Cúil ag pointí cinniúnacha, foighne Átha Cliath agus blas ar an díoltas…

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar a raibh le foghlaim ó chluiche ceannais peile na hÉireann

Carla Rowe tar éis di scóráil. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Cúil ag pointí cinniúnacha

Sárchoimhlint a bhí sa chluiche ceannais inné ach is cinnte go raibh an bua tuillte ag Áth Cliath. Ní raibh Corcaigh chun cinn ach uair amháin sa chluiche, leath bealaigh tríd an gcéad leath nuair a d’aimsigh Orla Finn cic saor a d’fhág go raibh siad, 0-3 in aghaidh 0-2 chun tosaigh.

Bhí trí phointe as a chéile aimsithe ag Corcaigh faoin am sin ach d’éirigh le hÁth Cliath i gcónaí scóranna a fháil ag pointí cinniúnacha sa chluiche. Ní raibh Corcaigh chun cinn ach ar feadh 70 soicind nó mar sin nuair a d’aimsigh Nicole Owens sárchúilín chun Áth Cliath a thabhairt ar ais ar comhscór. Ansin d’aimsigh Sinéad Aherne cic éirice chun bearna trí phointe a chur idir na foirne.

Tháinig Corcaigh ar ais roimh leath ama nuair a fuair Áine O’Sullivan cúl ach arís d’aimsigh Áth Cliath cúilín agus cúl eile chun ceannas a ghlacadh ar a chúrsaí arís.

Ba é an scéal céanna é sa dara leath. Laghdaigh Corcaigh an farasbarr de réir a chéile agus bhí siad ar ais i bhfoisceacht aon phointe amháin agus gan ach 12 nóiméad fágtha. Arís eile, d’éirigh le hÁth Cliath agus Carla Rowe cúl cinniúnach eile a fháil agus, an uair seo, theip ar Chorcaigh teacht aniar a dhéanamh.

Sinéad Goldrick (Áth Cliath). Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Foighne agus taithí Átha Cliath

Déantar go leor cainte faoin stuaim a bhíonn ag foireann na bhfear ag Áth Cliath agus iad i seilbh na liathróide ach bhí mná Átha Cliath gach pioc chomh maith leo inné.

Bhí an chomhimirt roimh chúl Carla Rowe ar fheabhas ar fad agus an pas ceart á thabhairt i gcónaí le linn na gluaiseachta sin, ach is ag deireadh an chluiche is fearr a léirigh siad an taithí atá acu.

Agus beagán os cionn cúig nóiméad fágtha, bhí am ag Corcaigh teacht ar ais agus gan mná Átha Cliath ach ceithre phointe chun cinn. Ar an drochuair do mhná na Mumhan, chuir Áine O’Sullivan iarracht amú agus thapaigh Áth Cliath an deis le ham a mheilt.

Bhí seilbh ag Áth Cliath ar an liathróid ar feadh beagnach dhá nóiméad agus iad ag pasáil na liathróide eatarthu féin. Ba í an lánchúlaí ar chlé Leah Caffrey an t-aon imreoir ar fhoireann Átha Cliath nár leag lámh ar an liathróid sa tréimhse. Ghlac gach imreoir eile ar an bhfoireann páirt sa ghluaiseacht agus choinnigh siad an liathróid ag dul ó thaobh go taobh le 30 pas as a chéile.

Bhí Sinéad Goldrick lárnach sa chomhimirt agus ba í a chuir an liathróid thar an trasnán ag deireadh na gluaiseachta chun Áth Cliath a chur cúig phointe chun cinn. B’in a chniog misneach Chorcaí.

Bainisteoir Átha Cliath, Mick Bohan. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Bíonn blas ar an díoltas

Bua ollmhór a bhí ann d’Áth Cliath. Ní hamháin go bhfuil Craobh na hÉireann buaite acu den dara huair as a chéile den chéad uair riamh ach mar bharr feabhais air sin, ba iad Corcaigh a chloígh siad.

Níl aon dabht ann ach go raibh Áth Cliath ar cheann den dá fhoireann ab fhearr sa tír le cúig bliana anuas, ach b’fhéidir nach bhfuair siad an t-aitheantas a bhí tuillte acu ó tharla gur theip orthu in aghaidh Chorcaí i dtrí chluiche ceannais as a chéile.

Cé gur thug siad Corn Uí Mháirtín leo faoi dheireadh anuraidh, ní raibh orthu Corcaigh a bhualadh chun an gaisce sin a dhéanamh.

Bhuaigh Áth Cliath ar Chorcaigh den chéad uair riamh i bPáirc an Chrócaigh i rith an earraigh, ach ní raibh ann ach cluiche sraithe. Tar éis bhua an lae inné áfach, tá sé le maíomh anois ag Át Cliath gur chuir siad na Muimhnigh de dhroim seoil i gcluiche ceannais agus go ndearna siad amhlaidh le taispeántas den scoth. 

An slua i bPáirc an Chrócaigh. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

A leithéid de shlua i bPáirc an Chrócaigh

Slua 50,141 a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh inné, an slua is mó riamh ag cluiche ceannais peile na mban. B’in an líon is mó daoine a d’fhreastail ar gach cluiche CLG eile i mbliana, seachas cluichí ceannais peile agus iomána na bhfear, na cluichí leathcheannais san iomáint agus an cluiche leathcheannais idir Áth Cliath agus Gaillimh i bpeil na bhfear.

Tá ardú ollmhór tagtha ar an lucht féachana ag cluichí ceannais na mban le blianta beaga anuas agus an tinreamh imithe i méid gach bliain ó 2013, nuair nach raibh ach 25,103 i láthair. Beagnach a dhá oiread sin a bhí i láthair inné.

Is toradh é sin ar an obair atá déanta chun na cluichí a chur chun cinn ach cabhraíonn sé gurb iad Áth Cliath agus Corcaigh a bhí i gcluiche ceannais na sinsear. Ní hamháin gurb iad an dá chontae is mó in Éirinn ó thaobh daonra de ach imríonn siad peil den scoth chomh maith.

Níl na figiúirí ar fáil go fóill do líon na ndaoine a d’fhéach ar chluiche an lae inné ar TG4, ach ba é bua Bhaile Átha Cliath i gcluiche ceannais Pheil na mBan i bPáirc an Chrócaigh anuraidh an cluiche is mó a mheall lucht féachana teilifíse i stair pheil na mban.

Bhí meánlucht féachana 303,800 duine ag breathnú ar chluiche ceannais na sinsear idir Baile Átha Cliath agus Maigh Eo anuraidh, an figiúr is airde ó thosaigh TG4 ag déanamh beochraoladh ar na cluichí in 2001.

Sciar 40% den lucht féachana teilifíse in Éirinn ag an am a bhí ag TG4.

Fág freagra ar 'Cúil ag pointí cinniúnacha, foighne Átha Cliath agus blas ar an díoltas…'