Cuimhnímis ar na gardaí a fuair bás agus iad ar dualgas

Nócha ball de na gardaí, a maraíodh ón uair a bunaíodh an Stát – Kevin Flatley an duine is déanaí acu

Cuimhnímis ar na gardaí a fuair bás agus iad ar dualgas

‘Ná déan aon phlean,’ a deir siad, ‘nó beidh Dia ag magadh fút.’ Níl ann ach cúpla lá ó bhí mé ag caint le duine de na paidléirí in mo chlub bád dragan. Sáirsint sna gardaí atá inti agus shíl mé go mbeadh ábhar colúin domsa ina saol laethúil sna gardaí i gceann de na stáisiún is mó sa tír. Rinneamar coinne labhairt lena chéile lá nó dhó ina dhiaidh sin.

Chuir sí teachtaireacht chugam. Ní fhéadfadh sí labhairt an tseachtain seo agus í faoi ualach bróin tar éis mharú an gharda Kevin Flatley. Ní hé amháin go raibh aithne phearsanta aici féin air ach bhí ceangal caradais idir an dá chlann, trína tuismitheoirí.

Bhain sé sin siar asam – tá sise i lár na cathrach agus bhí an Garda Flatley ar dualgas i mBaile Brigín. Ach sin saol na ngardaí – athraíonn siad thart agus ní bheadh a fhios agat cá as a dtáinig siad nó cá mbíodh siad ar dualgas.

Nuair a chuimhneofar ar na gardaí a fuair bás agus iad ar dualgas ag searmanas i gCaisleán Bhaile Atha Cliath Dé Sathairn, beidh ainm an Gharda Kevin Flatley curtha ar an liosta a mbeidh 90 ainm leis anois.

Beidh cuimhne nó ceangal ag go leor daoine le duine amháin ar a laghad ar an liosta sin, tá mé cinnte.

Gach uair a luaitear an Bleachtaire Garda John Morley a dúnmharaíodh in éindí leis an nGarda Henry Byrne, i mí Iúil 1980, cuimhním ar an aithne a bhí agam féin air. Bhí cónaí air i mBealach a’Doirín agus bhreathnaigh muintir an bhaile air mar dhuine díobh féin.

Dúradh ag an am gur buíon de chuid an INLA a robáil an banc i mBealach a’Doirín, an eachtra a chríochnaigh go fuilteach le dúnmharú an bheirt ghardaí. Faoin am sin, bhí John, a bhí ar dhuine de na himreoirí peile ab fhearr riamh i Maígh Eo, nó i gConnachta b’fhéidir, aistrithe ón mbaile s’againne go baile eile.

Beidh cuimhne ag roinnt mhaith daoine ar a chuid éachtaí peile ach is cuimhin liom féin eachtra níos gaire don chnámh agus atá ina léiriú ar shaol an gharda i mbaile beag tuaithe.

Sea, chaith sé amach as an bpub mé. Ní cuimhin liom gur dhúirt sé ‘have ye no homes to go to?’ Ach seans gur dhúirt sé rud éigin dá shórt. Bhí slua mór againn istigh i mbeár an óstáin i mbarr an bhaile agus bhí sé deireanach go maith san oíche, uair éigin i dtús na seachtóidí. Mar a tharla, bhí an Banc a robáladh roinnt blianta ina dhiaidh sin, trasna an bhóthair ón óstán agus thug cara liom, agallamh gearr do Nuacht RTÉ faoin méid a chonaic sé den robáil. Gach seans go raibh seisean san óstán freisin nuair a leaindeáil John Morley ar an tairseach. Gach seans gur imríodar peil lena chéile.

Taobh amuigh den bhaile a tharla an troid fhíochmhar idir na gardaí agus na robálaithe a d’fhág an bheirt ghardaí marbh. Tháinig beirt eile slán.

Go dtí gur maraíodh an Garda Kevin Flatley an lá cheana ba é an Garda Colm Horkan an duine deireanach ar liosta na marbh. Agus bhí ceangal aigesean freisin le Bealach a’Doirín. Chaith sé na blianta ar dualgas ann agus b’as Baile Chathail, roinnt ciliméadar uaidh, ó thús é. Ba sa gCaisleán Riabhach, baile eile a bhí gar dúinn, a tharla an marú.

Tá sé suntasach go raibh ceangal go minic ag garda a maraíodh, cosúil le Colm Horkan, le saol Chumann Lúthchleas Gael. Léiríonn sé sin níos fearr ná aon rud eile cé chomh sáite i saol an bhaile a bhíonn an Garda Síochána. Ba léir go raibh lucht an chumainn áitiúil i mBaile Brigín croíbhriste nuair a chuala siad faoi bhás an Gharda Flatley. Ní hé amháin go raibh a bheirt iníonacha páirteach sa chumann, ach bhí sé féin ina chóitseálaí ar cheann de na foirne óga sa chlub.

Bím faoi gheasa go minic ar an Domhnach ag na fir agus na mná óga a théann chun páirce ag traenáil cailíní agus buachaillí óga i gclubanna Chumann Lúthchleas Gael. Samhlaím gur múinteoirí cuid díobh agus gardaí cuid eile. Bíonn siad lúfar, lán fuinnimh agus iad ag gríosú daoine óga chun an liathróid a phasáil ag a chéile, chun tabhairt faoi scóráil, chun páirt a ghlacadh sa traenáil roimh ré – agus ní hé gach duine den dream óg a ghlacann go fonnmhar leis an gcomhairle uathu.

Ach bíonn siad ansin, seachtain i ndiaidh seachtaine, leis na málaí liathróidí, leis an trealamh, lena gcuid feadóg, agus iad réidh le glúin eile a thabhairt chun cinn sa spórt.

Sa mbliain 1922 a maraíodh an chéad Gharda Síochána sa Stát nua. Ní raibh Harry Phelan ach 21 bliain d’aois. Sé mhí a bhí caite aige sa bhfórsa. Ar nós go leor a bhí ar comhaois leis, bhí tréimhse caite aige ag troid i gCogadh na Saoirse. Fear mór CLG a bhí ann.

Ar an 14 Samhain 1922, chuaigh sé go dtí an siopa le camáin a cheannach – bhí sé féin agus a chuid comrádaithe sa bhfórsa ag smaoineamh ar fhoireann iománaíochta a thosú i gCallainn, Co Chill Chainnigh. Tháinig beirt fhear armtha isteach sa siopa agus scaoil urchair leis. Maraíodh ar an toirt é.

I 1926, ionsaíodh 14 stáisiún gardaí, maraíodh beirt ghardaí agus gortaíodh go leor eile. Ceapadh go mb’fhéidir go gcuirfeadh sé sin tús le ‘éirí amach’ eile sa tír. Bliain ina dhiaidh sin, maraíodh an tAire Dlí agus Cirt, Kevin O’Higgins, agus é ar a bhealach chuig an Aifreann i mBaile an Bhóthair, síos an bóthar uaim anseo.

Ach níor tharla aon éirí amach agus coinníodh an tsíocháin agus an daonlathas. Ina dhiaidh sin féin, ní féidir leis na húdaráis an comhartha a cuireadh suas ar an mballa ag comóradh an aire a maraíodh ag an spota sin a choinneáil slán. Mura mbeadh a fhios agat go bhfuil cros bheag bhídeach, scríofa sa suimint ar an gcosán, ní bheadh tada le feiceáil agat ag comóradh an fhir.

Nócha ball de na gardaí, a maraíodh ón uair a bunaíodh an Stát. Cuid díobh sin a maraíodh i dtimpistí bóthair, cuid díobh a maraíodh de bharr eachtraí le daoine a raibh cúrsaí meabhairshláinte ag cur as dóibh, agus cuid eile a maraíodh de bharr stair fhuilteach na tíre agus an rian a d’fhág sí sin ar an tír. Agus anois faraor, tá ainm nua le cur leis an liosta sin.

Fág freagra ar 'Cuimhnímis ar na gardaí a fuair bás agus iad ar dualgas'