Imreoidh Josh Van der Flier agus Stuart McCloskey d’fhoireann rugbaí na hÉireann den chéad uair in aghaidh Shasana Dé Sathairn agus an fhoireann ainmnithe ag Joe Schmidt tráthnóna.
Tá áit i lár na páirce bainte amach ag an Ultach Stuart McCloskey in áit Jared Payne agus tiocfaidh Josh Van der Flier isteach mar chúltosaí in áit Seán O’Brien. Tá taispeántais den scoth tugtha ag an mbeirt nua dá gcúigí i mbliana agus tá luach a saothair á fháil acu anois.
Ghortaigh O’Brien teannán a ioscaide sa chluiche in aghaidh na Fraince coicís ó shin agus ní fheicfear arís é ar pháirc na himeartha don chuid eile de Chomórtais na Sé Náisiún. Is gortú den chineál céanna atá ag cur as do Payne freisin, ach níl sé chomh dona céanna le gortú O’Brien agus meastar nach mbeidh Payne ar an taobhlíne ar feadh i bhfad.
Tá trí athrú eile déanta ag Schmidt don chluiche agus Keith Earls, Donncha Ryan agus Mike Ross uile ag teacht isteach. Gortaíodh Dave Kearney agus Mike McCarthy sa chluiche in aghaidh na Fraince, agus tugann sé sin deis do Earls agus Ryan áit a fháil ar an bhfoireann arís. I bhfianaise na bhfadhbanna a bhí ag Éirinn sa chlibirt go dtí seo sa chomórtas, beidh Schmidt buíoch go bhfuil Ross ar fáil arís.
Tá Cian Healy ar ais i measc na n-ionadaithe chomh maith agus tugann gortú McCarthy deis d’imreoir Chonnacht, Ultan Dillane, a chéad chluiche a imirt ar son na hÉireann agus é ainmnithe i measc na n-ionadaithe freisin.
D’ainmnigh bainisteoir Shasana, Eddie Jones, a fhoireann inné agus tá dhá athrú déanta aige ar an bhfoireann a bhuaigh in aghaidh na hIodáile sa dara babhta. Fear eile a ghortaigh teannán a ioscaide ná Joe Launchbury agus tiocfaidh an cúltosaí Maro Itoje isteach ina áit agus é ag imirt a chéad chluiche do Shasana. Tá athrú amháin eile déanta i measc na dtosaithe agus Joe Marler ag teacht isteach in áit Mako Vunipola.
Foireann na hÉireann
15. Rob Kearney
14. Andrew Trimble
13. Robbie Henshaw
12. Stuart McCloskey
11. Keith Earls
10. Johnny Sexton
9. Conor Murray
1. Jack McGrath
2. Rory Best
3. Mike Ross
4. Donnacha Ryan
5. Devin Toner
6. CJ Stander
7. Josh van der Flier
8. Jamie Heaslip
Ionadaithe
16. Richard Strauss
17. Cian Healy
18. Nathan White
19. Ultane Dillane
20. Rhys Ruddock
21. Eoin Reddan
22. Ian Madigan
23. Simon Zebo
Fág freagra ar 'Cúig athrú déanta ag Joe Schmidt don chluiche in aghaidh Shasana'