Cúig seachtaine ón lá amárach beidh gaiscígh Seachtar an Taobh na hÉireann ag dul chun páirce

Creidiúint mhór don IRFU agus do na himreoirí a rinne an gaisce i Monacó an tseachtain seo caite na Cluichí Oilimpeacha a bheith bainte amach acu

Cúig seachtaine ón lá amárach beidh gaiscígh Seachtar an Taobh na hÉireann ag dul chun páirce

Imreoirí na hÉireann ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO/Manuel Blondeau

Tá imirt Seachtar an Taobh go mór sa nuacht le seachtain ó bhain foireann rugbaí na hÉireann áit amach ag na Cluichí Oilimpeacha seo amach romhainn – cúig seachtaine ón lá amárach a chuirfear tús leis an gcuid áirid sin d’iomaíocht Thóiceo.

Seachas fios a bheith agam go mbíonn comórtas mór ar siúl i Hong Cong chuile bhliain agus go n-eagraítear Craobh Domhanda d’fhir agus do mhná le scór bliain nó mar sin, ba bheag eile de chur amach a bhí agam i dtaobh an chluiche.

Ghlac mé leis go gcaithfeadh sé go mba rud é a bhí in áit na leathphingine i gcomparáid leis an gcluiche 15 an taobh – díreach mar is amhlaidh ag an bPeil Ghaelach agus ag an Iománaíocht i gcás a bhfoirne laghdaithe siúd.

Ní raibh mé i bhfad amú, cé gur i dtreise atá an Seachtar an Taobh ag dul sa rugbaí agus ar gcúl sna Cluichí Gaelacha – tá seans láidir ann nach bhfaca cuid mhaith agaibh peil ná iománaíocht den saghas sin ariamh murar thug sibh aghaidh ar pháirceanna na gCrócach-Cill Mochuda an lá roimh Chluiche Ceannais na hÉireann ag súil go mbeadh ticéad don lá mór le fáil ar sliobarna ansiúd.

Joe Canning ag imirt do Phort Omna i gcomórtas na gCrócach-Cill Mochuda in 2010. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Bhí imirt Sheachtar an Taobh na gCluichí Gaelacha ina neart sula dtáinig eagar an lae inniu ar chomórtais idirchlubanna CLG – roimh theacht na sraithchomórtas áitiúla go háirid. An uair sin tharlódh go mbeadh club a bhuailfí luath sa gcraobh taobh le dornán cluichí i gcaitheamh na bliana ar fad.

B’iontach an áis iad na Comórtais Seachtair le cur leis na féilte beaga a bhíodh ar siúl ar fud na hÉireann sa samhradh. Cuimhnigh nach raibh aon teilifís ann, ní áirím a bheith in ann cluichí a fheiceáil air. Ach dul siar fada go leor, bhí comórtais ann as a mbíodh rothair le fáil ag na buaiteoirí, nó déanamh culaith éadaigh.

Go fiú le mo linn féin, bhíodh scaití ann nuair a thiocfadh imreoir idirchontae a bhí ar saoire sa gceantar chun páirce le foireann na háite. Is cuimhneach liom Donie O’Sullivan a bhuaigh Craobh Peile na hÉireann le Ciarraí ceithre huaire a bheith ag imirt i gcomórtas Seachtar an Taobh i Ros an Mhíl i ndeireadh na 1960idí nuair a bhí sé ar chúrsa ar an gCeathrú Rua. Ba ag Donie a bhí an cic amach ab fhaide in Éirinn agus i gceann de na cluichí ansiúd chuir sé an liathróid thar an trasnán as ceann acu.

Cé nach ndearnadh spórt Oilimpeach den Rugbaí Seachtar an Taobh go dtáinig na cluichí seo caite i Rio de Janeiro, bhí sé á imirt i Melrose na hAlban 150 bliain ó shin. Is ar an mbaile beag sin, atá i ngar don teorainn le Sasana, a rugadh na himreoirí cáiliúla Stuart Hogg, Craig Chalmers agus Jim Telfer. Tá ainm na háite ceangailte leis na Coirn a bhronntar ar bhuaiteoirí Chraobh an Domhain – fir agus mná.

Ar ghnáthpháirc rugbaí a imrítear na cluichí seachtair (100m ar fhaid agus 70m ar leithead). Tá cúigear ionadaithe ceadaithe agus iad isteach agus amach sa gcluiche go rialta. Seacht nóiméad an taobh atá sa dá leath agus sos dhá nóiméad ag leathama. An córas scórála céanna a bhíonn i gceist ach gur le preabchic a thugtar faoin úd a shlánú – ar mhaithe le luas a chur faoi chúrsaí.

Triúr a bhíonn sa gclibirt agus ní ceadmhach don imirt críochnú ar comhscór – bíonn an bua ag an dream is túisce a scórálann in am breise.

Ón méid sin ar fad, bheadh an ceart agat a cheapadh gur cluiche thar a bheith sciobtha é, ceann a oireann níos mó don chineál imreora a dhéanfadh cúlaí nó cúltosaí cliatháin sa gcluiche 15 an taobh.

Foireann na hÉireann ag dul chun páirce i Monacó. Pictiúr: INPHO/Manuel Blondeau

Creidiúint mhór don IRFU agus do na himreoirí a rinne an gaisce i Monacó an tseachtain seo caite na Cluichí Oilimpeacha a bheith bainte amach acu. In Éirinn, níor socraíodh tabhairt faoin leagan seo den rugbaí go dtí 2015. An uair sin féin socraíodh gur tuarastal mar a bhíonn in acadaimh na gcúigí a bheadh le fáil ag na himreoirí – €18,000 in aghaidh na bliana móide tuairim is €5,000 as imirt i gcomórtais idirnáisiúnta. Mórán an scéal céanna atá fíor i measc náisiúin an rugbaí ar fud an domhain, ach go mbíonn deis ag corrdhuine i bhfad níos mó ná sin a shaothrú i Sasana.

D’imir formhór imreoirí na hÉireann don tír ar fhoirne faoi aois 15 an taobh, Bhí a mbunáite in acadaimh na gcúigí ag tráth éicint – an captaen Billy Dardis (Coláiste Thír an Iúir) ar phainéal sinsir Laighean cúpla bliain ó shin, tá Jack Kelly (Coláiste na Tríonóide) agus Ian Fitzpatrick (Lansdún) in acadamh an chúige sin faoi láthair.

Is as an Tulach Mhór do Jordan Conroy (Buccaneers), an té is mó a bhfuil úid scóráilte aige. Tá seisean in acadamh Chonnacht, mar atá Adam Leavy (Lansdún), deartháir leis an imreoir 15 an taobh, Dan Leavy. Go deimhin fuair Fionn Carr, a d’imir os cionn 200 cluiche sinsir do Chonnachta, áit ar an bhfoireann Seachtar tar éis dó slán a fhágáil ag an mBóthar Beag in 2016, ach tá sé éirithe as anois.

Mar is iondúil sa spórt ní hé Leavy an t-aon duine ar bhain duine dá shliocht cáil amach sa gcluiche a chleachtann sé féin. Is mac é Terry Kennedy (Naomh Muire) le fear den ainm céanna a d’imir 13 uair d’Éirinn sna 1970idí agus sna 80idí agus bhí athair Gavin Mullin (Brendan) ar dhuine de na cúlaithe ba sciliúla a chaith an geansaí glas ariamh.

Fág freagra ar 'Cúig seachtaine ón lá amárach beidh gaiscígh Seachtar an Taobh na hÉireann ag dul chun páirce'