Cruth maith ar na cúigí agus iad ag tabhairt faoi Chorn na gCuradh

Is deacair teacht ar aon fhoireann sa Pro 14 atá in ann do Chúige Laighean, Cúige Mumhan ná Cúige Uladh ach tá dúshlán níos mó rompu go léir an deireadh seachtaine seo

Cruth maith ar na cúigí agus iad ag tabhairt faoi Chorn na gCuradh

Conor Murray. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Níl aon dabht ann ach go bhfuil gaisce iontach déanta ag clubanna gairmiúla na tíre seo sa bPro 14. Tá na ceithre chúige sa gcéad dá áit ar bharr Ghrúpaí A agus B den chomórtas sin. Go deimhin is deacair teacht ar aon fhoireann sa gcomórtas atá in ann cluiche iomaíoch a thabhairt do Chúige Laighean, Cúige Mumhan ná Cúige Uladh. Ach sin agat an Pro 14, comórtas atá ag tarraingt neart cainte maidir lena easpa fiúntais agus go leor den tuairim go bhfuil géarghá le foirne na hAfraice Theas a bheith páirteach ann chun é a shlánú.

Ní hionann an cás maidir le Corn na gCuradh, comórtas sinsearach an limistéir seo, comórtas atá ina thús arís an deireadh seachtaine seo. Seans go dtabharfaidh an imirt sa gcomórtas seo léargas cruinn dúinn ar chaighdeán imeartha na gcúigí.

Is iad na hUltaigh is túisce a bheas ag dul chun catha agus iad sa mbaile i gcoinne Toulouse, ceann de mhóruaisle rugbaí na hEorpa, foireann a bhuaigh an comórtas ceithre bhabhta roimhe seo agus atá sa dara háit ar thábla Top 14 na Fraince. Fiú le buntáiste an bhaile, is cinnte go mbeidh dúshlán ollmhór roimh na hUltaigh anocht agus gan fáil acu ar Ian Henderson, captaen na foirne atá gortaithe ó d’imir Éire i gcoinne na hAlban seachtain ó shin. Is deacair toradh a thuar i gcoimhlint a bheas fíochmhar agus thar a bheith iomaíoch. Beidh na hUltaigh ag súil go mbeidh buntáiste éicint acu as a bheith ag imirt sa mbaile buntáiste eicínt.

Cuirfidh Cúige Laighean chun páirce amárach i ndeisceart na Fraince agus iad i gcoinne Montpellier. Cé go bhfuil siad ag imirt as baile sa bhFrainc, áit nach mbíonn sé éasca ariamh an lámh in uachtar a fháil ar an bhfoireann baile, is iad foireann Átha Cliath rogha na coitiantachta don choimhlint seo. Seans go bhfuil baint ag seasamh fhoireann na Fraince san aonú háit déag ar thábla an Top 14 leis sin. Ní dóigh gur leor trí bhua as ocht n-iarracht mar réiteach le tabhairt faoi Chúige Laighean, iarchuraidh an chomórtais seo, ceithre huaire.

Ar an Domhnach beidh na Connachtaigh i bPáras agus iad ag tabhairt faoi Racing 92, foireann atá cleachta ar imirt i gcraobh an chomórtais seo cé nár éirigh leo greim a fháil ar an gcorn fós. Seans maith mar sin féin go mbeidh na Francaigh róláidir d’fhoireann na Gaillimhe fiú agus iadsan ag déanamh tréan-iarrachta. Ábhar iontais a bheas ann cinnte má thugann foireann Andy Friend an lá leo.

Sa mbaile i Luimneach a bheas Cúige Mumhan ar an Domhnach agus iad ag cur fáilte roimh Harlequins Londan. Is deacair i gcónaí bua a thuar d’aon chuairteoir chuig fód naofa Thuamhan agus is amhlaidh atá arís an babhta seo. Tá na Quins sa séú háit ar thábla an Premiership faoi láthair agus tá Cúige Mumhan aar bharr Ghrúpa B an Pro 14 agus gan fiú agus cluiche amháin féin caillte acu as seacht gcinn. Ní dóigh go dtarlóidh sé sin an Domhnach seo agus ná cuir bua le pointe bónais as an áireamh ach oiread.

Fág freagra ar 'Cruth maith ar na cúigí agus iad ag tabhairt faoi Chorn na gCuradh'