Cúilíní spreagúla Mhaigh Eo, deacrachtaí Con, gaiscí mhuintir Furlong agus dul chun cinn na Mí

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na scéalta is suimiúla ó chluichí móra Chumann Lúthchleas Gael an deireadh seachtaine

Cúilíní spreagúla Mhaigh Eo, deacrachtaí Con, gaiscí mhuintir Furlong agus dul chun cinn na Mí

Ryan O’Donoghue. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ní féidir le Maigh Eo brath i gcónaí ar chúilíní inspioráideacha

Tá céim mhór tugtha ag Maigh Eo i dtreo Chraobh Shinsir Peile na hÉireann a bhuachan den chéad uair ó 1951 agus an ceann is fearr faighte acu ar Áth Cliath. Bhí foireann James Horan iontach i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn agus a sean-naimhde cloíte acu faoi dheireadh ach tá cluiche ceannais fós le buachan ag Maigh Eo agus beidh gá le feabhas in aghaidh Chiarraí nó Tír Eoghain.

Cé go raibh sí lag go maith sa chéad leath, bhí cosaint Mhaigh Eo ar fheabhas ina dhiaidh sin agus an bua is mó atá ag an bhfoireann seo léirithe arís. Ar an taobh eile den pháirc, fuair leithéidí Tommy Conroy agus Ryan O’Donoghue pointí inspioráideacha a spreag an fhoireann agus an slua. Ní féidir le Maigh Eo brath ar ghaiscí den chineál sin i gcónaí, áfach.

D’eascair an-chuid de scóranna Mhaigh Eo as iarrachtaí a tosaíodh i bhfad amach ón gcúl. Níor aimsigh siad ach dhá scór ón imirt sa chéad leath agus is ó chiceanna fada ó Matthew Ruane agus Conor Loftus, imreoirí lár páirce, a tháinig siad.

B’amhlaidh an cás sa dara leath agus scóranna den scoth faighte ag Conroy agus O’Donoghue ach beidh laethanta eile ann, agus tá cleachtadh ag Maigh Eo ar a leithéid, nach n-éireoidh leis na hiarrachtaí sin. Aon phointe amháin a fuair Maigh Eo taobh istigh den líne 21m nó den ‘D’ i gcaitheamh an tráthnóna, ceann Tommy Conroy sa séú nóiméad den am breise a chuir Maigh Eo chun tosaigh den chéad uair sa chluiche.

Má tá Maigh Eo chun an beart a dhéanamh sa chluiche ceannais an mhí seo chugainn, déarfá go mbeidh orthu an fhadhb sin a réiteach agus deiseanna níos éasca a chruthú.

 

Con O’Callaghan. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Léiriú ar dheacrachtaí Átha Cliath i dtaispeántas Con

Bhíothas ag súil roimh an gcluiche idir Maigh Eo agus Áth Cliath go spreagfadh an ócáid mhór i bPáirc an Chrócaigh imreoirí Átha Cliath agus b’amhlaidh a tharla sa chéad leath den chluiche. Bhí seaimpíní na hÉireann lag go maith sna cluichí roimhe sin ach bhí siad ar ais ar a seanléim arís, nó gar go maith di, sa chéad chuid den chluiche in aghaidh Mhaigh Eo.

Ba léir sin ar imirt Con O’Callaghan, go háirithe. Is beag a bhí déanta ag gaiscíoch Átha Cliath go dtí seo sa chraobh ach sa chéad deich nóiméad in aghaidh Mhaigh Eo, chruthaigh sé scór do Chiarán Kilkenny, rinne sé gaisce agus an liathróid a bhaint de Stephen Coen i ngreamú agus fuair sé pointe dá chuid féin chun Áth Cliath a chur 0-4 in aghaidh 0-0 chun cinn.

Chuaigh rudaí tuathal air dhiaidh sin. Cé go raibh Pádraig O’Hora á mharcáil ag tús an chluiche, cuireadh Paddy Durcan tamall agus ansin Lee Keegan á mharcáil agus níl aon amhras ach gurbh iad fir Mhaigh Eo a fuair an ceann is fearr sna coimhlintí sin.

An chéad uair eile a raibh O’Callaghan san imirt, bhí cárta buí á fháil aige as Keegan a thabhairt chun talaimh agus Maigh Eo ar an ionsaí. Scóráil Rob Hennelly an cic saor. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, d’fhág Keegan O’Callaghan ina dhiaidh agus é bailithe leis ar ruathar agus faoin am go raibh an liathróid curtha thar an trasnán ag cosantóir Mhaigh Eo, bhí O’Callaghan leathchéad slat taobh thiar de.

 

Martin Furlong sa slua i bPáirc an Chrócaigh. Bhí garmhac leis, John, ag imirt d’Uíbh Fhailí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Muintir Furlong ag déanamh gaisce d’Uíbh Fhailí go fóill

Lá stairiúil ab ea an lá inné d’Uíbh Fhailí agus Craobh Peile Faoi 20 na hÉireann buaite ag an gcontae. Bhí foirne peile agus iomána an chontae in ísle brí le roinnt blianta anuas ach tá an taoide casta. Bhain peileadóirí sinsir an chontae ardú céime amach ó Roinn 4 na sraithe agus bhuaigh na hiománaithe Roinn 2A agus Corn Christy Ring.

Ba iad gaiscí na foirne peile faoi 20 buaicphointe na bliana, áfach. Bhuaigh Uíbh Fhailí Craobh Laighean an mhí seo caite, an chéad uair d’aon fhoireann peile ón gcontae craobh an chúige a thabhairt leo ó 1997 agus rinneadar an beart i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Ros Comáin.

B’in an chéad chraobh uile-Éireann a bhuaigh peileadóirí Uíbh Fhailí ó bhuadar  Craobh Faoi 21 na hÉireann i 1988. Mar a tharlaíonn sé, ba é an bua sin an t-aon cheann de na sé chraobh uile-Éireann atá buaite ag an gcontae nach raibh duine de mhuintir Furlong ag imirt ar fhoireann Uíbh Fhailí, mar a léirigh an t-iriseoir Pat Nolan ar Twitter.

Bhí Martin Furlong ina chúl báire ar fhoireann na mionúr a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1964 agus ar fhoirne sinsir Uíbh Fhailí a bhuaigh Corn Mhig Uidhir i 1971, 1972 agus 1982. Bhí garmhac leis, John, ina leathchúlaí láir ar fhoireann Uíbh Fhailí a bhuaigh ar Ros Comáin inné.

 

Jennifer Dunne agus Sarah Rowe. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Mná Átha Cliath dosháraithe

Cuireadh deireadh le ré Átha Cliath mar churaidh ar chraobh peile na bhfear Dé Sathairn ach seans go mbeidh tamall eile ann sula bhfaighfear an ceann is fearr ar mhná na príomhchathrach. Tá Áth Cliath ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann tar éis dóibh Maigh Eo a bhualadh i bPáirc an Chrócaigh agus foireann Mick Bohan sa tóir ar a cúigiú craobh as a chéile.

Bhí Áth Cliath faoi mhíbhuntáiste ón tús agus Carla Rowe, Niamh McEvoy agus Niamh Collins, triúr de na himreoirí is fearr ar an bhfoireann, fágtha ar an taobhlíne toisc gortuithe a bheith ag cur as dóibh. Is ar an mbinse freisin a bhí duine eile de laochra Átha Cliath, Sinéad Goldrick, cé gur éirigh léi teacht isteach mar ionadaí.

Bheadh cailliúint duine nó beirt de na himreoirí sin ina bhuille marfach do go leor foirne ach tháinig Áth Cliath tríd gan mórán stró. Seo í an chéad bhliain ag Hannah Tyrell ar ais ag imirt leis an bhfoireann tar éis di a bheith ag imirt rugbaí agus bhí sí ar fheabhas ar fad in aghaidh Mhaigh Eo agus cúig phointe scóráilte aici. D’fhág taispeántais eile ó leithéidí Siobhán Killeen, Caoimhe O’Connor agus Sinéad Aherne nach rómhór a d’airigh Áth Cliath uathu an triúr a bhí ar iarraidh ach mar sin féin beidh súil acu go mbeidh gach duine ar fáil don chluiche ceannais.

 

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ábhar machnaimh i ngaisce mhná na Mí

Bhí bua gan choinne ag mná na Mí sa chluiche leathcheannais agus Corcaigh buailte acu i ndiaidh ama breise. Bhí an Mhí sé phointe chun deiridh agus gan ach nóiméad go leith fágtha den ghnáth-am ach scóráil Stacey Grimes cic éirice agus fuair Emma Duggan, a raibh an-chluiche aici, cúl eile a chuir na foirne ar comhscór. Bhain na cúil stangadh as Corcaigh agus thug an Mhí an bua leo san am breise.

Agus caint ann struchtúr chraobh peile na bhfear a athrú agus dhá chraobh a thabhairt isteach in áit aon cheann amháin, léiriú atá i ngaisce na Mí go n-oibríonn an córas sin anois agus arís.

Bhuaigh an Mhí Craobh Idirmheánach na hÉireann anuraidh, rud a thug áit dóibh i gcomórtas na sinsear, agus tá siad imithe ar aghaidh anois agus cluiche ceannais na hÉireann bainte amach acu.

Ní féidir comparáid chruinn a dhéanamh idir córais na mban agus na bhfear agus is léir fadhbanna leis na craobhacha atá i bhfeidhm san iomáint ach léiríonn dul chun cinn na Mí gur féidir leis an gcóras seo oibriú.

Fág freagra ar 'Cúilíní spreagúla Mhaigh Eo, deacrachtaí Con, gaiscí mhuintir Furlong agus dul chun cinn na Mí'