Cúig ionad tástála siúil isteach le hoscailt amárach

Beidh ceithre cinn de na cúig ionad i mBaile Átha Cliath agus beidh an ceann eile sa Tulach Mhór i gcontae Uíbh Fhailí

Cúig ionad tástála siúil isteach le hoscailt amárach

Tá ionaid tástála siúil isteach le hoscailt amárach i gcodanna den tír ina bhfuil líon ard cásanna den choróinvíreas.

Beidh ceithre cinn de na hionaid i mBaile Átha Cliath agus beidh an ceann eile sa Tulach Mhór i gcontae Uíbh Fhailí.

Beidh trí cinn ar an taobh ó thuaidh den phríomhchathair agus ceann san iardheisceart – Staid Thamhlachta, Staid an Bhaile Ghaelaigh, Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir agus san Ionad Cúram Príomhúil i nGráinseach Ghormáin.

Ní bheidh aon chostas ar an tástáil ná aon chall do dhochtúir coinne a dhéanamh do dhuine ach féadfaidh duine siúl isteach as a gconlán féin má bhíonn imní orthu faoin aicíd agus iad ina gcónaí i bhfoisceacht 5 chimiméadar den ionad.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil níos mó cásanna ann anois a bhaineann leis an obair agus le daoine a bheith ag cruinniú le chéile faoin aer agus faoi dhíon.

“Is chuige sin atá muid ag díriú ar an víreas a aimsiú san áit a bhfuil a fhios againn é a bheith. Sin an chúis go mbeidh tástáil PCR le fáil in ionaid siúil isteach in áiteanna sa tír ina bhfuil an víreas rábach.

“Chomh maith leis sin táimid ag neartú na slándála i gcoinne an víris ag an teorainn le cineálacha nua den choróinvíreas a choinneáil uainn. Sin is bun leis an gcoraintín in óstáin. Agus an tríú cúram atá orainn dlús a chur faoin gclár vacsaínithe.”

Bhí sé i bplean an Rialtais agus an HSE go bhfaigheadh 250,000 duine sa tseachtain an vacsaín ó thús an Aibreáin ach cé go raibh an acmhainn ann chuige sin dúirt an tAire go mbraithfeadh sin ar an soláthar vacsaíní a bheith ar fáil. “Is fúinne an acmhainn a bheith againn ach táimid ag brath ar na comhlachtaí cógaisíochta an soláthar a sheachadadh,” a dúirt an tAire.

Fág freagra ar 'Cúig ionad tástála siúil isteach le hoscailt amárach'