Cúig mholadh dóibh siúd a bhíonn ag scríobh sa teas

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: agus tuilleadh den dea-aimsir geallta, tá comhairle ag ár gcolúnaí do scríbhneoirí arbh fhearr leo a bheith taobh amuigh ná ina suí ag deasc

Cúig mholadh dóibh siúd a bhíonn ag scríobh sa teas

Ní hamháin go bhfuil an triomach leanúnach go dona don ghairdín, tá sé go dona don scríbhneoireacht leis. An mbíonn fonn ar éinne a bheith ag stánadh ar scáileán ríomhaire nuair a bhíonn aimsir mar seo againn? Agus tuilleadh teasa geallta, seo cúig mholadh do scríbhneoirí a bheadh céasta ag an dea-aimsir gan deireadh seo.

  1. Déan do chuid scríbhneoireachta taobh amuigh

D’fhéadfá do dheasc ar fad a chur taobh amuigh, mar a dhéanadh cuid againn sa nuachtán Foinse tráth dá raibh dá mbíodh an ghrian ag scoilteadh eibhear na Ceathrún Rua. Seans go mbeidh sé deacair an scáileán a fheiceáil – ach cuimhnigh gur féidir scríobh le peann agus páipéar chomh maith.

  1. Sealanna oibre scoilte

Cuireann teas ard isteach ar fheidhmiú na hintinne, agus dá bharr sin, ar an scríbhneoireacht. Nuair a bhíodh cónaí orm sa Bhrasaíl, áit a mbíonn an teocht ard ó cheann ceann na bliana, d’éirínn go luath, dhéanainn seal oibre ar maidin, thógainn sos fada sa tráthnóna agus dhéanainn seal oibre eile nuair a bheadh an teas tar éis maolú.

  1. Gabh amach ag siúl

Cuimhnigh nach ar pháipéar nó méarchlár amháin a dhéantar an scríbhneoireacht, ach gur san intinn a dhéantar an chuid is mó di. Téigh amach agus déan do mhachnamh faoin radharc nó faoin abairt úd atá ag tabhairt trioblóide duit agus tú amuigh ar shiúlóid (cabhróidh an siúl féin leis an machnamh freisin.) Ach tabhair leat leabhar nótaí!

  1. Déan taighde nó téigh ar thóir inspioráide

Bain úsáid as an dea-aimsir chun cuairt a thabhairt ar láithreacha a d’fhéadfá a úsáid i do chuid scríbhneoireachta amach anseo, nó bí ag faire ar dhaoine atá ag dul an bealach. Cá bhfios nach bhfeicfidh tú tréith fhisiciúil nó phearsantachta éigin a dhéanfaidh cúis do charachtar ficseanúil, agus má bhíonn an t-ádh leat, tarlóidh eachtra a spreagfaidh scéal nó dán. Arís, tabhair leat leabhar nótaí!

  1. Géill agus glac sos

Uaireanta is fearr géilleadh ná treabhadh leat i gcoinne do thola. Ghlac mé féin cúpla lá saoire an tseachtain seo caite agus thug aghaidh ar pháirc náisiúnta i bhfad ó mo dheasc, agus níor thug mé cead d’aon charachtair fhicseanúla teacht in éindí liom. Is é sin le rá, éinne de mo chuid carachtar ficseanúil féin. Bhí leabhar nó dhó liom – is í an léitheoireacht leathchúpla na scríbhneoireachta, agus deis mhaith a bhíonn in achar fada dea-aimsire chun tabhairt faoin gcarn leabhar úd atá le léamh go fóill!

Fág freagra ar 'Cúig mholadh dóibh siúd a bhíonn ag scríobh sa teas'