cúig’ in Éirinn) an mhaidin ag tarraingt pictiúr bunaithe ar Charlie Hedbo agus á gcrochadh ar an gclár dubh.

Tá an scéal seo ag goilliúnt ar chuile dhuine, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.

‘Ils ont tué Cabu!’ (Tá Cabu maraithe acu!) na chéad fhocail a bhí le léamh in eagarfhocal an nuachtáin Liberation, mar a ligfí scread úafáis: Ní chreidim seo!

Macalla é ar an suaitheadh intinne atá ar mhuintir na Fraince ar fad i ndiaidh an ionsaí sceimhlitheoireachta ar oifigí Charlie Hebdo inné a d’fhág 12 marbh agus go leor eile gortaithe.

Tá ionsaí déanta ar na cearta is bunúsaí agus is tábhachtaí ag muintir na tíre seo – saoirse cainte agus saoirse an phreasa.

Cabu, Charb, Tignous, Wolinski – is daoine iad a bhfuil cáil orthu ar fud na Fraince.

‘Saighdiúirí na saoirse’ a thug an polaiteoir Robert Badinter orthu ar theilifís na Fraince aréir.

Más ea, ba é an t-armlón a bhí ag na maisitheoirí misniúla, cumasacha seo ná an greann agus an easpa urraime.

Saighdeadh, sin an uirlis chatha a bhí ag Charlie Hebdo a throid i gcónaí in aghaidh na tuairimíochta antoiscí agus an chiníochais.

Ní bhainfidh Cabu, Charb agus a gcomrádaithe aon gháire níos mó as muintir na Fraince ach d’fhág siad le huacht acu an rosc catha ‘Maireann Charlie Hebdo beo’.

Airíonn tú anois anseo i bPáras nach gan cúis ar fad a cailleadh na daoine cróga cliste seo.

Tá eagarthóirí agus iriseoirí ar aon intinn faoi; caithfear an chéad eagrán eile de Charlie Hebdo a chur i gcló. Ní fios d’aon duine cén chaoi a ndéanfar sin, ach tá chuile dhuine den bharúil go gcaithfear é a dhéanamh agus go ndéanfar é.

Ba é Rassemblement an focal ba thábhachtaí a dúirt Francois Hollande ina theachtaireacht speisialta ar an teilifís ag 8pm aréir. Ciallaíonn Rassemblement ‘ní neart go cur le chéile’.

Rinne Hollande beart de réir a bhriathair nuair a thug sé cuireadh do Nicolas Sarkozy teacht go dtí an Palais Élysée ar maidin. Cuireadh suaithinseach ab ea é agus fógra go raibh an Fhrainc aontaithe ó thaobh na polaitíochta de in aghaidh an uafáis.

Tháinig daoine le chéile ar fud na Fraince inné. Ina dtost a bhí a bhformhór. D’ardaigh iriseoirí a gcártaí preasa. Rinne mic léinn amhlaidh le pinn agus pinn luaidhe; ‘uirlisí catha’ s’acu in aghaidh na sceimlitheoirí.

Tá mórshiúil eagraithe don Domhnach beag seo a bhfuil sé i gceist leis daoine as gach uile chúlra creidimh agus polaitíochta a thabhairt le chéile.

Tá an teachtaireacht soiléir: Níl faitíos orainn – Je suis Charlie.

 

Fág freagra ar '‘Cuimlíonn saoririseoir atá suite taobh linn deoir dá shúil. Maraíodh cuid dá lucht aitheantais…’'