Cuardach de réir topaicí curtha ar fáil ar Dúchas.ie

Seolfar Bailiúchán na Scol go hoifigiúil ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta inniu. Tá úsáideoirí an tsuímh anois in ann an bailiúchán béaloidis a chuardach de réir na scórtha topaicí

Cuardach de réir topaicí curtha ar fáil ar Dúchas.ie

Tá cuardach de réir topaicí anois ar fáil ar an suíomh béaloidis dúchas.ie. Is féidir an bailiúchán a chuardach anois faoi sheacht mór-réimse agus na scórtha foréimsí.

Áirítear i measc na réimsí sin tréimhsí staire, séadchomharthaí, leigheas, gníomhaíochtaí sóisialta, cumainn rúnda, neacha osnádúrtha, seanchas ainmhithe, mallachtaí agus seanchas aimsire.

Bhain foireann dúchas.ie leas as dhá fhoinse, Clár Ábhar Bailiúchán na Scol agus MoTIF (Pilot Thesaurus of Irish Folklore), chun an áis bhrabhsála nua seo a chur ar fáil d’úsáideoirí an tsuímh.

Chruthaigh Coimisiún Béaloideasa Éireann an Clár Ábhar mar áis do thaighdeoirí agus é bunaithe ar an 55 ábhar aiste a luadh sa treoirleabhar do na múinteoirí a ghlac páirt sa scéim.

Taobh le gnáthábhar na n-aistí, nótáil foireann an Choimisiúin roinnt topaicí eile – eolas faoi imeachtaí staire ar nós Éirí Amach 1798, nósanna agus cleachtais thraidisiúnta, agus mórán eile – i saothar na ndaltaí. Sa deireadh, bhí tuairim is 1,700 topaic tiomsaithe i measc ábhar Bhailiúchán na Scol ar fad.

Dúirt dúchas.ie gur “obair idir lámha” atá i gceist leis an gcuardach nua seo agus go bhfuil na sonraí “á seiceáil go leanúnach”.

“Feabhsófar an áis de réir a chéile trí bhreis topaicí a cheangal le scéalta áirithe agus trí bhriseadh síos níos mine a dhéanamh ar chuid de na topaicí a bhfuil an-chuid scéalta ceangailte leo.

“Ceanglaíodh topaicí le scéalta bunaithe ar uimhir an leathanaigh atá luaite leo i gClár Ábhar Bhailiúchán na Scol. Mar gheall air sin, tharla sé sách minic gur luadh topaic áirithe le scéal áirithe go mícheart toisc leathanach a bheith á roinnt aige le scéal eile ina bhfuil an topaic sin le fáil,” a dúradh i ráiteas faoin uasdátú.

Fágann an t-uasdátú seo gur féidir le húsáideoirí dúchas.ie an suíomh a chuardach trí cheithre bhealach éagsúla: de réir ‘daoine’, ‘topaicí’, ‘áiteanna’, agus trí chuardach a dhéanamh ar fhocail sa téacs a thras-scríobh Meitheal Dúchas.ie.

Is furasta aistriú ó chatagóir go catagóir san inneall cuardaigh ach na cluaisíní ar bharr an leathanaigh a chliceáil. Taispeántar ainm na scoile, ainm an mhúinteora ranga agus an áit a bhfuil an scoil faoin gcéad chluaisín; teideal an scéil, ainm agus gairm bheatha an bhailitheora agus an scéalaí agus an chéad líne den scéal faoin dara cluaisín; agus téacs iomlán an scéil, más ann dó, faoin gcluaisín deiridh.

Idir an dá linn, seolfar Bailiúchán na Scol ina iomláine agus Meitheal Logainm.ie go hoifigiúil ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta inniu ag 13.00 ag seastán Roinn na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Cuardach de réir topaicí curtha ar fáil ar Dúchas.ie'

  • Lillis Ó Laoire

    Comhghairdeas le Dóchas. Obair na gCapall déanta. Éacht!