Cúig lorg a d’fhág an phaindéim orm mar scríbhneoir

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: moill, fearg, easpa codlata, easpa inspioráide agus an Covid-19 lofa féin – cúig ní a chuir as dár gcolúnaí le bliain anuas

Cúig lorg a d’fhág an phaindéim orm mar scríbhneoir

Breis agus bliain atá an coróinvíreas linn anois. Shocraigh mé liosta a dhéanamh de na bealaí ar fad a ndeachaigh an phaindéim i bhfeidhm ormsa mar scríbhneoir. Ráiteas séanta: liosta pearsanta é seo agus cinnte, is maith a thuigim go bhfuil tionchar ag an bpaindéim ar an uile dhuine agus ní ar scríbhneoirí amháin. Ach is colún faoi chúrsaí scríbhneoireachta é seo.

1. Cuireadh moill ar an togra a bhí idir lámha agam

An tionchar a bhí ag an gcoróinvíreas ar shaol duine eile ba chúis leis an tionchar is tromchúisí a bhí ag an bhfrídín lofa sin ormsa mar scríbhneoir. Trí seachtaine sular fógraíodh an phaindéim, sheol mé dréacht d’úrscéal chuig mo ghníomhaire litríochta. Chuaigh bliain thart nach mór agus níor chuala mé uaithi. Díreach roimh an Nollaig fuair mé nóta leithscéalach uaithi. Ní raibh an dréacht léite aici fós; ní raibh sé éasca a bheith ag obair sa bhaile i dteannta cailín sé bliana d’aois, a mhínigh sí.

2. Cuireadh isteach ar mo láthair oibre

Is maith a thuig mé di, ar ndóigh. Cuireadh isteach ar mo láthair oibre féin freisin. Dlúthchara a bhí díomhaoin de bharr an choróinvíris agus a chaitheadh leath an lae i m’árasán, déagóirí glórmhara a chaitheadh an tráthnóna ar fad ag crochadh thart faoi m’fhuinneog toisc go raibh na scoileanna dúnta, agus comharsana a d’iompaigh árasán ina bheár toisc go raibh na fíorbheáranna dúnta a tháinig idir mé agus mo chuid scríbhneoireachta.

3. Bhí Covid-19 orm féin

Tholg mé féin an coróinvíreas i ndeireadh mhí Bealtaine. Bhí an t-ádh orm; bhí mé sách tinn ach ní raibh orm dul chuig an ospidéal. Ach i mo chás-sa, ba mheasa na hiarmhairtí ná an galar féin: ar feadh tréimhse thrí mhí i lár na bliana, níor éirigh liom níos mó ná uair an chloig amháin oibre a dhéanamh as a chéile.

4. Rinneadh smidiríní de mo mheabhair

An tsíorbhuairt faoin bpaindéim, an straidhn a chuir na srianta dianghlasála ar mo shaol féin agus ar mo chaidrimh le cairde agus comharsana, an easpa codlata, agus cá bhfios an tionchar a bhí ag an mbabhta Covid-19 sin ar m’intinn: faighim an-deacair é m’aird a choinneáil ar mo chuid scríbhneoireachta. Glacann colún a thógadh dhá uair an chloig orm bliain ó shin trí uair an chloig orm anois, glacann an eagarthóireacht ar radharc úrscéil coicís in ionad seachtaine, agus uaireanta tagann imní orm faoi chaighdeán mo chuid oibre.

5. Níor scríobh mé saothar cruthaitheach úr ar bith ó shin

Ag treabhadh liom le togra a bhí idir lámha agam cheana féin a chaith mé bliain na paindéime, ag cur bailchríche ar an úrscéal sin ar chuir mé dréacht de chuig an ngníomhaire litríochta úd. Idir easpa inspioráide agus easpa fuinnimh, níor scríobh mé oiread agus gearrscéilín le breis agus bliain anuas.

Ráiteas séanta eile mar fhocal scoir.

Cá bhfuil cúrsaí airgid ar an liosta seo a Alex, a deir sibh. Nach raibh na siopaí leabhar fisiciúla dúnta ar feadh cuid mhór de bhliain? Bhí, agus gach seans go mbeadh an cheist sin ag barr an liosta a dhéanfadh scríbhneoir eile, ach mar a dúirt mé thuas: liosta pearsanta é seo. Ar ámharaí an tsaoil, ní raibh mé féin as póca de bharr na paindéime. Tharla nach raibh leabhar nua amuigh agam le trí bliana anuas agus ní bhíonn ar mo chumas páirt a ghlacadh in imeachtaí liteartha fisiciúla rómhinic pé scéal é toisc cónaí a bheith orm thar lear.

Fág freagra ar 'Cúig lorg a d’fhág an phaindéim orm mar scríbhneoir'